Plean tarrthála do RTÉ, ach ní don chraoltóireacht seirbhís phoiblí

Tá an rialtas, agus an tAire Catherine Martin, i bhfolach taobh thiar de bhainistíocht RTÉ, agus bainistíocht RTÉ ag freastal go humhal dea-bhéasach ar riachtanais an rialtais

Plean tarrthála do RTÉ, ach ní don chraoltóireacht seirbhís phoiblí

Cé go bhfuil an rialtas agus lucht bainistíochta RTÉ ag tabhairt moladh dá chéile i dtaobh an phlean tarrthála (mar dhea) atá fógartha don stáisiún, tá díomá agus fearg ar na ceardchumainn agus ar fhoireann an stáisiúin. Is iadsan, an dream céanna is lú a bhfuil freagracht orthu mar gheall ar na scannail a bhaineann le RTÉ, agus an dream is lú a bhfuil tairbhe airgid acu as córas an chraoltóir, iad a chaithfeas an praghas is mó a íoc mar gheall ar an drochscéal ar fad.

Nuair a tháinig sé chun solais go raibh RTÉ ag cur an oiread sin airgid amú ar thuarastail ró-ard is ar chóras a bhí breá bog ar na hardbhainisteoirí, bhí fearg ar na bpobal i gcoitinne, agus an ceart ar fad acu.

Dhiúltaigh an-chuid daoine a gcuid ceadúnas teilifíse a athnuachan, diúltú a chuir go mór le deacrachtaí maoinithe an chraoltóra.

Ach feicimid anois nach iad na daoine a chruthaigh an fhadhb atá thíos leis ach na hoibrithe atá, den chuid is mó, ar an ngnáthioncam a bhíonn ag oibrithe gairmiúla. Tá 400 post le gearradh, agus níl a fhios ag na ceardchumainn cé a imeos nó cén tionchar a bheidh ag a n-imeacht ar dhualgais oibre an dream a fhágfar.

Níl an diúltú sin ceadúnas a cheannach ag cur isteach ar an mbainistíocht, ach tá sé ag cur isteach ar na hoibrithe.

Ó thaobh na seirbhíse nuachta, tá sé an-tábhachtach smaoineamh ar an tionchar a bheidh ag foireann níos lú ar an obair a dhéanfar. Is ionann níos lú iriseoirí is níos lú tuairiscí agus níos lú eolais.

Tá sé an-tábhachtach freisin maidir le cúrsaí Gaeilge. Aon uair a mbíonn gearradh siar ar líon na foirne is mó an buille a bhuailtear ar Raidió na Gaeltachta ná aon tseirbhís raidió eile de chuid RTÉ. Tá líon foirne RnaG an-íseal i gcomparáid le Radio RTÉ, agus mar sin is mó an tionchar a bheadh ag cailliúint post sa stáisiún Gaeltachta.

Tá neamhspleáchas ag TG4, ach amháin gurb é RTÉ a sholáthraíonn seirbhísí nuachta agus cúrsaí reatha don stáisiún. Maíonn Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ, go dtuigeann sé tábhacht na Gaeilge, ach arís is mó an tionchar a bheidh ar an tseirbhís Ghaeilge má chailltear poist.

Níl a fhios agam an sábhálfaidh an meas atá ag Bakhurst ar an nGaeilge Nuacht TG4 ó thionchar na gciorruithe?

Ach, go bunúsach, níl aon fhís le feiceáil sa bplean tarrthála seo den tseirbhís craoltóireachta a chuirfear ar fáil. Gnó don rialtas é seo, cinnte, ach nuair a fhiafraítear den rialtas cén fhís atá sa bplean, deir siad gur plean RTE é amhail is nach bhfuil aon bhaint ag an rialtas leis an ngné sin den scéal.

Ag an am céanna is léir don dall go ndúirt an rialtas le RTÉ plean a thabhairt isteach a ghearrfadh costais an stáisiúin, agus sin é atá déanta. Is mar gheall gur cuireadh plean le chéile a d’oir don rialtas go bhfuair RTÉ an t-airgead breise atá chomh riachtanach sin dóibh faoi láthair.

Mar sin is í an t-aon fhís a thagann as an bplean ná go bhfuil sé i gceist níos mó cláracha a chur amach ar chonradh go dtí léiritheoirí neamhspleách. Luadh sna méáin Fair City is an Sunday Game ach níl aon chinneadh tógtha go fóill.

Nach cóir go mbeadh ról ag seirbhís náisiúnta i gcur chun cinn drámaí is cláracha faisnéise a chuireann lenár dtuiscint orainn féin, nó an é nach bhfuil i gceist ag an rialtas ach seirbhís tráchtála bhrabúsach – agus cuid mhaith den bhrabús sin ag dul don earnáil phríobháideach?

Sé an rud is measa faoi ná go bhfuil sé le feiceáil sa phlean tarrthála gurb é seo an cineál seirbhíse atá ar intinn ag an rialtas. Ach níl aon phlé poiblí faoi. Tá an rialtas, agus an tAire Catherine Martin, i bhfolach taobh thiar de bhainistíocht RTÉ, agus bainistíocht RTÉ ag freastal go humhal dea-bhéasach ar riachtanais an rialtais.

Tá an plé poiblí seo ag teastáil go géar, ní hamháin le postanna a chosaint in RTÉ ach le cumas an stáisiúin cláracha fiúntacha a dhéanamh a chosaint chomh maith. Caithfear plé ionraic poiblí a dhéanamh.

Bíonn seirbhís craoltóireachta náisiúnta ann ar mhaithe le guth a thabhairt dúinne, muintir na hÉireann, don domhan mór agus chun go mbeadh súil againn ar an domhan mór ó dhearcadh an náisiúin seo.

An dtuigeann an rialtas é sin, nó an cuma leo faoi?

Fág freagra ar 'Plean tarrthála do RTÉ, ach ní don chraoltóireacht seirbhís phoiblí'