Plé le déanamh ar thábhacht na dialainne i litríocht na Gaeilge ag ócáid speisialta

Meastar go bhfuil taifead luachmhar i ndialanna na Gaeilge ar imeachtaí polaitiúla in Éirinn agus thar lear, ar bhailiú ceoil agus béaloidis, ar an saol ar na hoileáin agus go leor eile

Plé le déanamh ar thábhacht na dialainne i litríocht na Gaeilge ag ócáid speisialta

Déanfar plé amárach ag ócáid speisialta ar thábhacht na dialainne i litríocht na Gaeilge ó chuntas Thadhg Uí Chianáin ar Theitheadh na nIarlaí sa seachtú haois déag go dtí dialanna Sheáin Uí Ríordáin.

Tá Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Átha Cliath, ag reáchtáil siompóisiam ar an dialann sa Ghaeilge. Seo an chéad imeacht dá leithéid riamh, a deir a lucht eagraithe.

Meastar go bhfuil taifead luachmhar i ndialanna na Gaeilge ar imeachtaí polaitiúla in Éirinn agus thar lear, ar bhailiú ceoil agus béaloidis, ar an saol ar na hoileáin agus ar go leor eile. Déanfar na hábhair sin agus tuilleadh a phlé le linn na hócáide.

Dúirt eagraí an tsiompósiam, an Dr Pádraig Ó Liatháin, go bhfuil dialanna á scríobh i nGaeilge le breis is 400 bliain agus gur foinsí tábhachtacha staire iad.

“Ó aimsir Imeacht na nIarlaí sa seachtú haois déag, tá an dialann á saothrú sa Ghaeilge chun críocha éagsúla. De réir a cáilíochta is féidir le dialann a bheith an-phearsanta agus príobháideach, ach fairsing agus domhanda ina dearcadh.”

Beidh an siompóisiam ar siúl ó 9 a.m. go 5.30 i.n. amárach, agus beidh cainteanna ar siúl ar Zoom ó scoláirí éagsúla, ina measc Micheál Mac Craith, Louis de Paor, Ríonach uí Ógáin, Liam Mac Mathúna, Úna Bhreathnach, Lillis Ó Laoire agus Deiridre Nic Mhathúna.

An scríbhneoir Liam Mac Cóil a chuirfidh tús le himeachtaí le caint dar teideal ‘An dialann sa Ghaeilge’.

Más mian leat freastal ar An Dialann sa Ghaeilge, seol ríomhphost chun nasc a fháil chuig: padraig.oliathain@dcu.ie.

Fág freagra ar 'Plé le déanamh ar thábhacht na dialainne i litríocht na Gaeilge ag ócáid speisialta'