Rogha Shinn Féin don uachtaránacht agus a mian a bheith i rialtas ó dheas 

An bhfuil Sinn Féin ag géilleadh go gcaithfidh siad srian a chur lena gcuid mianta mar gur ar Theach Laighean atá siad dírithe?

Rogha Shinn Féin don uachtaránacht agus a mian a bheith i rialtas ó dheas 

Tá go dtí Dé Céadaoin seo chugainn ag daoine a gcuid ainmneacha a chur chun cinn le bheith san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta. Tá lucht faire toghcháin ag súil go gciallóidh sin go mbeidh beocht níos mó i bhfeachtas atá thar a bheith leamh go dtí seo agus dírithe den chuid is mó ar cé a roghnófar mar iarrthóirí.

Tá súil le fógra ar maidin inniu ó Shinn Féin faoin gcur chuige a bheidh acu féin don toghchán. An bhfuil iarrthóir acu nó an mbeidh siad ag tacú le Catherine Connolly? Tá a fhios againn nach mbeidh Mary Lou McDonald ag cur a hainm chun cinn ach an mbeidh duine de mhórphearsana eile an pháirtí – Michelle O’Neill nó Pearse Doherty ag dul san iomaíocht? Dúirt Mary Lou McDonald inné go raibh an-chuid Gaeilge ag an té a roghnófar, rud a thabharfadh le fios gur Catherine Connolly nó Pearse Doherty atá i gceist.

Más fíor a bhfuil dá rá acu le míonna, tá dianmhachnamh déanta ag an bpáirtí ar an ábhar seo agus tuairimí go leor pléite. Cén chaoi, mar sin, go bhfuil siad ar an dream deiridh ag fógairt go poiblí céard a bheidh ar bun acu as seo go ceann míosa nó mar sin don toghchán? Maíonn siad gur dhúirt siad ón tús nach mbeadh fógra uathu go dtí maidin inniu ach arbh fhírinní a rá go bhfuil siad ag iarraidh a bheith cúramach an babhta seo nuair nár éirigh go maith leo sa toghchán deiridh.

Tá Sinn Féin dírithe ar a bheith i rialtas ó dheas den teorainn agus níl ag éirí leo mórán dul chun cinn a dhéanamh leis an sprioc sin le dhá olltoghchán anuas. Teastaíonn uathu a gcuid airde a choinneáil ar an aidhm sin ach má theipeann orthu iarrthóir a chur san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, nach amhlaidh go bhfuil siad ag géilleadh nach bhfuil siad chomh láidir mar bhloc polaitiúil agus ba mhaith leo a bheith?

Aon pháirtí a dteastaíonn uathu go reáchtálfaí reifreann ar athaontú na tíre sna deich nó fiche bliain seo romhainn, nár cheart go mbeidís dírithe freisin ar na príomhoifigí sa stát a bheith ina seilbh? Cé go dtuigeann muid nach bhfuil mórán cumhachta ó lá go lá ag Uachtarán na hÉireann is cinnte go bhfuil stádas ag baint leis an dearcadh a bheidh acu. Cén fáth go mbeadh na hiarrthóirí ar fad ag maíomh as tábhacht an athaontaithe agus tábhacht na Gaeilge ó chuaigh siad i mbun stocaireachta murab amhlaidh go dtuigeann siad go dtéann a leithéid de bhriathra milse i bhfeidhm ar chuid de na vótóirí?

Tá roghanna go leor le déanamh ag Sinn Féin agus iad ag cruinniú ar maidin. Tá an seasamh a bheidh acu sa bhfeachtas socraithe acu de réir an méid a bhí le rá ag Mary Lou McDonald i rith na seachtaine. An bhfuil siad le teacht aniar aduaidh ar an saol mór agus duine a chur os ár gcomhair – Gaeilgeoir – nár smaoinigh muid orthu go dtí seo? Nó an bhfuil sé i gceist acu a dtacaíocht a thabhairt do Chatherine Connolly? Agus céard a chiallaíonn an rogha a fhógrófar do chinniúint an pháirtí? An bhfuil siad ag géilleadh go gcaithfidh siad srian a chur lena gcuid mianta mar gur ar Theach Laighean atá siad dírithe? Nó an bhfuil siad ag géilleadh nach bhfuil aon duine ar fáil dóibh a bheadh in ann seal a chaitheamh san Áras? Aire daoibh – beidh freagra cinnte againn go luath.

Fág freagra ar 'Rogha Shinn Féin don uachtaránacht agus a mian a bheith i rialtas ó dheas '