Oibríocht mhíleata dhána na hÚcráine

900 lá ó thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá ionradh á dhéanamh ag an Úcráin ar cheantar Kursk san Rúis. Ach cén fáth?

Oibríocht mhíleata dhána na hÚcráine

Tá a lán cur agus cúiteamh faoin bhfáth go bhfuil ionradh á dhéanamh ag an Úcráin ar réigiún Kursk san Rúis ag am go bhfuil 20% den Úcráin i seilbh na Rúise agus an Úcráin ag streachailt chun an líne thosaigh a chosaint. Cén fáth go bhfuil seo ar siúl ag an Úcráin mar sin? Seo 10 sprioc nó buntáiste a d’fhéadfadh a bheith ag an ionsaí seo don Úcráin.

  1. Misneach phobal na hÚcráine a threisiú.
  2. Dochar a dhéanamh do mhisneach phobal na Rúise.
  3. Tá fórsaí na hÚcráine céim ar gcúl le míonna anuas agus tá sin casta an bealach eile thart acu anois.
  4. Smacht a fháil ar chogadh an eolais agus ar an scéal atá á insint faoin gcogadh. Tá sé athraithe – faoi láthair – ó ‘Tá an Úcráin ag cailliúint agus caithfidh siad margadh a dhéanamh leis an Rúis’ go dtí ‘An Úcráin ag déanamh ionradh ar an Rúis!’. Fiú san Rúis fhéin theip ar iarrachtaí na meán oifigiúil sa chéad dhá lá den ionradh tabhairt le fios go raibh cúrsaí faoi smacht ag an rialtas.
  5. Tá sé níos éasca don Úcráin ionsaí a dhéanamh ar réigiún sa Rúis mar nach bhfuil cosaint láidir ann toisc nach raibh an Rúis ag súil le hionsaí ann.
  6. Cuireann sé iachall ar an Rúis fórsaí a bhogadh ón líne thosaigh san Úcráin, rud a laghdóidh an brú ar an Úcráin ansin.
  7. Cuireann sé cruth eile ar an gcaint ar fad faoin gcogadh a reo ag na línte tosaigh mar atá. D’oir an chaint sin don Rúis go dtí seo. Anois is cúis mhór náire don Rúis a leithéid de chaint.
  8. Má éiríonn leis an Úcráin greim a choimeád ar chuid den Rúis tabharfaidh sé rud éigin dóibh le malartú chun cuid dá dtír fhéin a fháil ar ais ón Rúis.
  9. Is léir go gcreideann an Úcráin gur ‘líne dhearg’ eile í seo is féidir a shárú gan an spéir titim anuas orthu. Má tá an ceart acu, laghdóidh sé tuilleadh ceann de phríomhbhuntáistí na Creimile sa chogadh – an eagla roimh dhúmhál núicléach na Rúise agus na srianta atá curtha ag an iarthar ar chumas na hÚcráine troid ar ais i gcoinne ionradh na Rúise dá bharr sin.
  10. Náiríonn sé Putin ‘an fear láidir’ go pearsanta i súile phobal na Rúise.

Tá amhras ann ag an bpointe seo den chogadh faoi chumas fhórsaí ídithe na hÚcráine greim a choimeád ar sciar suntasach den Rúis. Ar bhonn míleata bheadh sé i bhfad níb fhearr dóibh ionradh a bheith déanta acu ar an Rúis an samhradh seo caite seachas na fórsaí agus na stoic airm a bhí cruinnithe acu an t-am sin a ídiú ar ionsaithe i gcoinne cosaintí láidre na Rúise ar an líne thosaigh san Úcráin.

Ach bhí an eagla roimh ‘línte dearga’ na Rúise i bhfad níos láidir i measc lucht tacaíochta na hÚcráine san iarthar an t-am sin agus mar sin ní raibh an rogha sin acu. Tá luas faoin gcogadh faoi láthair mar gheall ar an bhforbairt seo, ach luath nó mall ciúnóidh cúrsaí síos arís, agus tiocfaidh an chaint faoi chainteanna síochána chun tosaigh arís. Beidh an Úcráin ag súil go mbeidh a lámh neartaithe acu ag dul isteach sna cainteanna sin mar gheall ar an oibríocht mhíleata dhána seo.

Fág freagra ar 'Oibríocht mhíleata dhána na hÚcráine'