Ocht bhfíseán le sainscileanna smididh a mhúineadh do gach duine

Tá rogha déanta ag ár gcomhfhreagraí de na físeáin is fearr le duine a oiliúint i scileanna smididh agus iad sáinnithe sa mbaile

Ocht bhfíseán le sainscileanna smididh a mhúineadh do gach duine

Bíonn cleasa dá gcuid féin ag gach máistir ceirde agus is cinnte go bhfuil neart acu ag saineolaithe smididh. Tá go leor de na saineolaithe sin breá sásta a gcuid scileanna a roinnt leis an bpobal agus is minic gur trí fhíseáin ar YouTube a dhéantar sin.

Tá deis againn ar fad anois nuair atá srianta móra orainn ag Covid-19 agus am le meilt againn tabhairt faoi chuid de na cleasa smididh sin a fhoghlaim dúinn féin.

Tá bailiúchán déanta agam de chuid de na físeáin is fearr ar YouTube leis na scileanna éagsúla a mhúineadh go simplí do dhaoine. Seo do sheans ceann in aghaidh an lae de na scileanna seo a fhoghlaim duit féin agus a chleachtadh le go mbeidh tú i do shaineolaí ceart faoi dheireadh na seachtain seo chugainn.

 

Cúram cnis: https://www.youtube.com/watch?v=i0jwEXrl9Xo

Caithfear tosú leis an gcúram cnis mar is bunchloch é sin don smideadh féin. Seo físeán ó ‘The Anna Edit’ as Sasana. Tosaíonn sí le turas timpeall ar an mbailiúchán d’earraí cúram cnis atá aici. Tugann sí cuntas ansin ar na nósanna agus cleachtais atá aici gach maidin agus oíche. Tá cleasa maith le foghlaim uaithi agus tugann sí liosta de na hearraí atá in úsáid aici agus nascanna chun  iad a cheannach duit féin.

 

Bonnsmideadhhttps://www.youtube.com/watch?v=qBvbaRSrIgo

Seo físeán ó Nam Vo, smideoir mór le rá. Tá cáil uirthi mar go n-éiríonn léi an bonnsmideadh a dhéanamh lonrach i gcónaí. Gheobhaidh an té a leanfaidh na cleasa seo moladh ó dhaoine as áilleacht a gcraiceann seachas an mbonnsmideadh mar go mbeidh cuma nádúrtha air.

 

Na Malaí: https://www.youtube.com/watch?v=6nq_XAhcbyg

Desi Perkins ó Stáit Aontaithe Mheiriceá atá roghnaithe anseo agam mar go dtaispeánann sí roinnt bealaí difriúla leis na malaí a dhéanamh. Úsáideann sí branda ar leith táirgí sa bhfíseán seo ach is féidir aon bhranda a úsáid má leanann tú na cleasa céanna. Molaim féin táirgí do na malaí a dhéanann Benefit sa tír seo.

 

Donnú nó imlíniú: https://www.youtube.com/watch?v=-_dcGmkiGA8

An mainicín aitheanta Lily Aldridge agus a cara, an smideoir Carolina Gonzalez is fearr leis an gceird seo a mhúineadh i gceart. “Secret contour” a thugann siad ar an gceann seo agus cé go mbreathnaíonn sé go hálainn, nádúrtha, fós féin cuireann sé cruth agus struchtúr deas ar an smideadh.

 

Liopaí: https://www.youtube.com/watch?v=2b1FiEcO7RU

Seo físeán ó Snitchery le cabhrú le duine cuma níos líonta nó níos iomláine a chur ar a gcuid liopaí gan aon instealltaí a fháil. Deir sí sa bhfíseán seo go bhfuil na cleasa seo an-éasca agus nach mbeadh fadhb ar bith ag daoine nach bhfuil cleachtadh ar bith acu ar smideadh leas a bhaint astu.

 

Donnú bréige: https://www.youtube.com/watch?v=wBYQuTTSKgk

Bíonn Amanda Harrington, i mbun an donnaithe bréige do dhaoine cáiliúla Hollywood. Tá a branda féin de tháirgí aici anois agus cleasa beagáinín difriúil aici ó fhíseáin eile ar YouTube, ina measc, is scuab smididh a úsáideann sí chun an donnú bréige a chur ar dhaoine.

 

Gruaig: https://www.youtube.com/watch?v=mZD0qs_yK5A

Saineolaí ar chúram gruaige agus cnis í Susan Yara agus tugann sí léargas sa bhfíseán seo ar na táirgí is fear léi don ghruaig. Choinneoidh táirgí mar seo do chuid gruaige breá láidir agus sláintiúil ag am go bhfuil gruagairí na tíre dúnta agus an cúram ar fad fágtha fúinn féin.

 

Na hingnehttps://www.youtube.com/watch?v=jS1SCWktiSI

Úsáideann ‘Jaunty Juli’ uirlisí agus snasán deas chun ingne sláintiúla, láidre a chruthú. Físeán deas é seo dóibh siúd atá ag iarraidh lámh-mhaisiú pearsanta a dhéanamh ag tráth nach féidir dul chuig an salón.

Fág freagra ar 'Ocht bhfíseán le sainscileanna smididh a mhúineadh do gach duine'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Muna n-osclófar na gruaigairí go luath beidh mo cheann cosúil le caora giobalach, is cuma cé comh minic a dhéanaim í a cíoradh. Is ball den “big hair” brigade anois mé. Ochón.