Scéal foilsitheoireachta, teaghlaigh agus grá

Ní hamháin gur taisce eolais é 'Sáirséal agus Dill -1947 -1981', ach tá sciar maith mór de shaol na Gaeilge is na hÉireann lenár linn ann leis, a deir Alan Titley

Sean&BridOhEigeartaigh
Seán agus Bríghid Ó hÉigeartaigh

SÁIRSÉAL AGUS DILL: 1947-1981. Scéal Foilsitheora.

Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.

Cló Iar-Chonnacht

Ceann d’fhoilsitheoirí móra na Gaeilge iad Sáirséal agus Dill. Duine ar bith a bhfuil aois áirithe aige, beidh scata de na leabhair a thug siad dúinn ina ghlac aige; iad snasta, solasmhar, slachtmhar, ealaíonta ar chaighdeán chomh hard is a gheofá de shiúl laethanta an domhain. Bhí boladh na húire orthu, agus loinnir na beatha. Ní féidir fós a láimhseáil gan an dinglis phléisiúir sin ag dul tríot go bhfuil earra speisialta á mhuirniú agat.

Cé gur chás riamh leo an t-earra féin, ba mhó ba chás leo an t-ábhar. B’iad a d’fhoilsigh Cré na Cille agus leabhair eile an Chadhnaigh go bhfuair sé bás, fara Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi agus Diarmaid Ó Súilleabháin agus Liam Ó Flaitheartaigh agus nach mór gach leabhar litríochta agus staire Gaeilge arbh fhiú faic é ar feadh an tríocha bliain ba thúisce dá réim.

Bíodh go bhfuil ‘Scéal Foilsitheora’ mar fhotheideal leis an leabhar, is scéal teaghlaigh agus grá é chomh maith céanna. Mac agus iníon le bunaitheoirí an chomhlachta is ea na húdair, agus dá réir sin bheifeá ag súil go mbeadh bheith istigh speisialta acu in imeachtaí an scéil. Agus tá. Mura ndéanfadh an léitheoir leisciúil faic eile seachas méarnáil trí na pictiúir agus trí na léaráidí atá mar mhaise ar an leabhar agus mar dhlúthchuid de, gheobhadh sé éachtaint ar theaghlach tiomanta agus léargas ar na leabhair iomaí den scoth a chuir siad amach.

Don té nach bhfuil tuairim dá laghad aige cad ’tá i gceist le hábhar an leabhair seo, is cuntas é ar bheirt mhisniúil a bhunaigh comhlacht foilsitheoireachta sa bhliain 1947 nuair a ceapadh go raibh an fuinneamh tráite as an nGúm agus go raibh gátar le dream nua a chuirfeadh comáint faoi litríocht na Gaeilge. B’iad Seán Ó hÉigeartaigh, státseirbhiseach dílis, agus a bhean chéile, Bríghid Ní Mhaoileoin, an bheirt mhisniúil seo. Gaiscígh de chuid na hÉireann iad beirt.

Is cuma nó smut de stair na tíre, agus go háirithe de stair na Gaeilge, é an leabhar seo. Is ann a ríomhtar na deacrachtaí móra timpeall ar chomhlacht nua a bhunú; doicheall na siopaí, aineolas na leabharlannaithe, maorlathas na ranna rialtais, cancaracht na scríbhneoirí (cuid acu, agus abair go raibh cuid acu cancarach!), fadhbanna le clódóirí, aoibhneas as an rud a n-éiríonn leis, buíochas na léitheoirí, deacrachtaí díolacháin, amhras an phobail, iontas an fheabhais. Ba dhóigh leat go mbeadh sé níos fusa stáisiún teilifíse a bhunú anois, ná comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge an t-am sin.

Creideamh sa Ghaeilge agus i dtábhacht litríocht na Gaeilge a chomáin an bheirt acu. Fuair Seán bás gan choinne sa bhliain 1967, agus ba mhor an baol go dteipfeadh ar fad ar an bhfiontar. Ní cuid bheag den insint an tslí ar ghabh Brighid an obair chuici féin leis an díocas céanna agus nár loic ar an aisling a bhí curtha rompu acu beirt.

Bainfidh gach duine a bhfuil suim aige sa léitheoireacht agus i scéal na Gaeilge lenár linn a chandam féin as seo. image

Déarfá gur mór an spórt, seachas gur traigéide chomh maith céanna é, iarrachtaí Sheáin Uí Éigeartaigh tabhairt ar Bhreandán Ó Beacháin scriopt a sholáthar dó maidir lena thréimhse i ngéibheann i Sasana.

Smaoinigh dá mbeadh an Borstal Boy i nGaeilge, mar is é sin a bhí i gceist! Bhí Breandán ar a chamachuaird ar fud na n-oileán Árann agus spiairí sagairt agus eile ag faire air féachaint an raibh aon fhocal á bhreacadh aige beag nó mór. Ní raibh.

Tuairisc bhreá atá againn anseo ar na hiarrachtaí a thuilleadh scríbhneoireachta a fháscadh as Seán Ó Ríordáin, agus ar na deacrachtaí sláinte a bhí á leanúint. D’aithin Seán Ó hÉigeartaigh nuair a bhí breac aige, agus tá an leabhar lomalán de na hiarrachtaí a dhein sé a thuilleadh den scoth a bhreabadh is a mhealladh as daoine nach raibh sé iontu sin a dhéanamh go minic. Ní hé go dtuirseodh na litreacha a scríobh sé tú féin, ach is cinnte gur thuirsigh siad eisean.

Tá mórán anseo, gan amhras, mar gheall ar Mháirtín Ó Cadhain. B’é laoch Sháirséal agus Dill é, a gcrann taca, a lóchrann solais, ach níorbh fhéidir a rá go raibh sé furasta i gcónaí déileáil leis. Ba chuma nó naoimh na hÉireann é Seán agus é ag iarraidh coiscéim a shiúl idir an gníomh agus an ghoilliúnacht. Tá ár n-uaisleacht agus ár mbeagaigne go léir breacaithe go soiléir ar na leathanaigh seo gan cháim agus le peaca.

Don té ar dóigh leis go raibh aois órga litríocht agus cheannach leabhar Gaeilge ann, níor mhiste dó súil a thabhairt ar na sonraí díolacháin atá i lúib na hinste seo. Is ea, díoladh 17,000 de Stair na hEorpa le Seán A. Ó Murchú (is ea, an tOllamh le Stair na hÉireann ina dhiaidh sin in UCC), ach bhí sin ar chúrsaí scoile; agus 44,500 i bhfad na haimsire de Bhullaí Mhártain, a bhí ar chúrsaí teistiméireachta; ach níor díoladh ach go maith faoi bhun an 2,000 de An tSraith ar Lár nuair ba mhó a raibh éileamh ar leabhair Ghaeilge agus an t-údar i mbéal an phobail nuair a foilsíodh é.

Ní hamháin gur taisce eolais é an leabhar seo, mar sin, ach sciar maith mór de shaol na Gaeilge is na hÉireann lenár linn. Tá inléite, insuime agus láneolgaiseach. Cad eile a bheadh uait?

Fág freagra ar 'Scéal foilsitheoireachta, teaghlaigh agus grá'