Patrice Evra, iarchaptaen Manchester United, ag baint súp as an rince Gaelach i nDún Chaoin

Scaip Patrice Evra, iarchaptaen  Manchester United, físeán gearr den rinceoir Tomás Ó Sé ag damhsa i dTigh Kruger chuig an ocht milliún leantóir atá aige ar Instagram

Patrice Evra, iarchaptaen Manchester United, ag baint súp as an rince Gaelach i nDún Chaoin

Tá iarimreoirí sacair de chuid Manchester United agus Liverpool i gCorca Dhuibhne faoi láthair agus taifeadadh á dhéanamh ar chlár teilifíse.

Tá Patrice Evra, Jamie Redknapp, iarchaptaen cruicéid Shasana Andrew Flintoff agus an fear grinn Romesh Ranganathan ar an leithinis agus iad i mbun oibre ar an gclár A League of Their Own a bhíonn le feiceáil ar Sky.

Bhí taifeadadh á dhéanamh acu ar fud Chorca Dhuibhne agus an criú le feiceáil i nDún Chaoin agus sa Daingean. Rinneadh mír a thaifeadadh inniu sa teach tábhairne aitheanta Tigh Kruger, an teach tábhairne is sia siar san Eoraip.

Bhí Evra, Redknapp agus Ranganathan I dTigh Kruger inniu in éineacht leis an rinceoir agus peileadóir áitiúil, Tomás Ó Sé, a bhfuil cáil bainte amach aige le Riverdance.

Scaip Evra físeán de féin agus Ó Sé, a rinne steip, ar Instagram. Os cionn 8.2 milliún leantóir atá ag iarchaptaen Manchester United ar an ardán meáin shóisialta.

Roinn Evra, Redknapp agus Ranganathan pictiúir eile den cheantar agus den taifeadadh ar na meáin shóisialta freisin.

Ba léir nach raibh Evra, atá ag fanacht in Óstán na Sceilge sa Daingean, róthógtha leis an aimsir i gCiarraí Thiar nuair a tháinig sé inné. Chuir sé teachtaireacht chuig Roy Keane agus John O’Shea, a bhíodh ag imirt in éineacht leis le United, ag iarraidh orthu “an cith” a chasadh dhe nuair a bhí múr trom báistí ann.

Clár tráth na gceist spóirt agus grinn is ea A League of Their Own atá ar an aer ó 2010.

Fág freagra ar 'Patrice Evra, iarchaptaen Manchester United, ag baint súp as an rince Gaelach i nDún Chaoin'