Olc is maith ag baint le Greta Thunberg a bheith i lár an aonaigh i gcónaí

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Ní uirthi féin atá an locht, ach bíonn Greta Thunberg i lár an aonaigh áit ar bith a dtéann sí. Is léir go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis sin

Olc is maith ag baint le Greta Thunberg a bheith i lár an aonaigh i gcónaí

Bhí an gníomhaí aeráide óg ón tSualainn, Greta Thunberg, i dTír na Sámach, i dtuaisceart Chríoch Lochlann, an lá cheana. Lá náisiúnta na Sámach (pobal bundúchasach a bhfuil cónaí orthu i dtuaisceart na hIorua, na Sualainne, na Fionlainne agus na Rúise) a bhí ann agus bhí an t-aonach bliantúil réinfhianna ar siúl i mbaile beag Jåhkåmåhkke i dtuaisceart na Sualainne.

Bíonn Greta Thunberg i lár an aonaigh áit ar bith a dtéann sí, agus más aon fhianaise an tuairisc theilifíse a chonaic an Saoithín Aeráide ba í a bhí i lár aonach traidisiúnta réinfhianna na Sámach i Jåhkåmåhkke i mbliana. Ar eagla na míthuisceana, ní haon cháineadh ar Thunberg féin atá sa ráiteas sin. Go deimhin bíonn an Saoithín Aeráide buartha ó am go chéile faoin tionchar síceolaíoch a chaithfeadh  a bheith ag an aird ar fad a bhíonn ag na meáin uirthi ar an ngníomhaí aeráide óg (gan trácht ar na maslaí a chaitheann tráchtairí agus go deimhin ceannairí domhanda áirithe léi go tiubh).

Ach chonaic muid an mhí seo caite, nuair a ghearr an Associated Press an gníomhaí aeráide óg as Uganda, Vanessa Nakate, amach as grianghraf, go mbíonn fothoradh contúirteach uaireanta ag baint leis an stádas réalta a bhronn na meáin ar Greta Thunberg. Déantar dearmad ar ghníomhaithe aeráide eile.

Samhlaíonn an Saoithín Aeráide, a chaith seal ina fhísiriseoir fadó, gurbh é grianghrafadóir Associated Press a dúirt le Thunberg seasamh i lár an phictiúir ar gearradh Nakate amach as: ní hí Thunberg féin ach na meáin a bhíonn á cur sa spotsolas, go síoraí seasta, áit ar bith a dtéann sí.

Sa tuairisc teilifíse faoi aonach réinfhianna na Sámach a chonaic an Saoithín Aeráide, bhí bratach mhór dhearg a raibh an mana Indigenous Rights = Climate Justice clóite uirthi á coinneáil in airde ag triúr ógánach. Bhí feisteas traidisiúnta na Sámach ar an mbeirt ar an dá thaobh. Cé a bhí sa lár? Greta Thunberg.

D’fhéadfadh duine colún ann féin a scríobh faoi íoróin an phictiúir sin ó thaobh na staire de. Ar feadh na gcéadta bliain rinne an tSualainn agus a comharsana i dtuaisceart na hEorpa – sinsir Thunberg, i bhfocail eile – cos ar bolg brúidiúil ar phobal na Sámach, agus creach ar shaibhreas nádúrtha a ndúthaigh.

Ach ba í eagraíocht na Sámach óg sa tSualainn, Sáminuorra, a thug cuireadh do Greta Thunberg a bheith i lár an aonaigh ag aonach réinfhianna Jåhkåmåhkke agus bhí ceannaire Sáminuorra, Sanna Vannar, an-phragmatach faoin gceist: ‘Tugann sí [Thunberg] glór d’óige na Sámach agus cloisfear ár scéalta.’

Baineann cuid mhór de na scéalta sin le hearnáil thraidisiúnta na réinfhianna, atá i mbaol ní hamháin ó théamh an domhain féin ach, chomh maith leis sin, ó iarrachtaí dul i ngleic leis an athrú aeráide: tá cuid de na feirmeacha gaoithe is mó san Eoraip á mbeartú ar thailte féaraigh traidisiúnta na Sámach san Iorua.

Ní mór foghlaim ó na Sámaigh agus ó phobail bhundúchasacha eile a chaitheann a saol i gcomhar leis an dúlra, an teachtaireacht a bhí ag Greta Thunberg do na ceamaraí a bhí dírithe uirthi.

Fág freagra ar 'Olc is maith ag baint le Greta Thunberg a bheith i lár an aonaigh i gcónaí'