Scannán mór-eachtraíochta a thugann éachtaint ar Alamo na Síne

Tá Foréigean chogadh na Síne agus an Seapáine léirithe go gléineach sa scannán cumasach seo a bhfuil rian den bhuaileam sciath air

Scannán mór-eachtraíochta a thugann éachtaint ar Alamo na Síne

The Eight Hundred
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Hu Guan
Cliar: Zhi-zhong Huang, Zhang Junyi, Hao Ou, Wu Jiang, Yi Zhang

Thosnaíos ag cúbadh chugam féin ag tosach an scannáin Shínigh seo agus an scríbhneoireacht ar scáileán lán le buaileam sciath, tírghrá agus laochadhradh. Bhíos in amhras ná beadh sa scéal, atá bunaithe ar eachtraí a tharla i 1937 i rith an dara cogadh idir an tSín agus an tSeapáin, ach saothar bolscaireachta.

Ní mar a shíleas a bhí. Cé go bhfuil na tréithe sin le sonrú i gcaitheamh an scannáin (agus arís sa scríbhneoireacht ar scáileán ag ceann scríbe) déantar iarracht fhónta léargas a thabhairt ar an gcogaíocht in Shanghai i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin agus na Seapánaigh ar tí cathair Shanghai a ghabháil.

Ordaíodh do bhuíon saighdiúirí an fód a sheasamh i dTrádstóras Sihang le deis a thabhairt do na saighdiúirí eile teitheadh agus a léiriú don Seapánach nach aon dóithín an Síneach agus le hardú meanma a thabhairt do mhuintir na tíre. Leagan na Síne d’Alamo na bPoncánach agus Dunkirk na Sasanach atá againn mar sin.

An ghné is suntasaí  den scannán seo, agus an ghné is mó a dhealaíonn ón ngnáthscannán aicsin is cogaíochta é, go raibh an trádstóras seo suite díreach trasna na habhann ó lonnaíochtaí idirnáisiúnta.

Ceantair ab iad seo a bhí i seilbh na Sasanach, na bPoncánach agus na bhFrancach. Toisc nach raibh na tíortha sin in adharca na Seapánach (go fóill ar aon nós) bhíodar beag beann ar an gcogaíocht. Bhí leisce ar an tSeapáin an trádstóras a bhuamáil fiú ar eagla go ndéanfaí damáiste do na lonnaíochtaí agus go dtarraingeofaí raic idirnáisiúnta.

Is ait an feic é cathair scriosta Shanghai agus í taobh le soilse gléineacha na lonnaíochtaí. Tithe cearrbhachais lán go doras, brocairí te á ndíol ar thaobh na sráide agus seónna stáitse ag leanúint leor mar ba ghnáth. Níos déanaí sa scannán tosaítear ag díol gloiní le gur féidir le daoine lán a gcuid súl a bhaint as an aicsean trasna na habhann mar aon le geallta a chur. Tá saighdiúirí sceimhlithe an Trádstórais ag féachaint air seo uile le hiontas agus le dúil. Ní nach ionadh tugann cuid acu fén abhainn a thrasnú.


 

Déanann na saighdiúirí an fód a sheasamh ar feadh ceithre lá. Déantar léiriú ar mheatacháin agus ar laochra agus daoine a athraíonn ó cheann go ceann eile. Cuirtear abhaile orainn gur dream tuaithe iad cuid mhaith de na saighdiúirí Síneacha neamhoilte seo agus gur mó a dtaithí ar an bpíce ná ar an ngunna. Léiriú aontoiseach go maith a fhaightear ar an Seapánach; an trodaí oilte neamhthrócaireach atá leath as a mheabhair. Lena cheart a thabhairt don scannán léirítear cruas agus neamhthrócaire na Síneach ar uairibh chomh maith. Tosaíonn an buaileam sciath agus an tírghrá ag brúchtaíl aníos anois is arís chomh maith.

Déantar na míreanna comhraic a léiriú go paiteanta. Fiántas, foréigean agus sceimhle na cogaíochta á léiriú go gléineach agus ar shlí a mheabhródh Saving Private Ryan (1998) duit.

Déantar fíricí, carachtair agus míreanna aicsin a raideadh chugainn ar dalladh. Ba mhinic mearbhall orm agus mé ag iarraidh coimeád le cúrsaí i gcaitheamh 147 nóiméad den scannán. Ní dhéantar aon chíoradh le dealramh ar aon charachtar.

Scannán cogaíochta a léiríonn an foréigean le linn cogadh eisceachtúil go cumasach agus le rian den bhuaileam sciath.

Fág freagra ar 'Scannán mór-eachtraíochta a thugann éachtaint ar Alamo na Síne'