Saothar léanmhar, coscrach a bhainfeadh deoir as cloch ghlas

Ag iarraidh déileáil le tráma agus greim a bhreith ar d’aiféala is ábhar do ‘All of Us Strangers’

Saothar léanmhar, coscrach a bhainfeadh deoir as cloch ghlas

All of Us Strangers
Stiúrthóir: Andrew Haigh
Cliar: Andrew Scott, Paul Mescal, Claire Foy, Jamie Bell

I radharc léanmhar, iontach amháin in All of Us Strangers déanann Adam (Scott) comhrá a shamhlú idir é féin agus a athair faoina ghnéasacht. Adam ag rá gur deineadh bulaíocht fhíochmhar air ar scoil, an t-athair (Bell) ag rá gur chuala sé é ag gol ina sheomra istoíche. ‘Canathaobh nár tháinig tú isteach chugam?’ a fhiafraíonn an mac go coscrach.

Níl de fhreagra ag an athair ach ‘kids are little cunts aren’t they’ agus go mbeadh bulaíocht déanta aige féin air dá mbeadh sé in aon rang leis. Níos fada anonn tagann na deora leis an athair agus admhaíonn sé gur cheart dó a bheith dulta isteach an seomra le sólás a thabhairt dó.

An easpa tuisceana fite fuaite leis an ngrá. An díomá sníofa leis an maoithneachas. Ag iarraidh déileáil le tráma agus greim a bhreith ar d’aiféala. Sin agat téamaí All of Us Strangers ina n-iomláine i gceann de na radharcanna is corraithí sa saothar iontach seo.

Ní oirfidh seo don duine anbhách mar déanann sé cíoradh domhain, macánta, coscrach ar thráma an bháis thragóidigh don duine óg. Ní chuireann sé fiacail ann agus sin é a dhéanann saothar ar leith de. Cadhan aonair é Adam a bhfuil saol aonaránach caite aige go dtí seo. Tá sé ag iarraidh saothar a bhunú ar a óige ach níl sé in ann a smaointe a bhreacadh ar phár. Tá sé sáinnithe i dtráma a óige agus i scioból a shamhlaíochta féin.

Tá sé fós ciaptha ag uafáis a óige, an ghoimh, an briseadh croí agus an díomá nach bhfuil aon sámhnas tagtha orthu in ainneoin imeacht na mblianta.

An fuaimrian ag neartú na mothúchán éagsúil. Ní cuimhin liom go deireanach cén uair gur baineadh úsáid chomh cuí agus chomh cumhachtach as amhrán is a dhéantar le Always on My Mind le The Pet Shop Boys.

Filleann Adam ar theach a óige in Croydon agus tosnaíonn sé ag samhlú comhráití le tuismitheoirí a óige sna hochtóidí (Foy mar an mháthair). Comhráití iad seo nach raibh aige leo lena mbeo. A ghnéasacht agus mar a ghlacfaidís leis mar ábhar comhrá go minic. An easpa tuisceana agus an grá, atá léirithe sa radharc atá luaite thuas, ag teacht chun cinn go minic.

I rith an ama tá gaol caoin á chur sa tsiúl aige le Harry (Paul Mescal). Déantar forás an ghaoil agus na radharcanna collaíochta eatarthu a léiriú go caolchúiseach. An bheirt uaigneach chortha seo ag léiriú tuisceana dá chéile agus ag tacú lena chéile.

Tá aisteoireacht foirne den chéad scoth sa scannán, le Foy, Bell agus Mescal na hÉireann go hiomlán os cionn a mbuille. Is le Scott an scannán seo, áfach. Agus éiríonn leis dul go feirc sa charachtar. Is minic sinn i dtaobh le seatanna teanna dá chuntanós leis an mbriseadh croí a léiriú. Níl aon dabht ná go raibh ainmniúchán Oscar, ar a laghad, tuillte aige.

Saothar léanmhar, coscrach a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.

Fág freagra ar 'Saothar léanmhar, coscrach a bhainfeadh deoir as cloch ghlas'