Risteard Mac Gabhann, sárcheoltóir, scoláire agus Gaeilgeoir, ar shlí na fírinne

Chaith an sárcheoltóir a shaol ag cur na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn i nDoire a dhúchais agus in áiteanna eile

Risteard Mac Gabhann, sárcheoltóir, scoláire agus Gaeilgeoir, ar shlí na fírinne

I nDoire Cholm Cille inniu a bheidh sochraid Risteard Mac Gabhann, ceoltóir, scoláire, scríbhneoir agus Gaeilgeoir aitheanta.

Sárcheoltóir ab ea Risteard a raibh cumas as an ngnáth ann ar an gcairdín agus ainm in airde air leis na foinn mhalla agus na hamhráin. Chaith sé a shaol ag cur na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn i nDoire a dhúchais agus in áiteanna eile.

Níos túisce i mbliana d’fhoilsigh Colmcille Press cnuasach nua amhrán a chuir Risteard i dtoll a chéile faoin teideal ‘Claisceadal cois Baile’.

D’eascair ‘Claisceadal cois Baile’ as cúrsa a bhíodh á theagasc aige i gCultúrlann Uí Chanáin ar scríobh na n-amhrán Gaelach. Ba nós le Risteard amhrán nua a phlé gach seachtain agus an bhrí agus an stair a bhain leis an amhrán sin a reic agus a scríobh.

Mhol an scríbhneoir Brian Friel an leabhar agus dúirt go raibh “éacht” déanta ag Risteard, é “déanta go slachtmhar, soiléir agus sothuighte, leagtha amach go healaíonta, saothar iontach ar fad”.

I ráiteas ó Colmcille Press dúradh: “Bhí sé ina inspioráid ag go leor de lucht labhartha na Gaeilge, ag mic léinn agus ag lucht feachtais agus bhí sé ina chara dílis ag gach duine a raibh aithne acu air. Aireoimid uainn go mór é.”

Ar feadh na mblianta fada bhíodh seisiún ceoil thraidisiúnta á eagrú ag Risteard in ionaid éagsúla ar fud chathair Dhoire agus ba é a d’eagraigh an chéad chór Gaeilge sa chathair, Cór an Ghrianáin.

Ba é Risteard chomh maith a d’eagraigh Ceol Cois Feabhail, sraith ceolchoirmeacha in Ollscoil Magee.

Bhí Risteard ag obair le grúpaí teanga éagsúla, ag áireamh Iontaobhas Ultach, Conradh na Gaeilge, An Gaeláras, Cultúrlann Uí Chanáin agus Colmcille.

I ráiteas ó Gael Linn dúradh: “Chuir sé comhairle thacúil orainn ar thionscnaimh éagsúla thar na mblianta. Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus dá chairde ag an am seo. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.

B’údar mór bróid dó gur ceapadh ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge é in 2006 nuair a bhí an fhéile sin ar siúl ina chathair dhúchais, Doire.

Fuair Risteard Mac Gabhann a chuid meánscolaíocht i gColáiste Cholm Cille sa gcathair sin tráth a raibh an file Séamus Heaney ar dhuine dá chomhscoláirí.

I ndán de chuid Heaney sa chnuasach Electric Light dar teideal ‘The Gaeltacht’, luann an file Risteard Mac Gabhann, agus é ag cuimhneamh gur bhreá leis a bheith ar ais i Ros Goill i dTír Chonaill sna 1960idí luatha agus ‘Paddy Joe and Chips Rafferty and Dicky [Risteard Mac Gabhann] were there talking Irish’.

Bhain Risteard céim amach sa Léann Ceilteach ó Ollscoil na Ríona agus céim mháistreachta sa Teangeolaíocht Fheidhmeach ó Ollscoil Essex. Chaith sé seal ag teagasc i gCaisleán na Deirge i dTír Eoghain, in Ollscoil Nua Uladh i gCúil Raithin agus beagnach tríocha bliain san institiúid oideachais d’aosaigh i gColáiste Magee.

Ba é Risteard a scríobh Cúrsa Closamhairc Gaeilge, cúrsa Gaeilge d’foghlaimeoirí fásta agus an tsraith Tús Maith d’fhoghlaimeoirí.

Bhí sé ina chomhairleoir ar chláracha teilifíse Gaeilge, an tsraith drámaíochta Seanchaí don BBC agus RTÉ ar cheann díobh.

Dúirt Joe Mahon, a léirigh an tsraith sin gur a bhuíochas don “aistriúchán slachtmhar” a rinne Risteard don tsraith sin “a tháinig borradh agus rath ar úsáid na Gaeilge ar an teilifís i dTuaisceart Éireann”.

Méala mór a bhás dá bhean chéile Joan, dá n-iníonacha Ciara, Áine agus Treasa; dá ngarpháistí Éava, Tom, Fionn agus Cian agus dá mhuintir agus dá chairde go léir.

Reáchtálfar Aifreann a shochraide ag 11.30am inniu in Ard-Eaglais Naomh Eoghan i nDoire.

Fág freagra ar 'Risteard Mac Gabhann, sárcheoltóir, scoláire agus Gaeilgeoir, ar shlí na fírinne'

  • Caitríona Ó Dochartaigh

    Beannacht Dé leis agus comhbhrón ó chroí lena mhuintir ar fad. Duine uasal – dílis agus díograiseach

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Fear uasal álainn, lán de cheol is de spioraid. Thug sé turas ar Chorca Dhuibhne fadó fadó.
    Suaimhneas síoraí ceolmhar do. Ní imithe uainn ach imithe romhainn.