Ronald Reagan, Ol’ Blue agus gialla Augusta

Murab ionann is an té atá i mbun an Tí Bháin faoi láthair, ní mba fear mór leis an liathróid bheag bhán é an Riagánach ach is cinnte gur chuimhnigh sé ar a thuras chuig Augusta in 1983

Ronald Reagan, Ol’ Blue agus gialla Augusta

Is iomaí sin duine ar fud an domhain a bheadh sásta dul domhain go maith sa bpóca ach cead isteach a fháil ar chúrsa Náisiúnta Augusta áit a bhfuil deireadh ag teacht inniu leis an imirt i gComórtas Gailf na Máistrí 2026.

Na Flaithis féin níl mórán níos gardáilte ná geataí Augusta an tseachtain seo. Creidim gurb é an scéala céanna é nach mór chuile lá eile den bhliain – oibrithe Pinkerton chomh maith le póilíní áitiúla, stáit agus an FBI ar dualgas taobh amuigh den chúrsa agus taobh istigh.

Chonaic mé ráite é gur mó ceamaraí slándála atá san áit ná atá i mórchuid de na búnáiteanna míleata atá ina chóngar.

Tá fear a raibh Charlie Harris mar ainm air le n-áireamh ar an mbeagán a sháraigh na driseacha cosáin ar fad atá luaite thuas agam. Tharla sin os cionn dhá scór bliain ó shin agus ba mhaith daor a d’íoc an Charlie céanna as a choir. Ní mba as a phóca a tháinig an pionós ach an oiread, ach de bharr tréimhse príosúnachta a gearradh air.

Ar an láimh eile mar a fheicfeas muid ar ball, b’fhéidir go mba chun a leasa a chuaigh sin seachas chun a aimhleasa.

Ba i gcomharsanacht Augusta a rugadh agus a tógadh Harris. Agus é ar mheánscoil ba nós leis roinnt oibre a fháil ar chúrsa an ghailf nuair a bhíodh Comórtas na Máistrí ar bun – é i measc na gcéadta a bhíodh ag obair sna cábáin ina ndíoltar beatha agus deoch.

D’imir sé féin galf uair nó dhó, ach ba í an pheil Mheiriceánach an spórt ab ansa leis, go deimhin d’imir sé sin ag leibhéal leathghairmiúil. Fear mór seilge ab ea é. Bhí caidreamh faoi leith aige lena athair a mba sealgaire é féin agus chaith an bheirt go leor ama i gcomhluadar a chéile.

I dtús na 1980idí bhí drochbhail ar eacnamaíocht na Stát Aontaithe. Bhí leibhéal thar a bheith ard dífhostaíochta sa tír agus an ráta boilscithe ar an gcuma chéanna.

Den chéad uair ina shaol fágadh Charlie Harris díomhaoin. Le barr a chur ar an mí-ádh bhásaigh a athair, rud a ghoill go mór air. Níorbh fhada go raibh an fear bocht tugtha don ól.

Mar sin féin ní raibh deoir ina bholg maidin Sathairn, an 22 Deireadh Fómhair 1983, nuair a shuigh sé isteach sa trucail bheag Dodge a bhí aige. Bhí beagán siopadóireachta le déanamh ag a dheirfiúr Harriet sa gcathair.

‘Ol’ Blue’ a thugadh sé ar an trucail. Bhí sin ag crónán leis ag déanamh an bhealaigh agus an bheirt phaisinéirí ag comhrá leo agus iad ag gluaiseacht ar bhruach abhainn an Savannah.

Ag dul suas Washington Road dóibh, thug Charlie faoi deara go mba chosúil go raibh níos mó gardaí armtha timpeall Augusta National ná a bhíodh go hiondúil an t-am sin bliana. Go gairid ina dhiaidh sin d’airigh sé torann cúpla ingearán sa spéir. D’aithin Harriet duine de na póilíní agus nuair a cheistigh sí é dúirt seisean go mba amhlaidh a bhí an tUachtarán Ronald Reagan ag imirt cluiche gailf ar an gcúrsa.

