Réiteach faighte ar sháinn Stormont agus Rialtas na Breataine sásta reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

Tabharfaidh Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge isteach don Tuaisceart mí Mheán Fómhair mura bhfuil a leithéid déanta cheana faoin am sin

Réiteach faighte ar sháinn Stormont agus Rialtas na Breataine sásta reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

Tá margadh déanta chun Feidhmeannas Stormont a shlánú a fhágann go dtabharfaidh Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge isteach don Tuaisceart mí Mheán Fómhair mura bhfuil a leithéid déanta cheana faoin am sin.

Bhí a raibh i ndán don Fheidhmeannas idir dhá cheann na meá mar gheall ar easaontas faoin reachtaíocht Ghaeilge.

Thángthas ar an réiteach aréir i ndiaidh do Shinn Féin agus an DUP cruinnithe a bheith acu leis an Státrúnaí Brandon Lewis faoin tsáinn pholaitiúil faoi chás na Gaeilge in Stormont.

I ndiaidh an mheán oíche, d’fhógair ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go rabhthas tagtha ar chomhréiteach agus go n-ainmneodh a páirtí leaschéad-aire.


Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcomhréiteach i dtaobh na reachtaíochta atá á héileamh le fada acu.

Sa chás go ndiúltóidh ceann de na páirtithe ainmniúchán a dhéanamh roimh a 1.00pm Dé Luain seo chugainn, ní bheifí ábalta Feidhmeannas feidhmiúil a cheapadh. Sa chás sin bheadh freagracht dlí ar Rialtas na Breataine toghchán Feidhmeannais tobann a ghairm laistigh d’am “réasúnta”.

Dúirt Sinn Féin nach n-athainmneodh siad Michelle O’Neill mar leaschéad-aire mura dtabharfadh an DUP gealltanas go rachaidh siad ar aghaidh leis an reachtaíocht don Ghaeilge.

Dúirt Boris Johnson inné gur chóir do pháirtithe an Tuaiscirt na geallúintí go léir sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont a chomhlíonadh.

Bhí ceist á freagairt ag Johnson faoin tsáinn pholaitiúil faoi chás na Gaeilge in Stormont. Iar-státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith, a chuir an cheist ar an bPríomh-Aire. Dúirt Smith go raibh sé riachtanach go gcomhlíonfaí na gealltanais sa chomhaontú New Decade, New Approach.

Sin atá tarlaithe anois.

Tá ceist na reachtaíochta cultúir agus teanga a gealladh i New Decade, New Approach ina hábhar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP le tamall.

Dúirt Sinn Féin nárbh fhéidir leo muinín a chur i ráitis Edwin Poots, ceannaire an DUP, faoi chomhlíonadh na ngealltanas faoin nGaeilge i New Decade, New Approach.

Dúirt Edwin Poots go dtacódh sé leis an reachtaíocht chultúir agus teanga, ach dúirt sé go n-inseodh an aimsir an gcuirfí i bhfeidhm í le linn téarma an tionóil seo, mar a bhí á éileamh ag Sinn Féin.

 

Fág freagra ar 'Réiteach faighte ar sháinn Stormont agus Rialtas na Breataine sásta reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach'

  • An Teanga Bheo

    Teanga Eorpach i réim ag an mBreatain an fód dá sheasamh againn fiú ar leach an uaigh!