Rhasidat Adeleke ag iarraidh áit a bhaint amach i mbabhta ceannais an 400m

Seisear ar fad ón tír seo a bheidh ag rith sa Stade de France inniu agus beidh Éireannaigh san iomaíocht sa ghalf agus sa taecuando freisin

Rhasidat Adeleke ag iarraidh áit a bhaint amach i mbabhta ceannais an 400m

Agus deireadh na gCluichí Oilimpeacha ag teannadh linn, feicfear inniu an triúr ar fhoireann na hÉireann is mó a bhfuil seans acu cur leis na seacht mbonn atá buaite go dtí seo i bPáras.

Rachaidh Leona Maguire agus Jack Woolley san iomaíocht den chéad uair i gcluichí na bliana seo ar maidin sa ghalf agus sa taecuando agus anocht a bheidh Rhasidat Adeleke ag rásaíocht sa Stade de France sna babhtaí leathcheannais de rás 400m na mban.

Bhí cuma iontach ar Adeleke sna babhtaí cáilithe maidin Dé Luain. Bhí bua gan stró ag Adeleke ina céad rás riamh sna Cluichí Oilimpeacha agus í ar bogshodar don 30m deireanach. Chríochnaigh Adeleke an rás i 50.09 ach tá an cumas inti dul i bhfad níos tapa agus beidh uirthi sin a dhéanamh anocht.

Trí bhabhta leathcheannais atá ann sa 400m. Téann an chéad bheirt i ngach rás ar aghaidh go dtí an babhta ceannais, chomh maith leis an mbeirt eile is gasta ón trí rás.

Measadh roimh thús na gCluichí gurb iad Marileidy Paulino Dhoiminice, Nickisha Pyrce Iamáice agus Natalia Kaczmarek na Polainne is mó a raibh seans acu ar bhonn agus go mbeadh Adeleke beagáinín chun deiridh orthu. Níl duine ar bith de na boic mhóra sin sa rás céanna le Adeleke anocht, áfach, agus deis iontach aici dul tríd.

Is iad Lieke Klaver na hÍsiltíre agus Salwa Eid Naser ó Bhairéin an bheirt is mó a bheidh san iomaíocht le bean na hÉireann don chéad dá áit sa rás. Tá boinn go leor buaite ag Klaver le foireann sealaíochta na hÍsiltíre. Bhuaigh Naser craobh an domhain sa 400m in 2019 ach chaith sí dhá bhliain ar fionraí, idir 2021-2023, mar nach raibh sí ar fáil do thástálacha drugaí.

Beidh roinnt lúthchleasaithe Éireannacha eile san iomaíocht ar maidin. Beidh Sarah Lavin, a d’iompair bratach na hÉireann i bparáid na náisiún, ag súil go dtiocfaidh sí slán ó bhabhtaí cáilithe an chliathrása 100m, rud nár éirigh léi a dhéanamh sna chéad chluichí aici i dTóiceo trí bliana ó shin.

I gcomórtas 5,000m na bhfear beidh Brian Fay san iomaíocht sna babhtaí cáilithe agus beidh an Conallach Mark English ag rith sa rás 800m níos déanaí sna tríú Cluichí Oilimpeacha aigesean.

Bhí mí-ádh ar Sophie O’Sullivan agus Sarah Healy inné nuair a theip orthu dul díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais i gcomórtas 1500m na mban ach tá seans eile acu inniu an beart a dhéanamh agus iad ag rith sa repechage níos déanaí ar maidin.

Inniu a thosóidh comórtas na mban sa ghalf freisin agus Leona Maguire agus Stephanie Meadow san iomaíocht ar son na hÉireann. Ní hí seo an bhliain is fearr a bhí ag Maguire go dtí seo ach is géar-iomaitheoir í agus is minic a bhaineann sí leibhéal níos airde amach nuair a bhíonn sí ag imirt mar chuid d’fhoireann. Comórtas aonair atá anseo, mar a bhí i gceist leis na fir, ach beidh Maguire ag súil go spreagfar í agus í ag imirt d’Éirinn.

Chlis ar Stephanie Meadow théis dhá bhabhta i sé cinn de na hocht gcomórtas is déanaí aici ar an LPGA Tour ach bhí an-chomórtas aici sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo trí bliana ó shin nuair a chríochnaigh sí sa seachtú háit agus beidh sí ag iarraidh tús maith a chur leis an gcomórtas an uair seo, comórtas a bheidh á reáchtáil as seo go Satharn.

Ar maidin freisin a bheidh Jack Woolley ag troid i gcomórtas 58kg na bhfear sa taekwondo. Bhí an-díomá ar an mBaile Átha Cliathach lena thaispeántas i dTóiceo, nuair a chaill sé sa chéad bhabhta, ach tá boinn idirnáisiúnta buaite aige ó shin agus deis aige ceann eile a bhuachan i bPáras.

Tá Woolley rangaithe sa seachtú háit as an 16 iomaitheoir sa rannóg agus níl air ach dhá bhabhta a bhuachan chun a bheith cinnte de bhonn. Is i gcoinne Gashim Magomedov na hAsarbaiseáine, atá rangaithe sa deichiú háit, atá sé sa chéad bhabhta.

Sa tseoltóireacht, beidh Finn Lynch san iomaíocht i rás na mbonn tráthnóna ach fágann na torthaí roimhe seo nach féidir leis críochnú níos airde ná an t-ochtú háit.

Fág freagra ar 'Rhasidat Adeleke ag iarraidh áit a bhaint amach i mbabhta ceannais an 400m'