Rian an dráma stáitse ar ‘One Night in Miami’ ach is léargas taitneamhach é

Léamh ficsin ar oíche chomhluadair idir Cassius Clay, Jim Brown, Sam Cooke agus Malcolm X atá sa scannán ‘One Night in Miami’

Rian an dráma stáitse ar ‘One Night in Miami’ ach is léargas taitneamhach é

One Night in Miami
Stiúrthóir: Regina King
Cliar: Kingsley Ben-Adir, Eli Goree, Aldis Hodge, Leslie Odom Jr.

Ar an 25 Feabhra 1964 thug Cassius Clay aghaidh ar an gcuradh domhanda Sonny Liston sa bhfáinne dornálaíochta in Miami Beach, Florida. Ba é Liston rogha na n-údar ach chuir an trodaí óg deisbhéalach postúil de dhroim seoil é. 

Bhí an t-imreoir peil Mheiriceánach cáiliúil Jim Brown, an t-amhránaí rathúil Sam Cooke agus an gníomhaí cearta sibhialta Malcolm X ina ndlúthchairde ag Clay agus bhíodar ag an gcluiche. Bhí oíche ragairne go maidin beartaithe ag Brown agus Cooke, ach bhí rud eile ar fad ar intinn ag an staonaire Malcolm X agus Clay. 

Comhrá faoi chúrsaí reiligiúin agus comhrac na gcearta sibhialta a bhí beartaithe acu sin. ’Séard a chuireann an saothar seo roimhe ná léamh ficsin a dhéanamh ar an oíche sin agus fíricí faoin tréimhse agus na pearsana á nascadh le comhrá cumtha. Tá sé bunaithe ar dhráma den teideal céanna ó Kemp Powers agus tarlaíonn formhór mór an scannáin i seomra in óstán cois bóthair. 

Tréimhse chinniúnach ba ea í seo i saol an cheathrair; Malcolm (Ben-Adir) ar tí scaradh leis an Nation of Islam, Clay (Goree) ina churadh domhanda agus ar tí a ainm a athrú, Brown (Hodge) ag tosú ar bhóthar na haisteoireachta agus dul chun iontach á dhéanamh ag Cooke (Odom) in iomaire an cheoil. Cad é gach re seal acu lena chéile. 

An gníomhaí míchuibheasach Malcolm X ag caitheamh anuas ar “bourgeois negroes” cosúil le Cooke mar go bhfuilid sásta glacadh le rudaí mar atá. Cooke ag maíomh go bhfuil a dhul chun cinn i dtionscal an cheoil tar éis níos mó de ghaisce a dhéanamh don chine dubh ná rámhaillí Malcolm. Clay ag cur de go deisbhéalach, leanbaí agus Brown bocht sáite idir eatarthu. 

Ní nach ionadh tá an ciníochas agus cearta sibhialta i lár an aonaigh. I dtosach an scannáin címid Brown ag tabhairt turais ar chomharsa ar an bhfód dúchais. Cad é moladh á fháil aige ó seanfhondúir gustalach geanúil maidir lena ghaiscí ar pháirc na himeartha. I dtreo dheireadh an chomhrá déanann Brown a chabhair a thairiscint le troscán a bhogadh. “We don’t allow niggers in the house,” an freagra a fhaigheann sé go fuarchúiseach. 

An ciníochas céanna in iomaire an cheoil agus an dearcadh uasal le híseal ag an lucht féachana bán ar thaispeántas Cooke sa Copacabana. Tagann sé chun cinn níos faide anonn gur seó difriúil a bhíonn ag Cooke, ag brath ar an lucht féachana a bheith dubh nó bán. 

Tá lorg an stáitse le sonrú i gcónaí ar an leagan scáileáin agus fágann sin go bhfuil cúrsaí liobarnach go maith in áiteanna. Lena chois sin téann an tsíorchaint agus an tseanmóireacht sa bhfraoch ar uairibh. 

Ina dhiaidh sin féin tá téagar ag baint leis an saothar agus súp á bhaint againn as cad a d’fhéadfadh a bheith ráite ag an gceathrar cáiliúil faoi leith seo i rith na tréimhse cinniúnaí, corraithí sin. Ní nach ionadh is iad an ceathrar seo a dhéanann formhór mór an scannáin a iompar. Tugann siad taispeántais bhríomhara chumasacha uathu. Aithris bhreá ar na carachtair gan a bheith ag aithriseoireacht. Iad ag tabhairt faoi na róil le fonn agus teannas is gean an chairdis á léiriú acu. 

Saothar ábalta a thugann éachtaint ar dhearcadh na bpiardaí móra ar an gciníochas agus ar chorraíl na seascaidí. 

Fág freagra ar 'Rian an dráma stáitse ar ‘One Night in Miami’ ach is léargas taitneamhach é'