PRO 12: Na Cúigí lán le muinín agus cluichí crua rompu

Beidh na ceithre chúige ag dul chun páirce agus iad lán le muinín tar éis dóibh ar fad an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic an deireadh seachtaine seo caite i mBabhta 14

PRO 12: Na Cúigí lán le muinín agus cluichí crua rompu

Imreoirí Chúige Mumhan, Stephen Fitzgerald agus Ian Keatley. INPHO/James Crombie

Cé nach bhfuil aon chluiche á imirt sa gcomórtas Sé Náisiún an deireadh seachtaine seo, ní bheidh fáil ag na cúigí ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta a d’imir sa gcéad dhá cluiche den chomórtas sin do Bhabhta 15 den Pro 12. Beidh na ceithre chúige ag dul chun páirce agus iad lán le muinín tar éis dóibh ar fad an lámh in uachtar a fháil ar a gcéilí comhraic an deireadh seachtaine seo caite i mBabhta 14.

Beidh géarghá leis an muinín sin an deireadh seachtaine seo óir tá cúpla cluiche an-chrua agus cinniúnach le n-imirt. 

Beidh an choimhlint idir na hUltaigh agus Glaschú i mBéal Feirste ar an Aoine seo ar cheann de na cluichí sin. Tá Glaschú sa gcúigiú háit ar an tábla, agus Cúige Uladh sa séú háit. Chaill Glaschú agus iad sa mbaile i gcoinne Scarlets na Breataine Bige i mBabhta 14, ábhar iontais gan dabht ach léiriú ar líon na n-imreoirí as Glaschú atá ar phainéal na hAlban. Beidh an-deis ag na hUltaigh an Aoine seo an ceann is fearr a fháil ar cheann de na foirne is fearr sa bPro 12 le cúpla bliain anuas.

Beidh na Laighnigh (atá sa tríú háit) sa mbaile freisin an Aoine seo i gcoinne Dhún Éideann (atá sa naoú háit). Chaill Dún Éideann i gcoinne na nUltach an deireadh seachtaine seo caite agus ó tharla go bhfuil siad sáinnithe gar d’íochtar an tábla i measc na nIodálach, is deacair athrú poirt agus bua san RDS a thuar dóibh sa gcluiche seo.

Seans gur roimh na Muimhnigh, an fhoireann atá ar bharr an tábla, atá an dúshlán is mó an Satharn seo. Beidh siad ag taisteal go dtí an Bhreatain Bheag le tabhairt faoi na hOspreys, foireann atá sa dara háit agus iad pointe amháin taobh thiar de na Muimhnigh. Ní mórán de thástáil a cuireadh ar na hOspreys an deireadh seachtaine seo caite agus iad as baile i gcoinne Zebre i gcluiche a bhuaigh siad gan stró (40:10). Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sárchluiche idir na foirne seo, fios ag ’chaon fhoireann go gcinnteoidh bua greim láidir ar bharr an tábla agus gan mórán cluichí fágtha le n-imirt sna réamhbhabhtaí.

Sa mbaile a bheas na Connachtaigh tráthnóna an tSathairn, iad ag cur fáilte roimh na Dragons atá sa 10ú háit ar an tábla, dhá áit níos ísle ná fir an Iarthair. Níl aon dabht ach go mbeidh Pat Lam ag díriú ar an gcluiche seo, é ar thóir bua le pointe bónais agus é ag iarraidh an bhearna trí phointe dhéag, a scarann an t-ochtú háit agus an séú háit ar an tábla, a dhúnadh. Má theipeann ar na Connachtaigh áit a fháil i measc na sé fhoireann ar bharr an tábla, ní bheidh siad ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Tá mé ag tuar bua do na Connachtaigh ach tá amhras orm faoin bpointe bónais.

Fág freagra ar 'PRO 12: Na Cúigí lán le muinín agus cluichí crua rompu'