Sa Ghaeltacht atá péire de na trí cheantar cósta ‘salach’, de réir suirbhé nua

Bhí Cuan an Daingin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar cheann de thrí áiteanna sa Ghaeltacht a measadh a bheith ‘salach’, de réir liosta nua Ghnólachtaí na hÉireann in Aghaidh an Bhruscair 

Sa Ghaeltacht atá péire de na trí cheantar cósta ‘salach’, de réir suirbhé nua

Is láithreacha Gaeltachta iad dhá cheann de na trí cheantar cósta “shalacha” atá luaite ar liosta na gcóstaí salacha a chuir an eagraíocht Gnólachtaí na hÉireann in Aghaidh an Bhruscair (IBAL) amach an tseachtain seo.

Ba iad na háiteanna sa Ghaeltacht a measadh a bheith salach an trá ag Cuan an Mhada i nGaeltacht Chonamara agus Cuan an Daingin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Léiríodh sa suirbhé seo a rinneadh i gcaitheamh an tsamhraidh go raibh formhór mór na gceantar cois cósta in Éirinn “glan” i mbliana ainneoin ardú a bheith ar líon a gcuairteoirí a thug cuairt ar thránna na tíre. Rinneadh an suirbhé ar 33 trá, cuan, agus inbhear i míonna an Mheithimh agus Iúil.

Astu sin, measadh go raibh 17 láthair “glan” – méadú 50% ar an suirbhé deireanach, a rinneadh dhá bhliain ó shin. Titim a bhí i gceist i gcás líon na láithreacha salaithe agus gan ach trí cinn ann i mbliana i gcomparáid le 11 arú anuraidh. Níor measadh go raibh áit ar bith “an-salach”, an catagóir is ísle ar an scála.

Dúirt Conor Horgan ó IBAL gurbh é seo an suirbhé is dearfaí a rinneadh ó cuireadh tús leis an suirbhéanna ar chóstaí na hÉireann ocht mbliana ó shin agus gur léir go bhfuil na comhairlí contae tar éis spéis níos mó a chur i nglanadh an chósta in imeacht na mblianta.

“Is é an seo an toradh is fearr go mór fada a bhí againn in imeacht ocht mbliana de shuirbhéanna cósta. Tá an obair mhór, atá ag dul i méad, a dhéanann grúpaí glanta cóstaí agus oibrithe deonacha eile anseo thar a bheith tábhachtach, chomh maith leis an infheistíocht a dhéanann comhairlí in áiseanna timpeall ar na tránna.

“Cuireann bearta agus forálacha sa dlí, amhail an téidín ar chlaibín na mbuidéal agus an scéim éarlaise agus aisíoctha leis freisin. Is cosúil go bhfuil feabhas curtha ag na húdaráis áitiúla orthu féin maidir le tréimhsí gnóthacha ag ár dtránna,” a dúirt sé.

Toitíní, páipéir mhilseán, agus málaí agus clúdaigh ó mhearbhia na hábhair bhruscair ba mhó a fuarthas le linn an tsuirbhé. Ba é seo an chéad uair a ndearnadh an suirbhé ó tugadh isteach an Scéim Éarlaise agus Aisíoctha i mí Feabhra na bliana 2024. Léiríodh laghdú 30% ar líon na mbuidéal plaisteach, caipíní buidéal, agus cannaí stáin a fuarthas ar an gcósta i suirbhé na bliana seo.

Bhí níos lú galtoitíní ann i mbliana ach níor tháinig aon athrú ar líon na gcupán caife a fuarthas ar na tránna, sna cuanta, agus sna hinbhir. Bhí ar a laghad cupán caife amháin in 42% de na láithreacha ina ndearnadh an suirbhé.

Dúirt Horgan go léirítear i suirbhé na bliana seo go bhfuil cás ann fós le haghaidh tobhach ar chupáin aon uaire caife agus go mba mhór an mhaith a dhéanfadh ‘ceantar cósta gan chupáin’ ar mhúnla bhaile Cill Airne i gCiarraí. Tugadh scéim isteach sa bhaile sin in 2022 le deireadh a chur le húsáid na gcupán aon uaire.

“Is cosúil go bhfuair an tobhach ar chupáin chaife bás leis an rialtas deireanach, ach léirítear sna torthaí seo go bhfuil cás le déanamh ar a shon fós. Is cuid bhuan den bhruscar a aimsítear go rialta ar ár dtránna iad na cupáin chaife.

“Ní hé an tionchar físiúil amháin is dona fúthu ach tá plaisteach i go leor acu, agus cuireann sé sin an bheatha mhuirí – agus an cine daonna – i mbaol,” a dúirt sé.

Táthar ag súil go mbeidh suas le 15,000 duine páirteach sa nglantachán mór tránna atá á eagrú ag an Taisce an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Sa Ghaeltacht atá péire de na trí cheantar cósta ‘salach’, de réir suirbhé nua'