Murab ionann is an té atá i mbun an Tí Bháin faoi láthair, ní mba fear mór leis an liathróid bheag bhán é an Riagánach, ach ós rud é go raibh sé sna bólaí ar aon nós ar ghnaithí eile, thapaigh sé a dheis ceann de na cúrsaí is cáiliúla ar domhan a imirt agus cé a thógfadh sin air.

Agus a gcuid fiosrachta sásaithe, choinnigh an bheirt phaisinéirí orthu go ndearna siad a ngnaithe agus gur fhilleadar féin agus ‘Ol’ Blue ar an mbaile.

Ansiúd dhoirt Charlie deoch amach dó féin agus chuir an teilifís ar siúl. Ba é príomhscéal na nuachta go raibh sé i gceist ag an gcomhlacht US Steel scaoileadh leis na mílte oibrí rud a chuir droim chantail ar Charlie. D’ól sé ceann eile.

Go dtáinig lá a bháis, mhionnaigh Harris nach raibh níos mó ná sin ar bord aige nuair a tháinig sé ina chloigeann go mba cheart dó filleadh ar Augusta National agus a mhíshástacht a chur in iúl don Uachtarán go pearsanta.

Thug ‘Ol’ Blue’ agus é féin aghaidh ar Washington Road den dara huair an lá sin. Ar a shroichint an babhta seo, ní hamhlaidh a stop Charlie ach chuir sé a chos go clár agus thug aghaidh ar Gheata Uimhir 3. Agus sin bainte de na hinsí aige thug sé aghaidh ar an gclubtheach.

Amach as an trucail leis ansin agus gunnán .38 ina ghlaic nó go ndeachaigh sé isteach sa siopa gailf. Ansiúd rinne sé gialla den seisear a bhí ann roimhe agus dúirt le duine acu, fostaí de chuid an Tí Bháin, a dhul go dtí an tUachtarán agus inseacht dó gur mhaith leis labhairt leis. Rinne seisean a chomhairle.

Tá dhá inseacht ar an méid a tharla ina dhiaidh sin. Deir Charlie Harris gur ghlaoigh Reagan ar an teileafón a bhí sa siopa faoi dhó agus i gceann acu gur dhúirt sé “ . I understood you want to talk to me. … If you are hearing me, won’t you tell me what you want?”

Cheap Charlie go mba trap a bhí ann agus gur glór a bhí ar théip a bhí sé a chloisteáil agus chuir síos a fhón féin.

Mhair an eachtra agus an idirbheartaíocht dhá uair an chloig nó gur fhág buíon an Uachtaráin an cúrsa faoi luas lasrach ina gcuid limisíní – gníomhairí na seirbhísí rúnda leath bealaigh amach trí na fuinneoga agus a gcuid meaisínghunnaí dírithe ar na ceithre harda.

“With Reagan gone, I put my gun down and figured I might as well take my punishment,” a dúirt Harris agus é ag cur síos ar an eachtra ina dhiaidh.

Cúig bliana príosúin a bhí sa bpionós sin, tréimhse ina mb’éigean dó a bhéasa a athrú, rud aisteach go leor a chuir ar bhealach a leasa é. Bíobla a thug oifigeach dó agus é faoi ghaibhniú aonair ba thús lena athshlánú. De réir mar a bhí Charlie á léamh laghdaigh an cuthach feirge a bhí air agus d’iompaigh sé ar an gcráifeacht, rud ar lean sé dó agus a thréimhse príosúnachta istigh.

Faoin am ar bhásaigh sé in 2007 ní raibh blaiste don ól aige le blianta agus bhí ‘Ol’ Blue’ fós ar an tsráid nuair a thug siad a chorp amach as an teach ar an mbealach chuig an séipéal.

Fág freagra ar 'Ronald Reagan, Ol’ Blue agus gialla Augusta'