Scéal díocais agus dóchais a tosaíodh i gConamara
Scéal é seo faoin gcineál duine a theastaíonn uainn in 2025. Beidh saol maith ann agus beidh fadhbanna ann freisin i chuile shraith den saol. Tá leithéid Keelan Ó Dúill ina shampla den chineál duine a theastaigh ariamh, a theastaíonn anois agus a theastaíonn i mbliana. Is fearrde an saol a leithéid a bheith ann.
Rinne Keelan cur síos ar a chuid oibre ar chlár náisiúnta raidió le déanaí. Deich nduine fhichead atá fostaithe aige ina chomhlacht Sea Horse Aquariums. An t-each mara bun agus barr an scéil. Beithíoch beag mara cineál diamhair é an t-each mara. Níl aon mhéid ann; ní bheadh sé tada níos mó ná airde agus leithead do dhá ordóg fáiscthe le chéile. Scéal ait a bheadh ann do chuimse daoine.
Níorbh ea do mo leithéide féin a chuir aithne ar Keelan agus a leathbhádóir eolaíochta, Ken Maher, cosamar 25 bliain ó shin nuair a thángadar go Carna in iarthar Chonamara. San tSaotharlann Mhara atá ag Ollscoil na Gaillimhe i Maínis a chaitheadar ancaire. Bhí sprioc ollmhór eolaíochta amach roimh Keelan: theastaigh uaidh a chruthú go bhféadfaí pórú a dhéanamh ar an each mara i saotharlann. Ní raibh a leithéid déanta ariamh cheana.
Ach téadh muid go bun an údair.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas é Keelan Doyle. Bhí suim aige sa bhfarraige agus san iliomad éisc fiú agus nuair a bhí sé sa mbunscoil. Tá cuimhne aige gur inis sé an fhirinne ghlan amach don mhúinteoir maidin a raibh sé mall ar scoil. “Saolaíodh éisc bheaga sa mbaile ar maidin,” a deir sé. Chuir an múinteoir an oiread sin spéise ina scéal faoin “saotharlann” bheag a bhí aige sa mbaile agus gur mhaith sí a pheacaí dó.
Le himeacht na haimsire, chuaigh Keelan go hOllscoil na hÉireann i nGaillimh agus rinne staidéar ar an eolaíocht agus bhain cáilíocht amach sa mBitheolaíocht Mhara. Is dóigh go bhféadfadh sé a bheith gaibhte le post seasmhach éigin in Éirinn ach bhí dearcadh leathan fadbhreathnaitheach aige. Thug sé a aghaidh ar an Afraic.
Go páirt den Nigéir a chuaigh sé ag obair ar chlár timpeallachta agus cosanta nádúir. Ina chuid taighde, fuair sé amach go raibh an t-each mara fós beo agus bríomhar sa gcuid sin den Afraic. Chuir sé lena chuid eolais ar bheithíoch diamhair seo na farraige. Ach, ar chúinsí pearsanta, ba ar éigean a thug sé na cosa leis ón mbás.
Bhuail tinneas é a chuaigh in ainseal. Bhí an t-ádh dearg air gur tháinig duine a raibh roinnt tuisceana aige ar an ngarchabhair an bealach agus thuig sé an cás. Aipindic a bhí pléasctha agus bhí nimh curtha trína chuid fola agus a cholainn. Cuireadh an ola dheireanach air ach tháinig sé as, cé nach raibh scioltar fanta air agus é chomh héadrom le sop de bharr an tinnis.
Ach ar fhill sé ar Éirinn tanaí agus traochta théis an tinnis lig Keelan a scíth, ach be ghearr é. Go hOileáin Galápagos leis anois agus é ag déanamh tuilleadh staidéir ar an each mara. Ar a theacht abhaile dó bhí sé leagtha amach aige go ndéanfadh sé tréan-iarracht le pórú a dhéanamh ar an each mara i saotharlann. Go Carna i gConamara a chuaigh sé agus fuair bunáit sa tSaotharlann Taighde Mara atá ag ollscoil na hÉireann ansin.
I mbeagán focal, d’éirigh leis – an chéad duine ariamh ar éirigh leis pórú a dhéanamh ar chapaillín na mara.
Bhí go leor streachlála agus spídiúlacht tugtha ag Keelan air féin – ba dheacair airgead a choinneáil leis an taighde nuair a tharla sé de léim go raibh sé ina phearsa náisiúnta. Bhuaigh sé an gradam náisiúnta ‘Fiontraí na Bliana’ in 2004 as a chuid gníomhaíochta leis an each mara. Chruinnigh na stáisiúin teilifíse agus an Preas air. Tháinig infheisteoirí chomh fada leis.
“Ní raibh cúlra gnó ar bith agam,” a deir Keelan “ach théis roinnt cur agus cúitimh chuaigh mé le hinfheisteoir amháin acu. Bhí sé togha ach cén diabhal a tharlódh ach gur fágadh briste é nuair a thosaigh an lag trá eacnamaíochta in 2007/2008. Fágadh mise briste leis!”
D’fhill Keelan ar Bhaile Átha Cliath. Admhaíonn sé nárbh fhiú trácht ar a raibh aige d’airgead. D’éirigh leis seomra amháin a fháil ar cíos i mbloc foirgneamh. Chodail sé ansin, d’ith sé ansin agus d’fhéach sé le coinneáil leis an obair ar an gcapaillín draíochtúil. Admhaíonn sé go bhfaca sé laethanta crua; ba dheacair an misneach a choinneáil.
Ach de réir a chéile, tháinig sé go barr uisce aríst. Bhunaigh sé comhlacht agus tháinig borradh faoin obair. Deich nduine fhichead atá ag obair anois in Sea Horse Ireland. Tá gnó acu i bhfad agus i ngearr. Tá idir thancanna beaga baile, tancanna in aerfoirt, tancanna i gcomhlachtaí agus tancanna beaga tí á gcur ar fáil acu. Ar ndóigh, caitear cóir a choinneáil ar na tancanna agus tú buíon ar bóthar ag Keelan ag plé leis an dualgas sin. Ach tá an scéal faoin gcaoi a gcuireann sé uisce sáile ar fáil le cur sna tancanna, ar cheann de bhuaicphointí na hoibre.
“Faigheann muid uisce as an Atlantach ar chósta thiar na hÉireann,” a deir Keelan Doyle. “Áit ar leith atá i gceist ina bhfuil sé cruthaithe againn go bhfuil glaineacht, cothabháil agus mianraí ann.” Tugann an sáile seo beathú agus follántas don each mara, agus é go suaimhneach ag caitheamh an tsaoil sa tanc.
Ach tá tuilleadh ar na bacáin. Ba mhaith le lucht ceannais na hAraibe Sádaí réimse farraige a bheadh ar cóimhéid leis an mBeilg a shlánú ó chuile dhochar agus chuile bhréantas. Tádar ag iarraidh lámh chúnta ó Kheelan Doyle.
Tá laethanta an ghanntain thart agus ní chuimhníonn Keelan mórán ar na laethanta sin anois.
Is fearrde an saol a leithéid a bheith ann in 2025.
Fág freagra ar 'Scéal dóchais ó Chonamara faoin gcineál duine a theastaíonn uainn in 2025'