O’Toole éirithe as a chúram mar Chathaoirleach ar Choimisiún Uisce

Dúirt an t-iarsheanadóir Gaeltachta le déanaí gur cheart do dhaoine íoc as córas uisce

File Photo The chair of the Expert Commission on Water

Tá an t-iarsheanadóir Gaeltachta Joe O’Toole éirithe as a chúram mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Neamhspleách ar Tháillí Uisce.

Tharraing O’Toole conspóid air féin le déanaí nuair a dúirt sé gur cheart do dhaoine íoc as córas uisce, agus i ráiteas a d’eisigh sé tráthnóna thug sé le fios go raibh sé ag éirí as mar nach raibh Fianna Fáil sásta go bhfanfadh sé mar chathaoirleach ar an gcoimisiún uisce.

Dúirt sé gurb é an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Simon Coveney a thug le fios dó nach raibh Fianna Fáil sásta comhoibriú leis an Rialtas i dtaobh cheist an uisce fad is bheadh sé ina chathaoirleach ar an gcoiste.

“In ainneoin na tacaíochta a léirigh an tAire Coveney ní fhéadfainn cur suas leis seo agus mar sin tá sé i gceist agam tarraingt siar ón gcathaoirleacht.”

Bhí O’Toole sásta go raibh an cinneadh ceart déanta aige.

“Táim sásta gur chuireas mo chuid tuairimí ar an dtaifead go macánta agus go trédhearcach,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé toilteanach i gcónaí a chuid a dhéanamh ar son an Stáit.

Bhí Fianna Fáil ag iarraidh go n-éireodh O’Toole as tar éis dó tacú go poiblí leis an dearcadh gur chóir do dhaoine íoc as córas uisce.

Fág freagra ar 'O’Toole éirithe as a chúram mar Chathaoirleach ar Choimisiún Uisce'

  • Máire Ní Fhinneadha

    yuck