Rás na Gealaí – solas nua lasta i stair na cruinne 50 bliain ó shin

Agus lá mór ceiliúrtha na Meiriceánach buailte orainn, tá gaisce na bhfear agus na n-eolaithe a chuir fear ar an ngealach á thabhairt chun cuimhne

Rás na Gealaí – solas nua lasta i stair na cruinne 50 bliain ó shin

Óráid na Gealaí.  Áirítear í mar cheann de na hóráidí ba bhreátha a thug an tUachtarán John Fitzgerald Kennedy.  An dáta: an 12 Meán Fómhair, 1962 – Ollscoil Rice in Houston, Texas.   

“We choose to go to the moon.  We choose to go to the moon in this decade and do the other things, not because they are easy, but because they are hard, because that goal will serve to organize and measure the best of our energies and skills, because that challenge is one that we are willing to accept, one we are unwilling to postpone, and one which we intend to win, and the others, too.”

Ar ndóigh, bhí níos mó ná eolas agus níos mó ná eolaíocht sa scéal.  Bhí an Cogadh Fuar ar bun idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach – cúpla mí ina dhiaidh sin a tharla géarchéim Chúba idir an dá náisiún agus baol ann go mbeadh sé ina phléascadh núicléach – agus bhí na chéad bhabhtaí sa spásrás buaite ag na Rúisigh.  Bhí spás árthach agus fear ar bord, Yuri Gagarin, curtha amach thar theorainneacha an phláinéid seo acu.

Ach ba í an ghealach an sprioc mhór.

Bhí an tUachtarán Ó Cinnéide ag díriú an chompáis ar an ngaisce sin.  Bheadh ar na Stáit Aontaithe an rása sin a bhuachaint; thabharfadh sé cruthúnas ar fhorlámhas na Stát Aontaithe ina mbealaí saoil, sóisialta, eacnamaíochta agus eolaíochta.

Óráid na Gealaí.  Bhuaigh na Meiriceánaigh an rása.  Agus lá mór ceiliúrtha na Meiriceánach – an 4 Iúil – buailte orainn, tá gaisce na bhfear agus na n-eolaithe a chuir fear ar an ngealach á thabhairt chun cuimhne.  Faoi cheann coicíse, beidh sé leathchéad bliain ó leag Neil Armstrong cos ar an ngealach agus Edwin “Buzz” Aldrin sna sála aige ar an 20 Iúil 1969.  Bhí John Fitzgerald Kennedy curtha, caillte – leagtha ag piléar a scaoileadh leis sa Stát céanna inar gheall sé turas na gealaí.

“Coisméig bheag d’fhear amháin ach coisméig ollmhór don chine daonna,” a dúirt Neil Armstrong tar éis dó a chois a leagan ar an ngealach ar an 20 Iúil 1969. 

Ní raibh dabht faoi sin. 

Go deimhin, bhí an choisméig chomh mór sin agus nach gcreidfeadh daoine áirithe gur tharla an leithéid de rud ariamh.  Bhí fear de lucht an amhrais réasúnta gar do bhaile anseo.  Bhíodh sé ina spraoi air, ar feadh na mblianta.  Bhreathnaíodh sé i dtreo na gealaí tráthnóntaí geimhridh agus é ag cur isteach na mbeithíoch sa scioból.   ‘Níor leagadar cois ariamh uirthi agus ní leagfar go brách,’ a d’abraíodh sé.   

‘Ach nach raibh sé ar an television. a Mhicil?’

‘Ná bac leis an television sin – creid uaimse é, níor leag aon fhear beo cois uirthi…agus ní leagfaidh.’ 

Chuirtí an scéal níos faide agus na leaids ag spochadh as Micil. 

‘Ach dá mbeadh sórt leath gealaí ann, a Mhicil, nach bhféadfaí leandeáil ann…nuair a bheadh sí caite siar cineál cothrom ar a droim?’

‘Nach sibhse na pleidhcí a chreidfeadh an tseafóid sin,’ a d’abraíodh Micil. 

