Prós – Hurlamaboc

Ceachtanna idirghníomhacha agus nótaí do phrós na hArdteiste - 'Hurlamaboc' le Éilís Ní Dhuibhne

Prós – Hurlamaboc

Fuaim

Éist leis an ngiota fuaime seo mar a bhfuil sliocht ón mír próis á léamh os ard.

Gníomhaíocht 1:

  • Déan leath den sliocht a léamh don duine in aice leat agus déanfaidh sé/sí an leath eile a léamh.
  • Déan focail nach dtuigeann sibh a chuardach ar www.tearma.ie, www.teanglann.ie, www.focloir.ie
  • Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht scéal/teachtaireacht an tsleachta a insint.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Déan cur síos ar an gcaitheamh aimsire atá ag Lísín.
  2. Pléigh an tseoinínteacht atá sa cheantar seo.
  3. Cad iad na hullmhúcháin a bhí á ndéanamh don chóisir.
  4. Déan cur síos ar an léiriú a dhéantar ar Lísín.

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

  1. Cad a cheapann tú don cheantar seo?
  2. An bhfuil ceantar/daoine mar seo san áit ina bhfuil tusa.
  3. Cén sórt caidrimh atá idir Lísín agus Ruán meas tú?
  4. Cad a tharla ina dhiaidh seo, meas tú?
  5. Deirtear gurb í máthair Eibhlín Uí Loinsigh an t-aon bhean ‘dhorcha’ ar an mbóthar. Cad atá i gceist leis sin?

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an mhéid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Is sliocht as úrscéal atá anseo.
  • Is léir ón teideal go dtarlaíonn réabadh agus raic de shaghas éigin i rith an úrscéil.
  • Ní thugtar aon nod sa sliocht seo faoin tragóid atá le teacht (maraítear na tuismitheoirí i dtimpiste thar lear).

Na Carachtair:

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Prós – Hurlamaboc'

  • Tom Larkin

    Íontach!

  • Jacko

    bhí sé sin go hiontach ar fad

  • doireann m

    10/10 le grá

  • Baldy

    alán eolais mícheart anseo. Nílim sásta

  • Donnor celaney

    Ta sé iontach