Beidh 21 Féasta Sráide Gaelach á reáchtáil ag grúpaí Gaeilge i Lios Tuathail, Machaire Fíolta, Los Angeles agus in áiteanna eile ar fud na cruinne Dé Domhnaigh, an 10 Meitheamh.
Picnic sráide atá san Fhéasta Sráide ina dtógann muintir na háite bia leo le roinnt lena gcomharsana.
Reáchtáiltear Féastaí Sráide ar shráideanna, páirceanna, hallaí nó aon spás poiblí a bheadh fóirsteanach sa cheantar.
Dúirt Oifigeach Imeachtaí agus Forbartha Freastail Oireachtas na Gaeilge Majella Ní Chríocháin go raibh “ríméad” ar lucht an Oireachtais go bhfuil spéis léirithe ag an oiread sin grúpaí Féasta Sráide a reáchtáil ina gceantar féin.
“Is deis iontach é seo do ghrúpaí áitiúla agus pobail, do Ghaelscoileanna, do chomharchumainn Ghaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.
“Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an teaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa agus ar gach duine,” a dúirt Ní Chríocháin.
Dúirt sí gur “coincheap simplí atá ann atá dírithe ar chomharsana a thabhairt le chéile, cairdeas a spreagadh agus meanma an phobail a ardú.”
Seo thíos liosta de na háiteanna ina mbeidh Féasta Sráide á reáchtáil an Domhnach seo.
Baile | Contae | Am | Ionad | Eagraí |
---|---|---|---|---|
Ard Mhacha | Ard Mhacha | 12:30pm | An Phrióireacht, An Binn Bhorb | Cairde Teo. |
Sord | Baile Átha Cliath | 2pm | Páirc Cuimhneacháin Uí Laighléas, Bóthar an Inbhir | CLG Fine Ghallainn |
Rialto | Baile Átha Cliath | 12pm | 7 Glenmalure Villas, Rialto – Dé Domhnaigh 17 Meitheamh seachas 10 Meitheamh | Annie Ó Breachián |
Béal Feirste | Béal Feirste | 12pm | An Droichead, Sráid Chúic | An Droichead |
Muinchille | Cabhán | 1pm | Halton’s Lake, Bóthar Mhuineacháin | Gaeil Muinchuille |
Lios Tuathail | Ciarraí | 5pm | Christys The Well | Glór na nGael |
Baile na Croise, Machaire Fíolta | Doire | 2:30-6pm | An Mheitheal 82 Bóthar na Sé Bhailte | Glór na Spéiríní |
Machaire Rátha | Doire | 9-1pm | An Coire, 132a Br. Thír Chiana | An Carn |
Saintfield | An Dún | Le deimhniú | Nóta – Dé Domhnaigh 17 Meitheamh seachas 10 Meitheamh | CLG Carryduff |
Fánada | Dún na nGall | 3pm | Cnoc Glas, An Seanach Dubh | Gaeltacht Fhánada |
Gaoth Dobhair | Dún na nGall | 3pm | 3pm Amarchlann Ghaoth Dobhair | ComharchumannGhaoth Dobhair |
Dobhair | Dún na nGall | 6pm | Ionad Naomh Pádraig, Dobhar | Cumann na bhFiann |
Maigh Cuilinn | Gaillimh | 2-6pm | Teach Cóiste | Gaeilge Mhaigh Cuilinn |
Ros Muc | Gaillimh | 6pm | An Chrannóg | Cumann na bhFiann |
Dún Búinne | An Mhí | 3pm | Old Fair Green | Cumann Cónaitheoirí |
Ráth Chairn | An Mhí | 6pm | Ionad Pobail | Cumann na bhFiann |
Droim Rí | An Mhí | 6pm | Ionad Chumann na bhFiann | Cumann na bhFiann |
Oileán an Ghuail | Tír Eoghain | 4-6pm | Ionad an Pharóiste | Cairde Uí Néill |
Los Angeles | Meiriceá Thuaidh | 12-3:30pm | Irish Fair 6950 Marine Way, Irvine, CA 92618 | Conradh na Gaeilge, Los Angeles |
An Uaimh | An Mhí | 1-4pm | Nóta – Dé Domhnaigh 17 Meitheamh seachas 10 Meitheamh | Gaelscoil Éanna |
An Srath Bán | Tír Eoghan | 2:30-5:30 | 31 Gairdíní Inis Fraoigh / 31 Innisfree Gardens, BT82 8JD | Seán agus Ríonach Ó Daimhín |
Fág freagra ar 'Ó Lios Tuathail go Los Angeles – 21 Féasta Sráide Gaelach á reáchtáil ag grúpaí Gaeilge'