Obair éigeandála struchtúrach á déanamh ar cheithre ghaelscoil

Tá scrúdú struchtúrach fós á dhéanamh ar dhá ghaelscoil eile agus tá Gaelscoil Eiscir Riada i Leamhcán i measc trí scoil a bhfuil socruithe déanta maidir le cóiríocht shealadach eile á aimsiú dóibh

Obair éigeandála struchtúrach á déanamh ar cheithre ghaelscoil

Tá obair éigeandála struchtúrach á déanamh ar cheithre ghaelscoil sula n-osclófar Dé Luain iad.

Is iad na scoileanna sin, atá i measc na scoileanna a thóg Western Buildings Systems agus a bhfuil amhras faoin tslí a tógadh iad,  ná Scoil Chaitlín Maude i dTamhlacht, Gaelscoil Átha Í i gCill Dara, Gaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin agus Gaelscoil Phort Laoise.

Is é atá i gceist leis an obair athchóirithe éigeandála ná claí a thógáil timpeall na bhfoirgneamh agus deiceáil chosanta a thógáil.

Tá Gaelscoil Phort Laoise ar cheann de thrí scoil ina mbeidh an t-urlár íochtair á oscailt iontu Dé Luain.

Tá claí cosanta curtha cheana féin timpeall ar Ghaelscoil Phort Laoise chun daltaí agus múinteoirí a choimeád slán sa chás go dtitfeadh aon chuid de na ballaí taobh amuigh.

Idir an dá linn, tá scrúdú struchtúrach fós á dhéanamh ar Ghaelscoil na gCloch Liath i gCill Mhantáin agus ar Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin i gCloich na Coillte i gCorcaigh agus tá Gaelscoil Eiscir Riada i Leamhcán i measc trí scoil a bhfuil socruithe déanta maidir le cóiríocht shealadach eile á aimsiú dóibh.

Tá cead ag Gaelscoil na Giúise agus Gaelscoil Shliabh Rua i mBaile Átha Cliath agus Gaelscoil Thulach na nÓg i nDún Búinne oscailt gan aon scrúdú nó obair athchóirithe eile a bheith déanta orthu.

Tá na Gaelscoileanna seo go léir i measc an 42 scoil, a thóg Western Building Systems, agus a raibh amhras fúthu i bhfianaise an scéala go raibh “ceisteanna suntasacha” ann faoina struchtúr.

Cuireadh tús le scrúdú na scoileanna a thóg Western Buildings Systems nuair a tháinig sé chun solais go raibh “ceisteanna suntasacha” ann faoi struchtúr Choláiste Pobail Ard Giolláin i mBaile Brigín i mBaile Átha Cliath.

Thug Western Building Systems le fios aréir nach raibh an comhlacht ar an eolas faoi cad ar a bhí cinntí na Roinne bunaithe, ach go raibh siad ag comhoibriú faoin scéal agus gur mhaith leo bualadh leis an Aire Oideachais Joe McHugh.

Dúirt lucht an chomhlachta tógála as Tír Eoghain gurbh amhlaidh go mbíodh cigireacht déanta ag an Roinn ar an obair ar na scoileanna go léir agus teastas eisithe ina dtaobh nuair a bhí an obair sin críochnaithe. Dúirt siad go ndúirt iar-aire oideachais gur tógadh na scoileanna ar na caighdeáin is airde ar fad ach gur léir anois go meastar go bhfuil gá le hobair athchóirithe a dhéanamh orthu.

 

Fág freagra ar 'Obair éigeandála struchtúrach á déanamh ar cheithre ghaelscoil'