Tá sé ina a raic idir Sinn Féin agus Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers faoi dhialann an Aire Stáit agus a léiríonn sí faoina thiomantas do chúrsaí Gaeilge.
Tá conspóid faoi dhialann an Aire Stáit ó dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh gur léirigh sí go bhfuil “neamhaird mhaslach” á déanamh ag Chambers ar a chúram mar aire stáit Gaeltachta.
Mar fhreagra ar an méid sin, dúradh i ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Tús Áite ar RnaG go raibh ráiteas Shinn Féin “go hiomlán míchruinn”.
Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar dhialann an Aire Stáit Gaeltachta Jack Chambers gur chaith sé níos mó ama i mbun cruinnithe faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ná mar a chaith sé ag plé le cúrsaí spóirt.
De réir na dialainne chaith sé breis is 65 uair an chloig ar chruinnithe agus ócáidí a bhain le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta idir an lá a ceapadh é mí Iúil seo caite agus deireadh mhí Eanáir 2021.
Nach mór 61 uair an chloig a chaith an tAire Stáit Chambers ar chúrsaí spóirt le linn na tréimhse céanna.
Leagadh cúram na haireachta cosanta ar Chambers chomh maith mí na Samhna seo caite agus cúig uair go leith a chaith sé i mbun na gcúraimí sin idir sin agus deireadh mhí Eanáir na bliana seo.
Tá Chambers ina Phríomh-Aoire ag an rialtas chomh maith agus léiríonn a dhialann an méid ama a bhíonn air a chaitheamh i mbun an chúraim sin.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur cosúil nár bhuail an tAire Stáit le haon grúpa “pobail” Gaeilge ná Gaeltachta fós, seachas Conradh na Gaeilge.
Ach i ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie dúradh gur chas sé “le réimse leathan d’eagraíochtaí atá ag feidhmiú in airneáil na Gaeilge agus na Gaeltachta” in ainneoin “srianta na paindéime”.
De réir a dhialainne, is iad seo a leanas na heagraíochtaí Gaeilge ar bhuail an tAire Stáit leo idir mí Iúil agus deireadh mhí Eanáir – Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Coláiste Chonnacht, Coláiste Lurgan, an Coimisinéir Teanga agus Ionad Óige Ghaoth Dobhair.
De réir a dhialainne, cuairt amháin atá tugtha ag an Aire Stáit ar an nGaeltacht ó ceapadh é mí Iúil seo caite agus thug sé cuairt ar oifig na Roinne sna Forbacha agus ar eagraíochtaí eile i gConamara ar an 11 Meán Fómhair. Tá an oifig sin dúnta d’fhoireann na Roinne agus don phobal ó thús na paindéime. Luaigh an Roinn chomh maith cruinniú a bhí aige mí Mheán Fómhair seo caite leis an gCoiste Comhairleach don Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge, coiste a bhfuil ionadaithe ag scata eagraíochta Gaeilge agus Gaeltachta air.
I gcásanna áirithe, d’éirigh leis an Aire an dá thrá a fhreastal nuair a bhuail sé le cumainn spóirt atá lonnaithe sa Ghaeltacht, amhail Cumann Lúthchleas Gael Bhearna agus Bhaile Chláir na Gaillimhe.
Maidir lena chúraimí mar aire stáit Gaeltachta agus Spórt, bhí níos mó cruinnithe ag Chambers faoin mbille teanga ná mar a bhí aige faoi aon ábhar eile.
Beagnach 20 cruinniú a bhí aige faoin mbille idir tús mhí Mheán Fómhair 2020 agus deireadh mhí Eanáir 2021. Chaith an tAire Stáit 24.5 uair an chloig ag cruinnithe faoin mbille agus chaith sé sé uair an chloig eile ag trí cinn de sheisiúin sa Dáil agus na leasuithe ar an mbille á bplé ag Coiste Gaeilge an Oireachtais.
Sular thosaigh an plé faoin mbille teanga nua, ní raibh ach trí chruinniú ag an Aire Stáit faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sna seacht seachtaine idir an lá ar ceapadh é mí Iúil agus tús mhí Mheán Fómhair.
Sa ráiteas a d’eisigh an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh tráthnóna inné, dúirt sé gurb é “an rud is tubaistí atá soiléir ann [sa dialann] ná go bhfuil an Ghaeilge in íochtar ar fad i measc na gcúramaí éagsúla atá ag Jack Chambers mar Aire.
“Caitheann sé an chuid is mó dá lá, gach lá, ag déileáil le freagrachtaí an Phríomh-Aoire, agus ní haon ionadh é sin, is ról gnóthach é ann féin, ach bhí roinnt seachtainí ann agus níor phléigh sé cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta ar chor ar bith.”
Tá 28 seachtain ar fad clúdaithe sa chuid de dhialann an Aire Stáit a foilsíodh le déanaí i ndiaidh d’urlabhraí Shinn Féin cóip di a lorg.
Bhí deich seachtaine ann nach raibh aon chruinniú maidir le cúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta luaite ach bhain péire acusan le tréimhse na Nollag nuair a bhí an Dáil ar scor agus le tréimhse mhí Lúnasa nuair a bhí Chambers ina dháilcheantar den chuid is mó.
Dúirt Ó Snodaigh gur léir nach raibh an tAire Stáit Chambers ná Aire sinsearach na Roinne, an tAire Catherine Martin ag tabhairt “dóthain airde” ar chás na Gaeilge.
“Is léir gurb í an Ghaeilge an chloch a thit as paidrín an Aire agus an Aire Stáit. Is léir do chách, seachas Rialtas Mhicheál Martin, go bhfuil i bhfad Éireann níos mó airde de dhíth ar an nGaeilge agus í i gcruachás ná mar a bheas ag teacht as an sórt cur chuige ón aire agus rialtas go dtí seo,” a dúirt Ó Snodaigh.
Luadh i ráiteas na Roinne chomh maith cruinnithe buiséid a bhí ag an Aire Stáit faoi chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Arís, ní gá a rá gur éirigh leis an Aire Chambers allúntas méadaithe thar chuimse a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le linn an phróisis seo, a raibh fáilte foirleathan curtha roimhe ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta araon,” a dúradh.
Donncha Eile
Sinn Féin ag iarraidh achrainn a tharraingt, ach mar is gnáth, faoi ábhair míchruinn, sheafóideach. Cén uair a dtosóidh siad ag plé riachtannais phobail na Gaeltachta i gceart?