Oifigeach Gaeilge ceaptha ag CLG Uladh den chéad uair

Tá Tricia Ní Chearra ceaptha ag CLG Uladh i gcomhar le Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcumainn an chúige

Tá Oifigeach Gaeilge fostaithe den chéad uair riamh ag CLG Uladh agus Tricia Ní Chearra ceaptha ag an gComhairle i gcomhar le Foras na Gaeilge.

Thosaigh Ní Chearra, arb as an nGleann i gcontae an Dúin di, sa phost nua roimh an Nollaig agus tá sí anois ag obair le Roinn Forbartha Pobail an Chumainn chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an chúige.

Cruthaíodh an post nua i gcomhar le Foras na Gaeilge mar chuid de Phlean Straitéise CLG Uladh 2016-2020.

Tá CLG Uladh ag obair le roinnt blianta anuas ar an ról nua seo a chruthú agus dúirt Diarmaid Marsden, ceann na Roinne Forbartha Pobail sa chumann, go raibh áthas orthu go mbeadh Ní Chearra ag obair leo feasta.

Dúirt ceann na Roinne, Diarmaid Marsden:

“Tá cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir ag croí an phoist seo, ag leibhéal an chontae agus ag leibhéal na gclubanna fud fad an chúige,” arsa Marsden.

“Tá pointe teagmhála anois againn chun comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun cinn agus forbairt na teanga, agus tá súil againn go gcruthófar comhfhiontair agus comhpháirtíocht idir na contaetha agus na clubanna, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí éagsúla in earnáil na Gaeilge agus in earnáil an oideachais amach anseo.”

Ag tús 2018, rinne Comhairle Uladh iniúchadh ar na clubanna uile maidir le stádas úsáid na Gaeilge sna clubanna i gcúige Uladh. Beidh Ní Chearra anois ag obair ar thionscadal teanga dár teideal ‘An Cumann Gaelach’, agus rún aici acmhainní a chur ar fáil do chlubanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'Oifigeach Gaeilge ceaptha ag CLG Uladh den chéad uair'