Polaiteoirí agus lucht fiosraithe araon faoi phromhadh

Tá go leor le cruthú ag polaiteoirí agus lucht fiosraithe i dtaca le scannal NAMA

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Is annamh nach spreagann séasúr na máirseála mothúcháin láidre. Is geall le tromluí ag daoine áirithe é, is cúis áthais ag daoine eile é. Tá an ghráin ag cuid mhór den phobal air ach bíonn an chuid eile ag súil go mór lena gcultúr a cheiliúradh. Ach cuireann paráidí na nOráisteach ar an dara lá déag d’Iúil imní ar dhaoine i gcónaí. Bíonn imní ann faoin gcontúirt a bhaineann le tinte cnámh, faoin achrann a bhíonn ann faoi bhratacha agus faoi ionsaithe seicteacha a bheith á ndéanamh ar hallaí Oráisteacha.

Bíodh is go bhfuil na nithe sin ar fad ag déanamh imní do dhaoine an deireadh seachtaine seo, is é atá ar bhéal gach éinne faoi láthair ná na líomhaintí go bhfuair polaiteoir airgead as margadh £1.3 milliún a rinne NAMA le comhlacht Meiriceánach. Tá sioscadh le clos i ngach clúid agus ar líne tá na blaganna beo le líomhaintí faoi pholaiteoir sinsearach. Anuas air sin, tá bagairtí dlí go rábach ann.

Tá daoine thar a bheith soiniciúil faoi chumas an chórais dlí an fhírinne a aimsiú agus a chinntiú go nglacfar freagracht as aon mhí-iompar a rinneadh. Méadaítear ar shoiniciúlacht an phobail nuair a chítear éagumas an Tionóil agus easpa freagrachta na dteachtaí. Bhain an DUP leas as achainí chásmhaireachta – nó veto – chun baill den pháirtí a chosaint cheana agus ní hiontas ar bith mar sin gur beag an dóchas ag an ngnáthdhuine go ngearrfar pionós ar pholaiteoir an iarraidh seo. Má bhí polaiteoir ‘ar an tabhair dom’ mar a líomhnaíodh, is é an dúshlán atá roimh lucht bhfiosraithe ná an méid sin a chruthú. Is é an dúshlán atá roimh na polaiteoirí ná déileáil leis an bhfírinne seachas a bheith ag iarraidh í a sheachaint.

Liosta le háireamh iad na fiosruithe atá ar siúl: Coiste na gCuntas Poiblí i dTeach Laighean; an Coiste Airgeadais i Stormont; Dlíchumann Thuaisceart Éireann; agus, gan dabht, fiosrú na bPóilíní.

Cuireadh cor nua sa scéal freisin maidir le póilíneacht. Tá sé socraithe anois gurb é an National Crime Agency (NCA), ar a dtugann daoine ‘FBI na Ríochta Aontaithe,’ a bheidh i gceannas ar an bhfiosrú coiriúil.

D’fhógair an PSNI go mbeadh an Áisíneacht Náisiúnta ar Choireacht ag scrúdú na dtuairiscí gur cuireadh £7 milliún i gcuntas ar Oileán Mhanann mar ‘shíniú láimhe’ do ‘éascaitheoirí’ an mhargaidh. Ceaptar gur mar gheall ar chastacht an scéil agus dlínsí éagsúla a bheith i gceist a iarradh isteach an NCA.

Bunaíodh an Áisíneacht dhá bhliain ó shin sa Bhreatain Mhór ach ní raibh cead aici gníomhú i dTuaisceart Éireann go dtí Bealtaine na bliana seo. Bhí Sinn Féin agus an SDLP ina coinne mar nach mbeidh sí freagrach do Bhord na bPóilíní, ach ghlac an SDLP leis i mbliana nuair a sásaíodh a n-éileamh maidir le freagracht agus trédhearcacht an eagrais. Is é fiosrú an scannail seo an chéad ghnó poiblí ag an Áisíneacht abhus agus coinneofar súil ghéar uirthi. Ach an oiread leis na polaiteoirí tá go leor le cruthú ag an NCA.

Níor tharraing Dlíchumann Thuaisceart Éireann aon cháil orthu féin lena n-iompar go dtí seo. Thug dlíodóirí Tughans tuairisc dóibh i mí Eanáir go raibh Ian Coulter imithe as an gcomhlacht, a fuair amach gur chuir sé £7 milliún i gcuntas ar Oileán Mhanann. Dá ainneoin sin, níor admhaigh an Dlíchumann (a bhfuil cúram rialacháin orthu chomh maith lena ról mar cheardchumann na ndlíodóirí), níor admhaigh siad go dtí cúpla lá ó shin go raibh Ian Coulter á fhiosrú acu. Dúirt siad ansin go gcomhoibreodh siad leis na póilíní ach b’aisteach lena lán nár chuireadar an PSNI ar an eolas faoin £7 milliún i bhfad siar.

Beidh le feiceáil conas a éireoidh leis na héisteachtaí i dTeach Laighean agus i Stormont.

Tá NAMA agus Cerberus, an comhlacht caipitil Meiriceánach a cheannaigh na hacmhainní i mBéal Feirste, daingean de nach ndearna siadsan aon rud as bealach. Mhaígh NAMA go raibh Frank Cushnahan, iar-chomhairleoir dá gcuid, ag súil le £5 milliún as margadh nár deineadh.

Beifear ag éileamh freagraí uaidh siúd freisin. Sa mhullach air sin ar fad, beifear ag súil le fianaise ó Sammy Wilson (DUP) faoi conas a ceapadh Cushnahan mar chomhairleoir do

NAMA. Dá mhéad eolas a thagann chun solais is ea is mó ceisteanna a mhúsclaítear. N’fheadar cé chomh sásúil is a bheidh na freagraí.

Fág freagra ar 'Polaiteoirí agus lucht fiosraithe araon faoi phromhadh'