Ráig den salmonella ar ocht bhfeirm éanlaithe

Tharla an ráig ag an am céanna ar ocht bhfeirm in áiteanna difriúla sa stát

Ráig den salmonella ar ocht bhfeirm éanlaithe

Tá ráig den salmonella ar ocht bhfeirm éanlaith chlóis á fiosrú ag an Roinn Talmhaíochta.

Tá srianta curtha i bhfeidhm timpeall na bhfeirmeacha mar gheall ar an mbaol do shláinte an duine a bhaineann leis an salmonella.

Tá tús curtha le ciondíothú na n-éanlaithe.

Tá Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus an tSaotharlann Tagartha Náisiúnta ag obair i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta chun an ráig a chur faoi smacht agus cúis na ráige a fháil amach.

Tharla an ráig ag an am céanna ar ocht bhfeirm in áiteanna difriúla sa stát.

Fág freagra ar 'Ráig den salmonella ar ocht bhfeirm éanlaithe'