Plus ça change, plus c’est la même iománaíocht

Tá ríthe na hiomána in adharca a chéile arís, Cill Chainnigh i gcoinne Thiobraid Árann

Plus ça change, plus c’est la même iománaíocht

Brian Cody agus Liam Sheedy i rith na sraithe. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

‘Plus ça change, plus c’est la même chose’, a deir an seanrá Fraincise agus is minic gur fíor an nath céanna nuair is í an iomáint shinsir idirchontae a bhíonn faoi chaibidil. Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann atá ar ais sa chluiche ceannais arís i mbliana. Seo an 63ú bliain ag na Cait sa chluiche ceannais agus tá corn luachmhar Mhic Cárthaigh tugtha abhaile acu trí dhosaen uair. Tá 41 cluiche ceannais sroichte ag na Tiobraid Árannaigh agus 27 buaite acu.

Ach a leithéid de dheireadh seachtaine iomána a bhí againn an deireadh seachtaine seo caite. Anuraidh, cuireadh faoi dhraíocht muid ag caighdeán na hiomána agus na sárchoimhlintí a imríodh faoin gcóras nua craoibhe. Bhí ceannlínte moltacha ar na nuachtáin gach seachtain. Ansin bhí dhá chluiche leathcheannais againn a thuill ardmhodladh ar fad do na foirne a bhí á n-imirt. Cuimhnigh go raibh athimirt ag teastáil chun An Clár agus an Ghaillimh a scarúint óna chéile agus sin i ndiaidh am breise an chéad lá. B’amhlaidh an scéal sa chluiche leathcheannais eile mar a raibh am breise ag teastáil freisin chun solas an lae a chur idir Luimneach agus Corcaigh. Bhí na nuachtáin ag ramsú foclóirí chun cur síos a dhéanamh ar an deireadh seachtaine iomána sin agus focail mar eipicúil, corraitheach, draíochtúil, tréitheach agus cumasach á gcur ag obair acu.

Bhí na focail chéanna sna ceannlínte arís Dé Luain seo caite agus ní bréag a rá gir eipicí iománaíochta a bhí sna cluichí sin.

Ar an Satharn thug Cill Chainnigh a n-aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh ach gan mórán seans á thabhairt dóibh ag tráchtairí na hiomána (mé féin san áireamh). Ach is baoth a bhíomar agus is náireach mar a cheapamar go mbeadh aon fhoireann faoin máistir Cody nach mbeadh ullamh do choimhlint mar seo. Bhuel, bhí a fhios againn go maith go mbeadh speach maith iontu agus nach luífidís siar ró-éasca ach cheapamar gurbh ag Luimneach a bhí an painéal ba láidre agus, i ndiaidh shárthaispéantas chluiche ceannais na Mumhan, bhíomar ag ceapadh go mbeidís róláidir dos na Cait.

Ach ba iad na Cait ab fhearr ar feadh tréimhsí fada sa chluiche agus ba iad ba dhiongbháilte ón nóiméad a caitheadh isteach an sliotar.

Is trua ag an deireadh gur deineadh cinneadh gan poc seasca a cúig a bhronnadh ar Luimneach nuair a bhí sé soiléir gur chuir camán Cillian Buckley isteach ar ghluaiseacht na liathróide ó phoc taobhlíne Luimnigh. Ba chinneadh thar a bheith tábhachtach é sin tráth nach raibh ach cúilín amháin idir na foirne agus an t-am breise beagnach thart.

Ach ba iad Cill Chainnigh ab fhearr an lá sin agus tá áit tuillte go maith acu sa chluiche ceannais ar an 18 Lúnasa.

Bhí cuid maith cainte freisin ar an Domhnach faoi chinntí an réiteora Seán Cleere. Ní féidir liom cuimhneamh ar aon chluiche eile ag an leibhéal sin ina bhfacamar trí chúl nár ceadaíodh. Fuair an réiteoir cáineadh go leor i ndiaidh an chluiche, go háirithe ón iar-réiteoir Brian Gavin ina cholún seachtainúil san Irish Examiner.

Eipic eile a bhí againn sa chluiche seo agus é ina dhráma ón tús. Go dtí am cúitimh gortuithe ní raibh barúil againn cé a bhuafadh an cluiche ach thaispeáin Tiobraid Árann mianach nach bhfacamar le tamall iontu. Bhí leathuair acu gan John McGrath agus cé gur ghéilleadar trí chúl, níor thaispeánadar aon easpa muiníne ar an bpáirc ná ar an taobhlíne. Bhí fathaigh acu ar fud na páirce agus bhí an-tionchar ag na tosaithe a tugadh isteach mar ionadaithe.

Ní bréag a rá go raibh ceisteanna á gcur faoi Thiobraid Árann roimh an gcluiche ach d’fhreagair siad na ceisteanna sin go paiteanta.

Tá an t-ullmhúchán tosnaithe anois sa dá contae. Ríthe na hiomána in adharca a chéile arís. 

Cill Chainnigh i gcoinne Thiobraid Árann. Plus ça change, plus c’est la même chose!

Fág freagra ar 'Plus ça change, plus c’est la même iománaíocht'