Pé rud a thugtaí sa Ghaeilge ar an lucht siúil, tá cothrom na Féinne tuillte acu

Chaithfeadh sé gur as an gceird a bhíodh ag an lucht siúil san am a tháinig an focal tincéir tríd an mBéarla

Pé rud a thugtaí sa Ghaeilge ar an lucht siúil, tá cothrom na Féinne tuillte acu

Ní thuigim cén fáth a gceaptar gur focal maslach é tincéir. Fiú amháin Pádraic Ó Conaire ó fhear siúil a dúirt sé a cheannaigh sé an t-asal beag dubh i gCinn Mhara. Ar ndóigh b’fhéidir gur eagarthóir eicínt a chuir an leagan sin isteach.

Thug Pádraic ridire na mbóithre ar fhear an asail ceart go leor. Ridire na gcorcán mbriste a bhí aige i scéal eile.

Is gearr ó bhí mé ag breathnú ar chlár ar TG4 a bhí ag cur síos ar na nuachtscannáin a thaispeánadh Gael Linn sna pictiúrlanna fadó. Bhí mír i gceann acu faoin lucht siúil. Tincéirí a thug an tráchtaire Pádraig Ó Raghallaigh orthu.

Chaithfeadh sé gur as an gceird a bhíodh ag an lucht siúil san am a tháinig an focal tincéir tríd an mBéarla. De réir fhoclóir Oxford ciallaíonn tinkering a bheith ag sádráil sáspan agus potaí. Ceird chomh huasal le haon cheird eile a bhí inti agus ba mhaith a d’fheil sí don saol a bhí ann go dtí mo linn féin go deimhin.

Le linn dom a bheith ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe chaith mé seal ar choiste a bhí ag plé le cúrsaí an lucht siúil. Na hionadaithe as an lucht siúil féin a bhí ar an gcoiste bhí siad bródúil as an obair a dhéanadh a sinsear.

Bhíodh dán a múineadh sna scoileanna go dtí roinnt blianta ó shin dar teideal ‘An Tincéir Sás Ó Néill’. Seán Mac Fheorais a chum é.

Mar a dúirt an tOllamh Gearóid Denvir sa réamhrá a chuir sé le Duanaire an Chéid, “bhí sé d’ádh orm sa bhunscoil agus sa mheánscoil go raibh múinteoirí maithe Gaeilge riamh agam ar spéis leo an teanga agus an cultúr dúchais i gcoitinne, ach ina dhiaidh sin féin níor rud beo an fhilíocht den chuid ba mhó bíodh is gur fhan dánta mar ‘Cúl an Tí’, ‘Anseo i Lár an Ghleanna’ agus ‘An Tincéir Meidhreach Aerach, Sás Ó Néill’ greanta ar m’intinn ó laethanta na bunscoile.’

Seo é an chéad véarsa den dán faoin tincéir. (Tá mé thar a bheith buíoch d’Fhachtna Ó Drisceoil faoi é a chur ar fáil dhom.)

Féach ansiúd é ar thaobh an bhóthair

Is casúr beag ina láimh,

Ina shuí faoin gclaí go tirim compordach

Ag deasú cannaí stáin,

A hata stróicthe, is poill ina chóta,

Is toitín gearr ina bhéal,

Níl fear in Éirinn chomh meidhreach aerach

Leis an tincéir Sás Ó Néill.

Caithfear a admháil nach bhfuil cúpla rud atá ráite sa gcuid eile den dán baileach chomh rómánsúil céanna.

Focla eile a thugtaí ar an tincéir i mbun a cheirde ba ea gabha stáin agus stánadóir.

Scríobh Amhlaoibh Ó Súilleabháin an méid seo ina dhialann os cionn céad go leith bliain ó shin: ‘tincéir ag teileag soic miotail, ní ina chaortha dearga ach ina chaortha bána.’

Maidir leis an leagan ridire na mbóithre tá ‘knight of the road’ i mBéarla. D’fhéadfaí é sin a thabhairt ar dhíoltóir taistil nó ar shreothaí.

Deirtear linn sna foclóirí anois gurb ionann sreothaí agus sruthaire. D’aistrigh Colm Ó Gaora leabhar W. Davies, Autobiography of a Supertramp agus Féinscríbhinn Fíor-Shreothaidhe a thug sé ar an aistriúchán.

Thart ar 31,000 den lucht siúil atá in Éirinn. Tá a dteanga féin ag cuid acu. Shelta a thugtar ar an teanga sin. Meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla atá inti. Ba bhreá liom a fháil amach cén t-ainm atá acu i Shelta ar dhuine eile den treibh.

Is fada an t-achar ar bhóithre na hÉireann iad. Thug an Rí Éadbhard V1 dlí isteach thart ar 1551 a raibh acht ann dar teideal Acte for tynckers and pedlers.

Is iomaí teoiric ann faoin tús a bhí lena stair. Déarfadh cuid de na teoiriceoirí gur sliocht iad de dhream a bhí sa tír roimh theacht na gCeilteach.

Mhionnódh daoine eile gurbh é dlí Chromail a chuir ag taisteal iad. Bhréagnódh an dlí a d’achtaigh Éadbhard V1 é sin.

Cibé cúis a bhí acu lena n-aghaidh a thabhairt ar na bóithre fada bána tá na lucht siúil inár measc ó shin agus is é an rud is lú a d’fhéadfadh muid a dhéanamh cothrom na Féinne a thabhairt dóibh.

Sa mbliain 2007 foilsíodh tuarascáil sa tír seo a léirigh go mbásaíodh leath an lucht siúil sula mbídís 39 bliain d’aois.

Ar tháinig mórán feabhais ar a gcás ó shin? Teastaíonn tuarascáil eile.

Fág freagra ar 'Pé rud a thugtaí sa Ghaeilge ar an lucht siúil, tá cothrom na Féinne tuillte acu'

  • Caoimhe Molloy

    Léarghás thar a bheith suimiúl ar stair an focal tincéir. Áfach dar le duine ar bith den lucht siúl go bhfuil aithne agam air is focal maslach é tincéir, leis a ghabhann comhshonruithe diúltacha. Dar leis an údar tá céird na tincéire chomh uasal le céard ar bith eile – ach nach céard uasal é céard an cniogaire – agus nach dtuigimid nár chóir an focail sin a úsáid (ach go háirithe sa Bhéarla) dá bharr go bhfuil sé tuigthe le bheith mar mhasla?
    Bheadh sé suimiúil cás an lucht siúil a phlé, agus cur síos a dhéanamh ar na deachrachtaí ar leith atá ag an bpobal sin – ó thaobh fostaíochta de, ó thaobh ionchais saoil de – gan tagairt a dhéanamh ar ainm atá tugtha le fios go bhfuil mhaslach. Níl cothrom na féinne “tuillte” ag an lucht siúl – ba chóir go bhfuil cothrom na féinne tugtha dóibh (agus do chuile grúpa mionlaigh eile) mar bhuntús nádúrtha.