Ón gCraoibhín Aoibhinn go dtí carrchlós Fíbín – leabhar nua faoi dhrámaíocht na Gaeilge

Labhair Tuairisc.ie Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Róisín Ní Ghairbhí faoin leabhar nua ‘Ó Chleamairí go Ceamaraí…’

Ón gCraoibhín Aoibhinn go dtí carrchlós Fíbín – leabhar nua faoi dhrámaíocht na Gaeilge

Ag comhdháil in 2017 a bhí céadsíol an leabhair seo,” a deir Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus í ag caint ar céard a spreag an leabhar Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil .

D’eagraigh Ní Mhuircheartaigh an chomhdháil drámaíochta agus teilifíse ‘Ó Chleamairí go Ceamaraí’ i mí Feabhra 2017 agus tháinig cleachtóirí agus taighdeoirí le chéile le plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de scéal na drámaíochta.

“Bhraitheas go raibh borradh faoi réimsí áirithe den drámaíocht chomhaimseartha – an drámaíocht do pháistí, mar shampla – agus go raibh deis ann cur leis an bplé agus léargais na gcleachtóirí a chur ar an taifead.”

Deir Róisín Ní Ghairbhí, a chuir an leabhar in eagar in éineacht le hEadaoin agus Pádraig Ó Liatháin go raibh spéis riamh sa drámaíocht aici. “Bhí mo chroí istigh riamh i saol an taibhléirithe. Ní dual do neach treabh a thréigean is dócha – b’álainn an rud é filleadh ar chomhluadar na héigse arís eile. Seanchairde iad Éadaoin agus Pádraig agus go leor de na húdair a bhfuil aistí acu sa leabhar.”

Deir an léachtóir ó Choláiste Mhuire gan Smál go bhfuil “móiminteam ar leith sa ghort taighde seo le tamall de bhlianta”.

“Chuir an leabhar fóram níos foirmeálta ar fáil dúinn le cur le chéile agus an drámaíocht agus cúrsaí taibhléirithe a phlé ar shlí níos leithne agus an plé san a chur ar an dtaifead.”

Maidir leis an leabhar féin, deir Éadaoin Ní Mhuircheartaigh go bhfuil “an-éagsúlacht” ag baint leis an ábhar agus go gcíortar ceisteanna ó thréimhsí éagsúla.

“Mar shampla,” ar sí, “pléann an tOllamh Liam Mac Mathúna aoir dhrámatúil leis an gCraoibhín Aoibhinn a cumadh sa bhliain 1903; agus tá agallamh le Darach Ó Tuairisg ina bpléitear an dráma Fiach, a léiríodh i gcarrchlós Fíbín anuraidh.”

Céard é buaicphointe an leabhair, dar le Róisín Ní Ghairbhí?

“An meascán guthanna atá ann, daoine ó cheann ceann na tíre, idir chuntais scolártha agus fianaise atá te bruite ón ardán agus ón mbóthar,” ar sí. “Allagar ann féin an comhrá a dhéanann na caibidlí agus na hagallaimh éagsúla sa leabhar lena chéile.”

Cén dúshlán is mó a bhí rompu agus iad ag iarraidh an leabhar seo a chur le chéile?

“Bhain dúshlán ar leith leis an obair a chur i gcrích agus srianta dianghlasála i bhfeidhm – leabharlanna agus cartlanna dúnta, go leor againn ag teagasc ón mbaile, gan trácht ar an gcur isteach ar shaol na n-ealaíon,” arsa Éadaoin.

“Ach má bhí dúshlán ag baint leis an togra a thabhairt chun críche i lár paindéime, thug na haistí agus na hagallaimh ardú croí dúinn chomh maith agus an saol go léir ag clutharú.”

Luann an bheirt cuid de na nithe a tháinig chun solais agus iad ag obair ar an leabhar.

