Saothróidh ceannaire nua an PSNI gach pingin dá thuarastal

Tá George Hamilton ag éirí as mar Phríomh-Chonstábla – ní ribín réidh na dúshláin atá roimh a chomharba

Saothróidh ceannaire nua an PSNI gach pingin dá thuarastal

Thairg An Bord Póilíneachta síneadh trí bliana ar a chonradh do Phríomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton.

Rinne sé a mhachnamh ar an tairiscint, a dúirt Hamilton, ach chinn sé go n-éireodh sé as an bpost ag deireadh an Mheithimh nuair a bheidh a théarma cúig bliana mar cheannaire caite. Ghabh sé buíochas leis an mBord as a muinín ann ach dúirt gurb é seo an t-am scoir cuí dó féin agus don tseirbhís phóilíneachta.

Níor dhúirt sé cén chúis a bhí lena chinneadh. D’fhéadfadh sé a bheith ag iarraidh a dhul ar féarach ach ní fear aosta é – 52 bliain i mbliana.

D’fhéadfadh go bhfuil a shúil aige ar phost in áit chiúin éigin ina mbíonn dea-aimsir. Ach níorbh fhéidir a mhífhoighid leis an éiginnteacht faoin mBreatimeacht a chur as an áireamh mar údar lena chinneadh. Níor cheil sé a fhrustrachas le breis is leathbhliain faoin easpa eolais i dtaca lena mbeadh riachtanach don PSNI i ndiaidh an Bhreatimeachta.

D’inis sé do choistí Parlaiminte, do Stormont agus don phobal nárbh fhéidir leis na póilíní pleanáil cheart a dhéanamh d’uireasa soiléire nó sonraí. Bhí sé deimhin de go mbeadh infreastruchtúr nua ar bith cois teorann contúirteach agus go mbeadh gá le cosaint na bpóilíní d’oibrithe sibhialtacha ansin, dá mba ann dóibh. Ach an oiread le duine dá réamhtheachtaithe mar Phríomh-Chonstábla, Hugh Orde, chreid sé go daingean go mbeadh baol slándála ann ó easaontóirí poblachtánacha. D’éiligh sé buiséad le haghaidh 400 ball foirne sa bhreis agus i mí na Nollag faomhadh £16.5 milliún as ciste teagmhais an Bhreatimeachta. Chuirfeadh an t-airgead sin ar a chumas 300 ball a earcú faoi Aibreán 2020.

Cad a dhéanfaí in Aibreán na bliana seo dá n-imeodh an Bhreatain de thuairt as an Aontas Eorpach, gan mhargadh? D’iarr Hamilton barántas go mbeadh fáil ar chúltaca ón mBreatain Mhór – mórán mar a tugadh póilíní as Sasana agus as Albain anseo nuair a bhí an G8 i bhFear Manach. An sásódh sé sin an riachtanas? Níor léir go raibh a fhios ag éinne.

Níl aon amhras ach go raibh agus go bhfuil imní ar phóilíní sinsearacha. Beidh Hamilton fós in oifig go ceann ráithe tar éis an 29 Márta. Cuirfidh Anne Connolly, Cathaoirleach an Bhoird, tús leis an bpróiseas earcaíochta chun comharba a aimsiú go luath. Tá postanna sinsearacha eile le líonadh freisin mar nach raibh Bord na bPóilíní lánfheidhmiúil ó thit Stormont go dtí an tseachtain seo caite nuair a cuireadh socruithe nua i réim de bharr reacht éigeandála a rith an Státrúnaí Karen Bradley tamall ó shin.

Tá Stephen Martin ag feidhmiú go heatramhach mar leasPhríomh-Chonstábla ó d’imigh Drew Harris go Baile Átha Cliath mar Choimisinéir an Gharda Síochána. Tá beirt bhall eile den ghrúpa is airde céim le ceapadh go buan freisin. Ní léir go fóill an ndéanfar na ceapacháin sin gan mhoill nó an gcuirfear ar an méar fhada iad go dtí go mbeidh lámh sa ghnó ag Príomh-Chonstábla nua.

Dúirt George Hamilton gur léir go mbeadh dúshláin mhóra le sárú sna míonna agus na blianta amach romhainn. Ní raibh lagmhisneach air, a dúirt sé, mar sháraigh na póilíní deacrachtaí ní ba mhó cheana agus níl aon fhadhb nach féidir a fhuascailt má thugann na póilíní, a bpáirtnéirí agus an pobal faoi i gcomhar le chéile.

Bíodh sin fíor nó ná bíodh ní haon ribín réidh an gnó a bheidh le déanamh ag Príomh-Chonstábla nua. Chomh maith le cibé ualach oibre sa bhreis a bheidh ag gabháil leis an mBreatimeacht tá ualach trom oibre le hiompar i dtaca le hoidhreacht na dtrioblóidí. Tá faillí déanta ag polaiteoirí san obair sin agus tá roinnt cásanna á dtabhairt chun cúirte cheal próiseas ar bith eile d’ionchoisní agus cúisimh. Ní mór do na póilíní déileáil leis an bhfianaise do chuid mhór de na cásanna agus is minic moill ar ullmhú na gcáipéisí. Cothaíonn sé sin mímhuinín.

Ina theannta sin tá fadhb ag an PSNI ag earcú Caitliceach. Tá sin fíor freisin faoi mhná agus ionadaithe eitneacha ach is cancar nimhiúil an titim ar líon na n-earcach Caitliceach. Bhí easpa ionadaíochta ar an bpobal Caitliceach ar cheann de na fadhbanna móra leis an RUC a ceartaíodh nuair a bunaíodh an PSNI le hearcaíocht 50/50 do Phrotastúnaigh agus Caitlicigh. Ní raibh Aontachtaithe báúil ariamh le 50/50 agus in 2011 rinne an Státrúnaí Caomhnach, Owen Paterson (ar fearr aithne anois air mar Bhreatimeachtóir diongbháilte) rud orthu agus chuir sé deireadh leis. Mhaígh sé go raibh an coibhneas riachtanach bainte amach – Caitlicigh ab ea 29% de na baill.

Ó shin i leith tá laghdú tagtha ar líon na gCaitliceach atá ag dul sna póilíní. Tá iliomad cúiseanna leis sin, ionsaithe na n-easaontóirí poblachtánacha agus laghdú ar mhuinín na gCaitliceach san áireamh. Chuir Hamilton tús le feachtas chun a dhul i ngleic leis an bhfadhb sin cúpla bliain ó shin ach níor facthas toradh air sin go fóill.

Beidh ar a chomharba é sin a shárú agus cultúr a chothú a bheidh tarraingteach do gach aicme; fir, mná, mionlaigh agus Caitlicigh chomh maith le Protastúnaigh. Dá mbeadh Drew Harris fós san PSNI bheadh sé ar bharr an liosta mar léiroidhre ach caolseans go mbeadh sé ag iarraidh filleadh. Tá buille faoi thuairim ag gach duine faoi cé a chuirfidh isteach ar an bpost gan trácht ar cé a roghnóidh an bord. Nuair a ceapadh George Hamilton in 2014 tuairiscíodh go raibh beirt eile ar an ngearrliosta – Cressida Dick atá ina Coimisinéir ar an Met i Londain anois agus Dermot Byrne a bhí ina leasChoimisinéir ar an nGarda Síochána ag an am agus atá i gceannas ar phóilíní Oileáin Cayman ó 2016.

Tuarastal £203,000 atá ag dul leis an bpost agus saothrófar gach pingin de.

Fág freagra ar 'Saothróidh ceannaire nua an PSNI gach pingin dá thuarastal'