Ochtar eile básaithe, 393 cás nua den víreas deimhnithe

Ní raibh aon bhás de dheasca an víris le fógairt i dTuaisceart Éireann don cheathrú lá as a chéile

Ochtar eile básaithe, 393 cás nua den víreas deimhnithe

Tá ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 393 cás nua den ghalar a deimhníodh.

Maidir leis na básanna is déanaí a fógraíodh, bhásaigh triúr an mhí seo, bhásaigh beirt mí Márta agus bhásaigh triúr eile mí Feabhra nó roimhe sin.

131 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 36 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, tráthnóna: 

“Ba mhaith linn uilig gur cor cinniúnach i scéal na paindéime a bheidh i scaoileadh na srianta an tseachtain seo chugainn. D’oibríomar go dian le scaipeadh an ghalair seo a laghdú. Tá breis is 30% de dhaoine fásta na tíre vacsaínithe anois agus tá sé in am dóchas a bheith againn agus tosú ag pleanáil don samhradh.  

“Tá na cinntí a dhéanann muid anois an-tábhachtach le líon na gcásanna Covid-19 a choinneáil chomh híseal agus is féidir sa mBealtaine agus i mí an Mheithimh. Seachain sluaite agus bí amuigh faoin aer chomh minic agus is féidir leat. 

“Bíodh na comharthaí sóirt ar eolas agat agus má airíonn tú aon cheann acu, fan amach ó dhaoine ar an bpointe agus glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh. Cosnóidh tú chuile dhuine ar d’aithne ón víreas má chosnaíonn tú thú féin.”   

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,201,373 duine agus an dara dáileog faighte ag 454,493 duine.

Bhain 42 de na cásanna nua a fógraíodh inniu le Corcaigh, bhí 26 cás i nDún na nGall, 15 cás a bhí i gcontae na Mí agus naoi gcás a bhí i nGaillimh.

Bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí agus ní raibh cás nua ar bith le fógairt i Maigh Eo.

Meánráta 130 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Tá an ráta i nDún na nGall tite go dtí 270 ach is ann atá an ráta is airde sa stát go fóill. Ráta 144 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 85 a bhí i nGaillimh, 81 a bhí i gCorcaigh agus 71 a bhí i bPort Láirge. Ráta 45 a bhí i Maigh Eo agus 13 a bhí i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris, an ceathrú lá as a chéile nach raibh aon bhás nua le fógairt ann. 102 cás nua a deimhníodh.

Fógraíodh go raibh tréithchineál nua den Covid-19 a bhain leis an India tolgtha ag seachtar sa Tuaisceart.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis ansin, an Dr Michael McBride go ndéanfaí an baol don tsláinte phoiblí a scrúdú go mion agus go rachfaí i dteagmháil le gach duine a bhí i dteagmháil leis an seachtar atá buailte.  

“Ní hé nach rabhthas ag súil leis seo agus bhí pleananna déanta againn roimh ré le déileáil lena leithéid,” a dúirt sé.  

“Cé go bhfuil bearta seachanta amhail cosc taistil an-tábhachtach, ní dhéanfaidh siad ach moill a chur ar scaipeadh na gcineálacha atá in áiteanna eile. Is mar a chéile a scaipeann gach cineál den Covid-19 agus le muid féin a chosaint, níl againn ach cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus an vacsaín a fháil nuair a thairgfear dúinn í. Tá an scaradh sóisialta, níochán na lámh, an masc aghaidhe agus gan bualadh le mórán daoine fós fíorthábhachtach. Ní mór cuimhneamh gur mó an chontúirt faoi dhíon, go háirithe in áiteanna atá plódaithe nó gan aeráil mhaith iontu,” a dúirt an Dr McBride. 

67 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 957,063 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 459,763.

7,067 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,146 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,921 duine ó dheas di.

372,176 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 251,474 cás ó dheas den teorainn agus 120,702 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Ochtar eile básaithe, 393 cás nua den víreas deimhnithe'