Rialtas na Breataine dírithe ar reachtaíocht don Ghaeilge a chur chun cinn roimh dheireadh mhandáid Stormont

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go raibh fonn air an reachtaíocht chultúir agus teanga a gealladh sa chomhaontú New Decade, New Approach a chur chun cinn

Rialtas na Breataine dírithe ar reachtaíocht don Ghaeilge a chur chun cinn roimh dheireadh mhandáid Stormont

Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis. Pic: Sam Boal/RollingNews.ie

Deir Rialtas na Breataine go bhfuil siad meáite ar reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster sula ndéanfar Stormont a scor do thoghchán an tionóil. 

Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann Brandon Lewis inniu go raibh ceist na reachtaíochta á plé le páirtithe Stormont agus go raibh “mionsonraí áirithe” fós le haontú.  

Tiocfaidh deireadh le mandáid Stormont i mí an Mhárta agus tá toghchán beartaithe do mhí na Bealtaine. 

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimhe sin ach tá pobal na Gaeilge sa Tuaisceart fós ag fanacht uirthi. 

Bhí éirí amach san DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar an margadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster. 

Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart fós ina údar aighnis. 

Ba nuair a bhagair Sinn Féin i mí an Mheithimh seo caite nach bhfillfidís ar Stormont gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach a d’aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí an cúram in Westminster dá mba ghá. 

Agus é ar chuairt ar Chill Chaoil i gcontae an Dúin inniu dúirt Brandon Lewis go raibh fonn air an reachtaíocht chultúir agus teanga a gealladh sa chomhaontú New Decade, New Approach a chur chun cinn.  

“Is dóigh liom gur cheart go mbeadh an spás ag daoine foghlaim faoina n-oidhreacht agus tuiscint a fháil uirthi más é sin atá uathu a dhéanamh. Sin a dúirt mé an samhradh seo caite agus sin a chreidim i gcónaí,” arsa Lewis. 

“Mar a dúirt mé ag an am, mura bhfuil na páirtithe in Stormont ábalta í [an reachtaíocht] a chur chun cinn, déanfaimidne an beart i Rialtas na Ríochta Aontaithe.   

“Dúirt mé i gcónaí go raibh fúinn é a thabhairt isteach le linn mhandáid an Tionóil.  Sin atá i gceist le NDNA (New Decade, New Approach) agus air sin atá béim againn.”  

Fág freagra ar 'Rialtas na Breataine dírithe ar reachtaíocht don Ghaeilge a chur chun cinn roimh dheireadh mhandáid Stormont'