Ráite go lom ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge le teacht ar ais

D’éiligh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo caite go dtabharfadh Roinn na Gaeltachta faoi staidéar féidearthachta chun Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais ach tá diúltaithe scon scan ag an Roinn don éileamh sin

Ráite go lom ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge le teacht ar ais

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an chaidhp bháis buailte ar aon iarracht Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais agus é ráite go neamhbhalbh ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuil sé i gceist go bhfillfeadh an scéim.

D’éiligh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo caite go dtabharfadh an Roinn faoi staidéar féidearthachta chun an scéim, faoina n-íocfaí deontas le teaghlaigh sa nGaeltacht ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, a thabhairt ar ais ach tá diúltaithe ag an Roinn don éileamh sin chomh maith.

Cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2011 agus cé go bhfuil sé ráite ag eagraíochtaí agus polaiteoirí ó shin gur cheart go dtabharfaí ar ais í, níl aon toil léirithe ag an rialtas ná ag an roinn ina taobh.

“Níl aon phleananna ag an Roinn Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais ná staidéar féidearthachta a dhéanamh chuige sin,” a dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta nuair a d’fhiafraigh Tuairisc an raibh aon phlé ar bun faoi Scéim Labhairt na Gaeilge a bhunú arís faoi mhúnla nua.

Dúirt an t-iar-aire stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan in 2023 go raibh sé ag breathnú ar an scéim a thabhairt ar ais agus chuaigh an Roinn i dteagmháil le heagraíochtaí teanga chun a dtuairimí a fháil ach ní raibh aon toradh ar na cainteanna.

Tá sé ráite ag an Roinn cheana go bhfuil maoiniú breise do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus Scéim na gCúntóirí Teanga ar chuid de na bearta atá curtha i bhfeidhm ó cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge chun cabhrú le teaghlaigh Ghaeltachta a gclann a thógáil le Gaeilge.

Ag seoladh tuarascáil a léirigh go raibh céatadán na dteaghlach sa nGaeltacht atá ag tógáil a gclann le Gaeilge ag titim, dúirt ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta go raibh sé in am ag an rialtas tosú ar an obair chun Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais.

“Tá sé in am ceist a chur ar an bpobal agus ar an bpobal atá ag tógaint a gclann le Gaolainn. Céard ar mhaith leo, cad a chabhródh leo agus conas scéim a dhearadh a d’oibreodh,” a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair agus í ag moladh go dtabharfadh an Roinn faoi staidéar féidearthachta ar athbhunú na scéime.

Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim in 2011, deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a bhí á íoc le teaghlaigh a léirigh gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga an tí acu. Caiteachas €660,660 a bhain leis an scéim sa mbliain dheireanach sin.

Léirigh taighde nua de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil ach 15% de theaghlaigh sa nGaelacht ag tógáil a gclann le Gaeilge agus gur tháinig laghdú suntasach ar chéatadán na ngasúr idir 3-18 bliana d’aois sa nGaeltacht a bhfuil an teanga acu.

Tá an Ghaeilge ina teanga an tí i níos lú ná 10% de theaghlaigh i 13 den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht agus ní raibh an Ghaeilge ina teanga an tí ag níos mó ná 50% de theaghlaigh ach i dtrí cinn de na limistéir pleanála teanga.

Fág freagra ar 'Ráite go lom ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge le teacht ar ais'