Ráta atáirgthe an Covid-19 tite faoi bhun a haon

228 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine agus tá an ráta ag titim i 23 den 26 contae

Ráta atáirgthe an Covid-19 tite faoi bhun a haon

Tá ráta atáirgthe an Covid-19 tite faoi bhun 1, cloch mhíle thábhachtach san iarracht is déanaí scaipeadh an ghalair a choimeád faoi chois.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly gur idir 0.7 agus 0.9 atá an ráta R. Chomh maith leis sin tá an céatadán de dhaoine a mbíonn toradh deimhneach ar an tástáil a chuirtear orthu don víreas tite arís go dtí 4.7%.

Dúirt an tAire gur léiriú eile a bhí anseo ar an dul chun a bhí déanta maidir le laghdú ar líon na gcásanna den ghalar.

228 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine agus tá an ráta ag titim i 23 den 26 contae.

Tá líon na ngartheagmhálaithe a bhíonn de ghnáth ag othar Covid-19 tite ó sheisear go dtí thart ar thriúr.

Mhaígh Donnelly gur fhág cinneadh an Rialtais gníomh “láidir” a dhéanamh “go luath” chun dul i ngleic leis an mbrúisc i líon na gcásanna go raibh Éire anois ag déanamh níos fearr ná mórán tír eile san Eoraip.

Mar sin féin, dúirt sé gur údar imní atá i líon na gcásanna atá á ndeimhniú agus go gcaithfí cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus an iarracht an galar a chur faoi chois.

322 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh an Roinn Sláinte inné. Is é seo an líon is lú cásanna a fógraíodh in aon lá amháin le breis agus mí anuas.

Fógraíodh go raibh cúigear eile a raibh an galar orthu básaithe.

Deimhníodh 4,337 cás nua le seachtain anuas i gcomparáid le 6,518 cás nua an tseachtain roimhe seo.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 570 cás nua inné agus fógraíodh go raibh seisear eile a raibh an víreas orthu básaithe.

2,652 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 730 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,922 ó dheas di.

103,227 cás den ghalar atá deimhnithe sa tír go dtí seo, 63,048 ó dheas agus 40,179 ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Ráta atáirgthe an Covid-19 tite faoi bhun a haon'