Rúin 2020 – cluas níos fearr a thabhairt do Mháirtín Tom Sheáinín agus súil níos géire a choinneáil ar an gcat

Níor choinnigh an file Gaelach súil leath chomh géar ar Phangur Bán os cionn míle bliain ó shin agus a choinneoidh ar gcolúnaí ar a chat i rith 2020

Rúin 2020 – cluas níos fearr a thabhairt do Mháirtín Tom Sheáinín agus súil níos géire a choinneáil ar an gcat

Inniu an lá deireanach den bhliain. Tá daoine ar a mbionda ag déanamh corr-rún athbhliana. Caillfidh siad meáchan, tabharfaidh siad cuairt ar a gcuid cairde níos minice. Ní bheidh siad chomh cantalach agus a bhíonn go hiondúil.

Ní chaithfidh siad an oiread ama ag éisteacht le Marty Whelan, le Marty Morrissey ná le Ray D’Arcy. Tabharfaidh siad cluas níos fearr do Mháirtín Tom Sheáinín.

Maidir liom féin is é an chaoi a bhfuil mé ag iarraidh buille faoi thuairim a fháil faoi na hábhair mhóra a mbeidh mé ag scríobh fúthu an bhliain seo chugainn. Tá mo shúile leata agama ag breathnú suas ar na réalta ag iarraidh meabhair a bhaint astu. Bhí daoine á dhéanamh sin 2,000 bliain roimh aimsir Chríost.

Tá gaol idir an astralaíocht seo agus na tuismeánna a bhíonn i nuachtáin agus in irisí. Léim iad sin go hamplach chuile sheachtain.

Bím ag iarraidh tátal a bhaint as na brionglóidí a bhíonn agam i rith na hoíche. Thug mé cuairt ar bhean feasa.

Maidir leis an gcineál aimsire atá romhainn coinním súil ghéar ar ainmhithe agus ar éanacha. Dhéanadh Aindí na gCnoc as Tír Chonaill é sin agus is minic a thug sé réamhaisnéis aimsire ar Raidió na Gaeltachta a thuillfeadh post dó san oifig mheitéareolaíochta.

Nuair a chonaic mo bhean chéile an fíbín fáistine a bhí orm cheannaigh sí cóip dom den Old Moore’s Almanac 2020.

Tá leaganacha den iris sin ag teacht amach ó bhunaigh an Gaeilgeoir as Uíbh Fhailí Theophilius Moore í sa mbliain 1764. Bhí gaol aige leis an bhfile Thomas Moore.

Bhí an-tóir i gcónaí ar an almanac seo ar fud na hÉireann. Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain faoina leabhar Cré na Cille: ‘Cheannaigh daoine san áit í nár cheannaigh de leabhair ariamh ach Old Moore’s Almanac le haghaidh aontaí nó an Imeldist ó na mná rialta nuair nach mbíodh aon dul as acu.’

Iris úsáideach a bhí inti cinnte le haghaidh na n-aontaí ach chreideadh a lán daoine freisin an t-eolas a thugtaí inti faoin mbliain a bhí ag teacht.

Ba mhinic nach dtarlaíodh an rud a bhíodh tuartha ach thagadh an tuar faoin tairngreacht sách minic freisin. ‘A crown will fall from a kingly head’ a dúradh i 1903. I mí Mheitheamh na bliana sin feallmharaíodh rí agus banríon na Seirbia.

Bhásaigh an Pápa Leo X111 an mhí dár gcionn, rud eile a bhí tuartha san almanag.

Anuraidh bhí an ceart ar fad acu nuair a dúirt siad gur ag foireann Bhaile Átha Cliath a bheadh an bua i gcluiche ceannais peile na hÉireann agus go dtabharfadh foireann iománaíochta Thiobraid Árann Corn Mhic Cárthaigh leo.

Creideann siad anois go bhfaighidh iománaithe Chill Chainnigh an ceann is fearr ar iománaithe Thiobraid Árann an bhliain seo chugainn agus go gcuirfidh  Ciarraí Baile Átha Cliath as an diallait sa gcluiche ceannais peile.

Feictear dom mar sin féin go bhfuil siad cúramach go maith agus iad ag plé leis an mbliain seo chugainn tríd is tríd. In áit iomarca eachtraí a thuar glan amach is é an chaoi a bhfuil siad ag tabhairt leidí.

Níor ghá dhuit a bheith i do Naomh Eoin Baiste le fios a bheith agat go gcuirfear tuilleadh brú ar na feirmeoirí, go scoiltfear neart cainte faoi théamh na cruinne agus go ndéanfar dul chun cinn ar charranna gan tiománaí.

Ach os a choinne sin tá siad lánchinnte go mbeidh cothromaíocht na cumhachta ag Comhaontas Glas sa gcéad rialtas eile sa tír seo agus nach bhfaighidh Donald Trump an dara téarma sa Teach Bán.

Básóidh aisteoir cáiliúil as Hollywood, a deir siad, réabfaidh oighearshruth le fána sna hAlpa agus brúchtfaidh crith talún san Íoslainn.

Agus mé á scríobh seo tá a thóin leis an tine ag an gcat. Comhartha cinnte é sin go bhfuil stoirm ar an mbealach.

Níor choinnigh an file Gaelach súil leath chomh géar ar Phangur Bán os cionn míle bliain ó shin agus a choinneoidh mise ar an gcat seo i rith 2020.

Fág freagra ar 'Rúin 2020 – cluas níos fearr a thabhairt do Mháirtín Tom Sheáinín agus súil níos géire a choinneáil ar an gcat'