Páistí ag fáil bháis agus píosaí miotail fágtha ina gcolainn, ach gan aon cheacht á fhoghlaim

Cé mhéad tuarascáil eile a chaithfear a fhoilsiú sa tír seo go mbeidh muid in ann a rá go bhfuil aghaidh dá tabhairt ar na fadhbanna sa gcóras sláinte, gur féidir brath air agus gur annamh a tharlóidh a leithéid seo de scannal?

Páistí ag fáil bháis agus píosaí miotail fágtha ina gcolainn, ach gan aon cheacht á fhoghlaim

Cén chaoi go bhfuil páistí ag fáil bháis sa tír seo agus píosaí miotail fágtha ina gcolainn mar thoradh ar obráid nár oibrigh mar is ceart? Cén chaoi go bhfuil athbhreithniú eile ar siúl ar an gcóras sláinte faoi thubaiste a d’fhág páistí ag dul ar ais arís agus arís eile le cóir leighis a fháil ar a gcnámh droma?

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh athbhreithniú seachtrach ordaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar ghnéithe den mháinliacht ortaipéideach in Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath.

Cé mhéad tuarascáil eile a chaithfear a fhoilsiú sa tír seo go mbeidh muid in ann a rá go bhfuil aghaidh dá tabhairt ar na fadhbanna sa gcóras sláinte, gur féidir brath air agus gur annamh a tharlóidh a leithéid seo de scannal?

Bhí mé ag éisteacht i rith na seachtaine le cur síos ó iriseoir sa mBreatain ar an scannal Factor 8 mar atá baiste air thall? Seo macasamhail an scannail Anti D sa tír seo a cuireadh in iúl don Aire Sláinte i 1994. Bhain sé le fuil thruaillithe a tugadh do dhaoine i 1977. Níl an Bhreatain ach ag dul i ngleic leis an scéal sin anois agus iad ag breathnú ar an tír seo mar eiseamláir don chaoi ar déileáladh leis an scéal anseo. Má léann tú cúlra an scéil ní féidir a rá ach gur náire shaolta an méid a tharla agus go háirithe an chaoi ar caitheadh le daoine ar nós Bridget McCole ionas nach gcuirfeadh sí dlí ar an stát.

An cheist a ritheann liomsa ná cén chaoi go bhfuil tuarascálacha dá bhfoilsiú i gcónaí faoi fhaillí chórasach san earnáil sláinte a fhágann daoine gonta, gortaithe agus go minic i mbaol báis nó ina n-easláin lena ló.

Tá scannal Cervical Check fós gan réiteach agus níl tuairim againn go fóill céard a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an bhfiosrúchán faoi phaindéim Covid-19. Gheall an Taoiseach an tseachtain seo go bhfoilseofar téarmaí tagartha an fhiosraithe sin as seo go ceann roinnt seachtainí. Is féidir a bheith cinnte go mbeadh “ceachtanna a fhoghlaim” ar cheann de na téarmaí sin.

Ní léir, faraor, go bhfuil sé éasca againn ceachtanna a fhoghlaim i gcásanna mar seo. Tá an tríú hathbhreithniú ordaithe anois ar an méid a tharla in ospidéal Shráid an Teampaill. Tá dhá ghrúpa a dhéanann abhcóideacht thar ceann na bpáistí a d’fhulaing a dteastaíonn uathu nach mbeadh baint ná páirt ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ná ag Sláinte Leanaí Éireann (CHI) leis an athbhreithniú. Shílfeá go luíonn sin le réasún? Nach mbeadh ceachtar den dá dhream is mó a raibh maoirseacht acu ar na botúin a rinneadh páirteach sna hiarrachtaí a fháil amach céard a tharla?

Arís eile, tá an oiread deacrachtaí ag an gcóras sa tír seo, agus ní ag an gcóras sláinte amháin, glacadh leis go ndearnadh faillí agus botúin agus go gcaithfear an scéal a chur ina cheart. Ní féidir sin a dhéanamh i gcás na bpáistí a gortaíodh ach meas tú an bhfuil bealach go bhfoghlaimeofaí ceacht an babhta seo agus go ndéanfaí tréan-iarracht a chinntiú go bhfuil an córas sláinte inniúil ar chúram a chur ar fáil?

Fág freagra ar 'Páistí ag fáil bháis agus píosaí miotail fágtha ina gcolainn, ach gan aon cheacht á fhoghlaim'