“Bhí cuid de sheanchas Na Fánaithe cloiste agam gan dabht ach b’oscailt súl na cuntais a chuir Diarmaid de Faoite agus Aodh Ó Coileáin ar fáil,” a deir Róisín Ní Ghairbhí. “Níor thuig mé a mhéid agus a bhain siad amach, agus a dhána agus a bhíodar ar bhonn ealaíne. Mar an gcéanna le Siamsa Tíre, bhí na seónna feicthe agam go minic agus ba mhinic mé i dTeach Siamsa i gCorca Dhuibhne ach ní raibh a fhios agam a idirnáisiúnta agus a bhí fís an Athar Pat Ahern agus é ag bunú na hamharclainne.”

Deir sí go raibh cuid de shaothar Chiara Ní É agus Eoin McEvoy feicthe aici ach nár thuig sí gur chuir sí agallamh orthu don leabhar an oiread a bhí déanta acu féin agus ag pobal ealaíne AerachAiteachGaelach.

“Mar dhuine de na heagarthóirí, braithim go raibh deis agam níos mó aithne a chur ar dhaoine go raibh ardmheas agam orthu cheana agus tá súil agam go mbeidh an mothú céanna ag léitheoirí – gur deis an leabhar tamall a chaitheamh i gcomhluadar daoine suimiúla. Tá misniú sa leabhar.”

Tá cúpla rud a sheas amach d’Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus í i mbun oibre ar an leabhar chomh maith.

“Chuamar ‘ag fánaíocht’ le Diarmuid de Faoite ina thuairisc ar léirithe agus camchuairteanna na bhFánaithe sna 1980idí agus na 1990idí; roinn Celia de Fréine gnéithe dá próiseas scríbhneoireachta linn agus thug cuntas ar na scríbhneoirí a chuaigh i bhfeidhm ar a saothar drámata féin; fuaireamar léargas ar thábhacht na healaíne i saol an pháiste in aiste Mharc Mhic Lochlainn – gan ach beagán a lua,” ar sí.

“Tá éachtaint ar ilghnéitheacht agus ar shaibhreas na dtaibhealaíon Gaeilge ó údair éagsúla sa bhailiúchán seo agus tá súil agam go mbeidh spreagadh agus ábhar machnaimh ann do léitheoirí freisin.”

Cé air a bhfuil an leabhar dírithe, mar sin?

Deir na heagarthóirí go bhfuil an leabhar dírithe ar thaighdeoirí, lucht drámaíochta, mic léinn agus ar an bpobal a chuireann spéis i ndrámaíocht na Gaeilge.

“Bhí sé i gceist againn riamh gur leabhar é seo a gcuirfeadh raon leathan daoine –  an cleachtóir, an mac léinn agus an gnáthléitheoir – suim ann,” a deir Róisín Ní Ghairbhí.

“An rud ba bhreá linn is dócha ná go léifeadh daoine an leabhar seo san earrach, agus go spreagfaí agus go misneofaí an té a léifeadh, go gcuirfí síol smaointe ina gceann agus go mbeadh toradh sa bhfómhar: cumainn nua, dráma nua ar stáitse nó siollabas, gréasán nó cur chuige nua.”

Is léir gur bhain na heagarthóirí an-sásamh as a bheith ag obair ar an leabhar agus ar an togra seo agus go ndeachaigh cuid de na daoine ar tháinig siad trasna orthu i bhfeidhm go mór orthu.

“Agus an leabhar seo á chur le chéile, thuig mé an áit mhór atá ag an drámaíocht i mo shaol,” a deir Róisín. “Thuig mé freisin a luachmhaire agus a bhí agus atá comhluadar lucht ealaíne.  Dream ar leith iad lucht drámaíochta, tá fís acu agus is é an rud a thiomáineann iad ná an fhís sin a roinnt leis an bpobal. Nach é sin an rud is luachmhaire ar fad?”

  • Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí go luath san Athbhliain. CLÓ atá á fhoilsiú

Fág freagra ar 'Ón gCraoibhín Aoibhinn go dtí carrchlós Fíbín – leabhar nua faoi dhrámaíocht na Gaeilge'