Post sinsearach in Údarás na Gaeltachta faighte ag Stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga

D’éirigh le Colm Ó Coisdealbha, as Baile na mBrobhach i nGaeltacht Chois Fharraige, sa chomórtas don phost mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha san eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga

Post sinsearach in Údarás na Gaeltachta faighte ag Stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga

Tá ceann de na ceithre phost is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta faighte ag Colm Ó Coisdealbha, Stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur éirigh le Ó Coisdealbha, arb as Baile na mBrobhach i nGaeltacht Chois Fharraige dó, sa chomórtas don phost mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha san eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.

Tiocfaidh Ó Coisdealbha i gcomharbacht ar Ghearóid Breathnach atá ag dul ar scor.

Triúr stiúrthóirí sinsearacha ar fad atá in Údarás na Gaeltachta agus suas le €110,000 a bhí luaite leis an bhfolúntas.

Tá Colm Ó Coisdealbha ag obair in Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2008 agus ardmheas air mar gheall ar a ról lárnach in obair na hoifige sin.

D’oibrigh sé roimhe sin mar chuntasóir san earnáil phríobháideach in Éirinn agus i Meiriceá. 

Roimh dó dul ag obair in Oifig an Choimisinéara bhí sé ina bhainisteoir ar Chomhar Creidmheasa Cholmcille in Indreabhán. Ba in Údarás na Gaeltachta a chuir sé tús lena shaol oibre, mar a raibh sé ina chuntasóir faoi oiliúint.

Is é Colm Ó Coisdealbha an tríú duine nua atá ceaptha i bpoist na stiúrthóirí in Údarás na Gaeltachta.

An comhairleoir gnó agus fiontraíochta Mark White atá ina stiúrthóir fiontraíochta san eagraíocht ó tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Ó hÉanaigh a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.

Rónán Mac Con Iomaire, iarGhrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, a tháinig i gcomharbacht ar Thadhg Ó Conghaile mar Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga.

Fág freagra ar 'Post sinsearach in Údarás na Gaeltachta faighte ag Stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga'

  • Aisling

    An geal lasmuigh sa phictiúir sin dá mba rud é gur 5.40am ar maidin at sé!