‘Is iontach ar fad, agus a uirísle a bhí sé…nach n-insíonn sé in áit éigin go raibh eaglaiseach mór eile ag obair sa tír seo roimhe le tríocha bliain agus go raibh cuid mhaith den chreidiúint ag dul dósan de bharr fhás na hEaglaise.’
Mar sin a chaitheann an Dr Liam Mac Philbín amhras ar na ráitis go raibh soiscéalaí eile in Éirinn roimh Phádraig Mac Calpruinn, nó Naomh Pádraig.
An t-alt is mó, b’fhéidir, a thacaíonn le seasamh Mhic Philibín, ná alt 19 den Fhaoistin, mar a ndeir Pádraig féin linn go raibh na ceantair thart ar an gcalafort inar tháinig a long i dtír ina bhfásach. Ocht lá agus fiche a chaith an fhoireann ag siúl sular casadh duine orthu, a dúirt leo go raibh gorta sa dúthaigh.
Cé nach gá don scéal a bheith amhlaidh, tuairimíonn Mac Philibín gurb ionann gorta a bheith ann agus slad a bheith déanta ar an tír, agus gur tharla an slad díreach sular leaindeáil criú Phádraig. Mura díreach roimhe sin a tharla an slad, a deir Mac Philibín, ní thabharfadh an criú a n-aghaidh ar Éirinn in aon chor:
‘Ba é tuairim [Eoin] Mhic Néill, ag leanúint [J.B.] Bury dó, nach bhfuil ócáid ar bith arbh eol dúinn a leithéid de dhrochbhail a bheith chomh forleathan ar an nGaill ach le linn ruathar na Vandal agus roinnt treibheanna eile ó oirthear na hEorpa. Dá bharr sin, is dóigh le Mac Néill gur shroich Pádraig an Mhór-Roinn go luath sa bhliain 407, díreach tar éis teacht na mbarbarach.’
De réir an traidisiúin, ar ndóigh, ba sa bhliain 432 a tháinig Pádraig chomh fada le hÉirinn, tar éis don Phápa é a sheoladh chugainn. Is é a deir scoláirí na linne seo, an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín ina measc, gur chuir an Pápa fear darbh ainm Palladius, nárbh ionann é agus Naomh Pádraig in aon chor, chun na tíre seo. Ba é an fear eile seo, Palladius, ba chúis le scaipeadh na Críostaíochta i dtosach báire in Éirinn, más fíor, agus ba é ba thúisce den bheirt a leag cos ar an oileán seo.
Lena cheart a thabhairt do Liam Mac Philibín, admhaíonn sé i réamhrá Mise Pádraig gurb é Palladius an chéad easpag ‘is eol dúinn a bheith curtha i gceannas na hEaglaise in Éirinn’, ach díríonn ár n-aird an athuair ar scéal na mblianta, agus ar thuiscint Eoin Mhic Néill ar chúrsaí:
‘Más sa bhliain 407 a d’éirigh le Pádraig teitheadh, is léir gur sa bhliain 401 a gabhadh é, mar deir sé gur chaith sé sé bliana i mbraighdeanas (F 17). Is léir fós gur rugadh é tuairim na bliana 385, mar deir sé go raibh sé timpeall sé bliana déag d’aois nuair a gabhadh é (F1). Tá dáta seo a bhreithe ag teacht go maith le cuntas Annála na hÉireann, a deir gur sa bhliain 431 a tháinig Palladius go dtí an tír seo.’
Is dealraitheach nach mbréagnaíonn focail Phádraig féin an léamh sin ar an scéal; de réir alt 15 den Fhaoistin, is tar éis tríocha bliain a ciontaíodh Pádraig de dheasca peaca a rinne sé nuair nach raibh sé ach cúig bliana déag nó mar sin. D’fhágfadh sin gur timpeall 430-431 a bhíothas lena chur go hÉirinn den chéad uair, ach gur toghadh duine eile ina áit.
Má toghadh, is é a deir sé féin san Fhaoistin gur thriall sé ar ‘na réigiúin in imigéin nach raibh duine ar bith níos faide siar, áit nár tháinig aon duine riamh le baisteadh nó le cléir a oirniú nó leis an bpobal a chur faoi láimh easpaig.’
Dóibh siúd a thugann aon tor ar an gCríostaíocht sa lá inniu, is í an teachtaireacht is tábhachtaí, ar ndóigh, seachas an teachtaire. Mar sin féin, cuntas an-suimiúil é an Confessio ina labhraíonn Pádraig ón gcroí amach, de bharr a chuid Laidine a bheith ag teacht le caint na ndaoine, seachas leis an gcineál Laidine a scríobhtaí an t-am sin. Lena chois sin, is breá an Ghaeilge atá curtha ag Liam Mac Philibín ar theanga na buncháipéise agus ar smaointe Phádraig.
As a stuaim féin, de réir dealraimh, a d’fhéach Pádraig leis an gCríostaíocht a scaipeadh in Éirinn, seachas ar aon ordú ón bPápa nó ó aon údarás eile. Más fíor go ndearnadh duine amháin de féin agus de Palladius ó thaobh an bhéaloidis de, ní bhaineann sin puinn dá dhiongbháilteacht ná de thábhacht a mhisin.
An imní is mó a bhí air i ndeireadh báire ná go dtráfadh an creideamh i gcríocha na hÉireann.
‘…nár lige mo Dhia dom go gcaillfinn choíche a phobal a cheannaigh sé in imchian an domhain’, a deir sé ag deireadh an Confessio.
Pé rud atá i ndán don chreideamh, áfach, mairfidh ainm Phádraig go brách na breithe.
Fág freagra ar 'ÓN gCARTLANN: Arbh é Pádraig a thug an Chríostaíocht go hÉirinn i ndáiríre?'