Tá ceann de na ceithre phost is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta faighte ag Colm Ó Coisdealbha, Stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga.
Tuigtear do Tuairisc.ie gur éirigh le Ó Coisdealbha, arb as Baile na mBrobhach i nGaeltacht Chois Fharraige dó, sa chomórtas don phost mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha san eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.
Tiocfaidh Ó Coisdealbha i gcomharbacht ar Ghearóid Breathnach atá ag dul ar scor.
Triúr stiúrthóirí sinsearacha ar fad atá in Údarás na Gaeltachta agus suas le €110,000 a bhí luaite leis an bhfolúntas.
Tá Colm Ó Coisdealbha ag obair in Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2008 agus ardmheas air mar gheall ar a ról lárnach in obair na hoifige sin.
D’oibrigh sé roimhe sin mar chuntasóir san earnáil phríobháideach in Éirinn agus i Meiriceá.
Roimh dó dul ag obair in Oifig an Choimisinéara bhí sé ina bhainisteoir ar Chomhar Creidmheasa Cholmcille in Indreabhán. Ba in Údarás na Gaeltachta a chuir sé tús lena shaol oibre, mar a raibh sé ina chuntasóir faoi oiliúint.
Is é Colm Ó Coisdealbha an tríú duine nua atá ceaptha i bpoist na stiúrthóirí in Údarás na Gaeltachta.
An comhairleoir gnó agus fiontraíochta Mark White atá ina stiúrthóir fiontraíochta san eagraíocht ó tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Ó hÉanaigh a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.
Rónán Mac Con Iomaire, iarGhrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, a tháinig i gcomharbacht ar Thadhg Ó Conghaile mar Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga.
Aisling
An geal lasmuigh sa phictiúir sin dá mba rud é gur 5.40am ar maidin at sé!