Tá na “socruithe deireanacha” á ndéanamh ag Conradh na Gaeilge le hoifig Ghaeltachta a oscailt i nGaeltacht na Gaillimhe an samhradh seo.
Is ar an Tulaigh i gCois Fharraige a bheidh an oifig nua lonnaithe agus beidh sí ar fáil d’fhoireann an Chonartha “atá lonnaithe sa Ghaeltacht” agus do bhaill eile foirne a thiocfaidh chun na háite ó am go chéile.
Is i gceannáras Fíbín, an comhlacht drámaíochta agus léiriúcháin, atá díreach in aice le ceannáras TG4, a bheidh an oifig nua.
Is ar cíos ón Fíbín – ar leo an foirgneamh ar fad – a bheidh an oifig ag Conradh na Gaeilge.
Glacadh le rún ag Ard-Fheis an Chonartha in 2021 go mbunófaí oifig de chuid na heagraíochta i gceantar Gaeltachta. Tá ‘Meitheal Ghaeltachta’ an Chonartha ag feidhmiú le tamall de bhlianta anuas le “gnéithe d’obair na heagraíochta a bhaineann leis an nGaeltacht a oscailt amach chuig an bpobal agus le plé a chothú idir ionadaithe agus grúpaí Gaeltachta”.
“Fiú sular ritheadh an rún, bhí sé i gcónaí mar sprioc ag an gConradh go mbeadh oifig Ghaeltachta againn agus go mbeadh an eagraíocht níos ionadaíche ar phobal na Gaeltachta. Tá roinnt mhaith den fhoireann ag cianobair ón gceantar le tamall – tá daoine lonnaithe idir an Cheathrú Rua agus cathair na Gaillimhe – agus tá ‘Dréimire’ [seirbhís aistriúcháin an Chonartha] le leathnú amach sna míonna amach romhainn agus cuid de na fostaithe nua le lonnú san oifig nua chomh maith,” a dúirt Aodhán Ó Deá, Leas-Ardrúnaí an Chonartha le Tuairisc.
Tuigtear do Tuairisc go mbeidh leithéidí Róisín Ní Chinnéide, bainisteoir Abhcóideachta ó Dheas; Jessy Ní Cheallaigh Comhordaitheoir Tionscadal agus Feachtais Feasachta; agus Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide, i measc na ndaoine is mó a bhainfidh úsáid as an oifig nua. Beidh duine ón scéim ‘Dréimire’, seirbhís aistriúcháin an Chonartha, san oifig freisin.
Níl duine ar bith fostaithe ag Conradh na Gaeilge a bhíonn ag plé go sonrach le cúrsaí Gaeltachta agus dheimhnigh Ó Deá do Tuairisc nach bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht duine nua a fhostú ina leithéid de ról san oifig nua.
“Níl sé i gceist againn ‘Oifigeach Gaeltachta’ ná a leithéid a fhostú faoi láthair cé gur bhreá linn é a dhéanamh amach anseo. Níl maoiniú againn i gcomhair post mar sin i láthair na huaire, ach cinnte dá mbeadh an maoiniú ar fáil ba bhreá linn daoine a lonnú sna ceantair Ghaeltachta ar fad,” a dúirt sé.
Tá súil ag an gConradh go mbeidh an Oifig Ghaeltachta oscailte faoi lár na míosa seo chugainn.
Proinsias
Deascéal. Tá go leor ráitis chiallmhara á eisiúint acu faoin ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht ag an gConradh.
Máirín
Ní Conradh na Gaeilge a casfaidh an taoide sa nGaeltacht ach dá ndíreodh siad ar réiteach a fháil ar an ngéarchéim teanga atá ins na scoileanna Gaeltachta bheadh tuismitheoirí Gaeltachta atá ag tógáil páistí le Gaeilge an-bhuíoch díobh.
LiamÓBroin
Maidir le pointe Mháirín, ní hé ról an Chonartha an ghéarchéim teanga a leigheas ins na scoileanna Gaeltachta! Sin ról bhoird bainistíochta agus bainistíocht scoile. Muna bhfuil an tiomantas acu siúd i leith na Gaeilge, tá an cath rite ag na tuismitheoirí bochta agus ag óige na Gaeltachta.
JP
‘Cath rite’? Beir uaim thú!
Braitheann sé sin ar an duine féin. Tá cuid againn níos tréithiúla ná sin. I saol an Bhéarla a tógadh mise ach d’fhoghlaimíos Gaeilge as mo stuaim féin. Bhí an t-ádh liom gur casadh múinteoir AMHÁIN im threo a raibh sár-Ghaeilge aige. Bhí lé agam lenár dteanga dúchais agus cion agam uirthi, b’in é an ‘tiomantas’ a bhí uaimse!