Ó Gribín le briseadh as a chúram mar bhall de Bhord an Fhorais

Den chéad uair ó bunaíodh an eagraíocht tá an chosúlacht ar an scéal go mbrisfear comhalta boird óna chúram

Ó Gribín le briseadh as a chúram mar bhall de Bhord an Fhorais

Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge ball den bhord a bhriseadh óna chúram. Tá iarratas foirmeálta déanta ag Cathaoirleach Feidhmeach na heagraíochta chuig an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas le go mbrisfí Éamonn Ó Gribín ón mbord.

Tá an tUas Ó Gribín ar fionraí faoi láthair ón mbord mar gur cuireadh ina leith go raibh ‘mí-iompar tromchúiseach’ ar bun aige agus go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith aige seo do ‘dhea-cháil’ an Fhorais. Baineann na líomhaintí, atá séanta ag an nGribíneach, le gearán a rinne fostaí de chuid Gaelscoileanna Teo ina leith. Mhol coiste osradhraic de chuid an Boird go gcuirfí ar fionraí é.

Shéan an tUas Ó Gribín na líomhaintí agus chuir Foras na Gaeilge fiosrúchán ar bun. Is léir go bhfuil deireadh leis an bpróiseas fiosrúcháin sin anois. An tseachtain seo chuir Marcus Mac Ruairí, atá ag feidhmiú mar Chathaoirleach Feidhmeach ar an mbord ó cailleadh Seosamh Mac Donncha i mBealtaine na bliana seo, in iúl don Uas Ó Gribín go raibh iarratas déanta ag an bhForas é a bhriseadh.

Sa litir sin dúirt an tUas Mac Ruairí: “Táim ag scríobh chugat le cur in iúl duit go bhfuil Bord Fhoras na Gaeilge i ndiaidh scríobh chuig an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ag moladh go gcuirfí a gcumhacht maidir le Comhaltaí Boird a scor i bhfeidhm i do chás. Leagtar an cumhacht seo amach go soiléir i gCód Iompair An Fhorais Teanga.”

Cé go bhfuil an Foras ag feidhmiú de réir an chóid cleachtais le hiarraidh ar an CATT é a scor ó bhallraíocht, ní léir go fóill cén cód cleachtais nó eile a thug cead fionraíochta don Fhoras fad is a bhí fiosrúchán ar siúl. Mar a tharlaíonn sé, níl ach roinnt seachtainí fágtha ag an Uas Ó Gribín ar an mbord sula mbeidh a théarma istigh ach beidh impleachtaí ag an gcinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar chomhaltaí boird eile.

D’fhéadfadh go gcuirfí baill bhoird ar fionraí amach anseo dá ndéanfaí fiosrúchán orthu mar thoradh ar ghearán a rinne tríú páirtí fúthu.

Chuir an Gribíneach go tréan in éadan an phróisis smachta a moladh mar thoradh ar na líomhaintí a rinne ball foirne de chuid Gaelscoileanna ina leith.

Tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna sé gearán foirmeálta faoin Uas Mac Ruairí chuig Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideach an Fhorais, Shane Ó hEidhin, roinnt seachtainí ó shin agus gur dúradh leis mar fhreagra go raibh na líomhaintí atá déanta aige nótáilte. Ach anois tá an fiosrúchán a deineadh faoi féin críochnaithe agus den chéad uair ó bunaíodh an eagraíocht tá an chosúlacht ar an scéal go mbrisfear comhalta boird óna chúram.

Fógraíodh inné go raibh Seán Ó Coinn, Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge, molta ag Bord an Fhorais le teacht i gcomharbacht ar Ferdie Mac an Fhailigh mar Phríomhfheidhmeannach na heagraíochta. Beidh briseadh Uí Ghribín ar an chéad chnámh spairne a bheas le sárú ag an eagraíocht faoi stiúir an Cheannasaí nua.

Idir an dá linn, leanann an éiginnteacht maidir le Cathaoirleach nua a cheapadh ar bhord an Fhorais. Tá an bord gan Chathaoirleach buan ó dheireadh mhí Bealtaine. Deir urlabhraí thar ceann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha Tuaithe agus Gaeltachta go gceaptar go mbeidh Cathaoirleach nua ceaptha roimh dheireadh na bliana. Níl aon mhíniú tugtha faoin gcúis atá leis an mhoill.