Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Ciarán Dawson – ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí

Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’

Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí.

Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an phríosúin sa Cheis Fhada, agóid na pluide agus a chomrádaithe, Bobby Sands ina measc, a fuair bás ar na stailc ocrais.

Labhraíonn sé faoin tsíocháin, faoin difríocht idir na sé chontae ar fhás sé aníos iontu agus na sé chontae inniu agus faoin easpa tuisceana atá ag muintir an Tuaiscirt agus muintir an deiscirt ar a chéile.

Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.  Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Ciarán Dawson – ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’'