Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020 i measc na mball foirne a bhfuil a bpost caillte acu

Dúirt Gaillimh 2020 nach bhféadfaí aon soiléiriú a thabhairt faoi na himpleachtaí a bheadh ag an ngéarchéim Covid-19 ar imeachtaí Gaeilge na féile

Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020 i measc na mball foirne a bhfuil a bpost caillte acu

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020 i measc an naonúr déag d’fhoireann na féile a bhfuil deireadh curtha lena bpost mar chuid de na hathruithe atá á gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht de bharr na paindéime. 

Dheimhnigh urlabhraí ó Gaillimh 2020 le Tuairisc.ie go raibh postanna caillte “go sealadach” ag 19 den 30 duine atá ar “lárfhoireann Gaillimh 2020”. 

“Is féidir linn a dheimhniú go bhfuil 19 fostaí as an 30 atá ar lárfhoireann Gaillimh 2020 buailte agus a bpostanna caillte acu go sealadach ar feadh trí seachtaine,” a dúirt urlabhraí Gaillimh 2020.

Tá Oifigeach Gaeilge na heagraíochta Freda Nic Giolla Chatháin ar dhuine de na fostaithe a bhfuil a bpost caillte acu.

Maidir leis na hathruithe a d’fhéadfaí a chur ar imeachtaí Gaeilge a bhí beartaithe mar chuid de chlár Gaillimh 2020 dúradh nach bhféadfaidís aon soiléiriú a thabhairt faoi sin. 

“Táimid ag obair go dlúth lenár ngeallsealbhóirí agus cinntí tábhachtacha á ndéanamh againn agus muid ag súil go n-éireoidh linn clár imeachtaí bríomhara feidhmiúla a ullmhú a chuirfear ar siúl níos deireanaí sa bhliain, fiú agus go mbeidh an clár sin níos lú ná mar a bhí i gceist roimh an ráig seo.

“Tá an clár nua sin á fhorbairt faoi láthair agus níl sé féin ná na tionscnaimh Ghaeilge a bheidh ann ullamh go fóill,” a dúirt urlabhraí ó Gaillimh2020. 

Nuair a thosaigh ráig an choróinvíris in Éirinn, cuireadh ar ceal an mhí seo caite mórthionscadal Gaeilge Gaillimh 2020 ‘Sruth na Gaeilge’, a bhí á léiriú ag Branar. 

Dúirt Gaillimh 2020 inné go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag an bhord ar chlár Gaillimh 2020 le roinnt seachtainí anuas agus go raibh “cinntí tábhachtacha” á ndéanamh acu faoi thodhchaí na féile. 

I measc na gciorruithe atá déanta ar chlár Gaillimh 2020, tá deireadh curtha lena gconradh le Artichoke, stiúrthóir páirtnéireachta ealaíona na heagraíochta. 

Ag labhairt dó thar ceann an Bhoird, dúirt an Cathaoirleach, Arthur Lappin go rabhthas “aireach faoin misean atá mar bhonn agus mar thaca ag Gaillimh 2020 ón tús – clár a chur ar fáil a dhéanfadh ceiliúradh ar chruthaitheacht na Gaillimhe”.

“Déanfaimid ár ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach coinsiasach agus éifeachtach laistigh de na hacmhainní agus na srianta a gearradh orainn. Tá sé tábhachtach a rá gurb iad na cinntí atá á dhéanamh againn anois an t-aon bhealach atá againn le feidhmiú go freagrach sna cúinsí reatha. 

“Leanfaidh Bord Gaillimh 2020 ag dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara sna seachtainí amach romhainn chun cinntí níos fadtéarmaí a dhéanamh i bhfianaise na srianta maoinithe agus ama agus cuirfear ráiteas poiblí eile amach nuair a bheidh an obair sin críochnaithe,” a dúirt an cathaoirleach.

Fág freagra ar 'Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020 i measc na mball foirne a bhfuil a bpost caillte acu'