‘Baineann an ghealach leis an gcéad saol eile.’

Is maith a chuaigh Micil as nár chas sé riamh le Edwin ‘Buzz’ Aldrin, an fear a rinne stiúradh ar an soitheach spáis a tháinig anuas ar an ngealach.  Tá fear darb ainm Bart Winfield Sibrel ar dhuine acu siúd a shéanann gur thuirling fir ar an ngealach ariamh.  Rinne sé trí scannán faoin ábhar. In Óstán in California in 2002, tharraing Sibrel trasna ar Edwin Aldrin.  Thug sé cladhaire agus gadaí ar Aldrin ar an mbunús, a dúirt sé, gur scéal i mbarr bata a bhí i scéal na gealaí uilig.  Chaill Aldrin a chuid foighde agus bhuail snaidhm sa smig ar Sibrel.

Thriail Sibrel cúis ionsaithe a chur in aghaidh fhear na gealaí acu shocraigh na  hionchúisitheoirí nach raibh cás ann mar gurbh é Sibrel a thosaigh an chaismirt lena chuid cainte gránna.

Tá sé ráite go bhfuil an duine nach gcreidfidh rud ar bith chomh dall céanna ar an saol leis an té a chreidfeadh chuile shórt beo.  B’fhéidir é. 

Ach, caithfidh muid cuimhneamh freisin go bhfuil údar sách simplí ag cuid den dream is aitheanta atá bainteach le teoiricí comhcheilge lena gcuid cainte, a gcuid scríbhneoireachta agus a gcuid scannán – saothraíonn siad airgead mór as na scéalta sin.

Ach céard faoin airgead a caitheadh ar an réiteach le fear a chur ar an ngealach – i gcead do Mhicil an Sciobóil agus do Bart Winfield Sibrel.

Beagnach $25 billiún i gcaitheamh na 1960idí; b’in a dhá oiread agus a bhí na Rúisigh – an tAontas Sóivéadach ag an am –i n ann a chaitheamh leis an bplean.

Arbh fhiú an tairbhe an trioblóid ar bhealaí praiticiúla?  Tá slua ollmhór eolaithe ann a deire gurbh fhiú, ach sin eolaithe.  Céard fútsa agus fúmsa?  Is cosúil go bhfuil leas déanta ag an taighde a bhain leis an spás i réimsí eolaíochta agus leighis, agus ní beag an rud é sin.

Tá George Sowers, Ollamh le hAcmhainní Spáis in Colorado ar dhuine acu siúd atá ag breathnú i bhfad chun cinn agus i bhfad amach sa spás.

“Cumhacht ón spás,” arsa Sowers, “táthar ag coinneáil cumhachta cheana féin le satailítí bunaithe ar an gcineál sin fuinnimh atá nádúrtha agus glan.” 

Feiceann sé bealaí eile leis an gcumhacht sin a oibriú – ón ngealach.   “Dá mbeadh bunáit againn ar an ngealach d’fhéadfadh muid painéil ollmhóra a dhéanamh ansin a chuirfí amach sa spás agus a chuirfeadh fuinneamh as éadan ar ais go dtí a domhan seo,” a deir sé.  “Foinsí fuinnimh a mhairfeadh go brách agus a bheadh chomh glan leis an gcriostal.  Sílim go bhféadfaí é sin a dhéanamh taobh istigh de dheich mbliana.”

“We choose to go to the moon.  We choose to go to the moon in this decade and do the other things, not because they are easy, but because they are hard.”   

Sin é a dúirt John Fitzgerald Kennedy i dtús na 1960idí.

B’fhéidir gur las an tUachtarán Gael-Mheiriceánach solas nach bhfuil teorainn leis sa saol nó sa spás.  Ní hin le rá nach raibh cead cainte ag Micil an Sciobóil agus ag Bart Winfield Sibrel, nó gur dhún ‘Buzz’ Aldrin a bhéal!

Fág freagra ar 'Rás na Gealaí – solas nua lasta i stair na cruinne 50 bliain ó shin'