‘Plean náisiúnta de dhíth chun deireadh a chur le ‘Béarla éigeantach’ an chórais oideachais’ – polasaí nua don oideachas Gaeilge foilsithe ag Sinn Féin

Deir Sinn Féin gur gá polasaí náisiúnta nua chun a chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge

‘Plean náisiúnta de dhíth chun deireadh a chur le ‘Béarla éigeantach’ an chórais oideachais’ – polasaí nua don oideachas Gaeilge foilsithe ag Sinn Féin

Ní foláir deireadh a chur leis an ‘Béarla éigeantach’ sa chóras oideachais, de réir cáipéis pholasaí nua de chuid Shinn Féin faoi cheist na Gaeilge sa chóras oideachais.

Deirtear in ‘An Ghaeilge sa Chóras Oideachais’, an chéad cháipéis i sraith cáipéisí atá le cur amach ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín, gur gá plean náisiúnta a fhorbairt don Ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht chun “deireadh a chur le Béarla éigeantach”.

Maítear sna cáipéisí gur “ceart é an Gaeloideachas”  agus gur chóir é a bheith ar fáil “do cibé duine a roghnaíonn é, thuaidh nó theas”.

“Creidimid gur chóir go mbeadh an rogha ag gach tuismitheoir a pháistí a chur ar Ghaelscoil,” a deirtear.

Léirigh an ESRI don bhliain 2015 go roghnódh 23% de thuismitheoirí ó dheas an Ghaelscolaíocht dá gcuid gasúr ach an deis sin a bheith acu, cé nach bhfaigheann ach 5% de dhaltaí a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge faoi láthair.

Deir Sinn Féin gur gá polasaí náisiúnta nua chun a chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge. Deirtear nach bhfuil aon tagairt do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2017 agus gur gá plean náisiúnta le dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhíonn ag a leithéid de scoileanna.

Maítear i gcáipéis polasaí nua Shinn Féin gurb í “an fhadhb is suntasaí” maidir le teagasc na Gaeilge sa chóras oideachais faoi láthair ná caighdeán na Gaeilge i measc múinteoirí bunscoile agus meánscoile.

“Is doiligh do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna múinteoirí a earcú a bhfuil Gaeilge acu. Go rialta bíonn ar Ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta múinteoirí a earcú ó phainéal nár léirigh múinteoir ar bith air gur féidir leo teagasc trí mheán na Gaeilge.”

I gcáipéis eile sa tsraith nua polasaithe ó Shinn Féin, dírítear ar ar chás na Gaeilge sa chóras réamhscolaíochta.

“Cé go bhfuil aitheantas tugtha do ról tábhachtach an luathoideachais Ghaeilge sa Straitéis 20 Bliain agus sa Chlár Rialtais, níl próiseas aitheantais á chur i bhfeidhm maidir le stádas mar réamhscoileanna Gaeltachta faoin Pholasaí don Oideachas Gaeltachta,” a deirtear sa cháipéis ‘An Ghaeilge san earnáil réamhscolaíochta’.

Sna cáipéisí polasaí de chuid Shinn Féin, a foilsíodh an tseachtain seo, deirtear gur “léir” gurb é dearcadh Rialtais i leith na teanga gur “caitheamh aimsire í an Ghaeilge nach bhfuil ach béalghrá den chineál contráilte tuillte aici”.    

“Dealraíonn sé arís agus arís eile go bhfuil rialtas i ndiaidh rialtais ag fágáil na Gaeilge i leataobh i dtéarmaí tábhachta. Níl aon amhras ann mar gheall ar na héilimh bhreise atá á ndéanamh ar acmhainní oideachasúla in aimsir seo na géarchéime,” a deirtear.

I measc na moltaí atá luaite sna cáipéisí nua, moltar go gcuirfeadh an Roinn Oideachais dréachtpholasaí cuimsitheach ar fáil a dhíreodh ar an Ghaeloideachas “ón naíonra go tríú leibhéal” agus go gcuirfí réamhscoileanna san áireamh sa phróiseas aitheantais scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht.

Moltar fosta go dtabharfaí tuilleadh acmhainní agus tacaíochta a do réamhscoileanna a bhainfeadh aitheantas Gaeltachta amach.

“Ba chóir gurbh í an Ghaeilge teanga an oideachais i ngach réamhscoil a fhaigheann cúnamh stáit i réigiún Ghaeltachta,” a deirtear sa cháipéis nua.

Fág freagra ar '‘Plean náisiúnta de dhíth chun deireadh a chur le ‘Béarla éigeantach’ an chórais oideachais’ – polasaí nua don oideachas Gaeilge foilsithe ag Sinn Féin'