Ó DHÚCHAS: Sí Conradh na Gaeilge a dhúisigh go léir iad, Is a tharraingíos le chéile iad le aoibhneas is bród…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo foilsímid dán molta do Chonradh na Gaeilge a scríobh Micheál Breathnach as an Lochán Beag, múinteoir leis an gConradh agus an fear a thug a ainm do chlub CLG a cheantair dhúchais…

Ó DHÚCHAS: Sí Conradh na Gaeilge a dhúisigh go léir iad, Is a tharraingíos le chéile iad le aoibhneas is bród…

(I)

A Chonradh na Gaeilge, mo ghairm go héag thú!
Gan duairceas ‘s go séanmhar go raibh tusa choíche!
Fad ‘s mhaireas na tréanfhir tá againn in Éirinn
Is cinnte nach n-éagfaidh tú in Oileán na Saoi.
Na daoine breá Gaelach tá ag oibriú go tréanmhar
Na buachaillí feithmheach ‘s na cailíní gnaoi,
An seanóir lag lúbach ‘s gach duine le dúthracht –
Anois tá siad músclaithe le cumhachta ‘gus croí.


(II)

Bhí Éire go séanmhar in aimsir na Gaeltachta
I sean-Inis Éilge bhí súchas ‘s só;
Bhí daoine breá tréanmhar ag oibriú le laochras
Ag neartú na hÉireann gach oíche agus ló;
Bhí tréineacht ‘s croí ann, bhí buachaillí gnaoi ann,
Bhí sonas ‘s saoirse ann agus aoibhneas rímhór;
Fad is bhí acub Gaeilge, ‘s nár dearnadh a séanadh,
A ndealú ó chéile níor bhaolach go deo.


(III)

Ach tháinig an Béarla, ‘s do scaip sé go héasca,
‘S thar timpeall na hÉireann is léithmhar a sheol,
Do dhubhaigh na spéartha le scamall an Bhéarla,
‘S d’athraigh Sean-Éire ar shlí nach raibh cóir;
Do múchadh an Ghaeltacht i gcroíthe na gcéadta,
‘S fágadh go héag iad faoi dhubhshíon an cheo.

IV)

Bhí fíorshliocht na Féinne le blianta i ngéibheann
I sclábhaíocht ‘s i ngéarbhroid, gan aoibhneas ná só,
Faoi mhasla gach tréimhse ag Seóiníní an Bhéarla
Bhí creachadh na Gaeilge mhín aoibhne go deo.
Ó d’éirigh chomh héifeachtach ar fud Inis Éilge
Tonntracha an Bhéarla le fuinneamh ‘gus cóir
Do scuabadh na céadta le fána go léanmhar
‘S slogadh go héag iad sa sruth millteach mór.


(V)

Bhí Éire go fann lag, ‘s í fágtha go cráite
‘S a teanga mhín ársa faoi tharcaisne mhór!
Ní cleachtadh a béasa, ‘s a nósa ní déantaí
‘Gus a stair ní bhíodh léite céad faraor go deo!
Ach las Dia na spéartha agus cruinníodh na céadta
Do músclaíodh na Gaelaibh le cumhacht rímhór,
‘Gus Conradh na Gaeilge do chuir sí fréamha
Go daingean domhain éif’teach ‘na gcroíthe, mo bhród!


(VI)

Sí Conradh na Gaeilge a dhúisigh go léir iad,
Is a tharraingíos le chéile iad le aoibhneas ‘s bród;
Sí d’athraigh na daoine le gairid go cinnte,
‘S a bhródaigh le brí iad nach gcloisfear go deo!
An Glincín ‘s an Seóinín do ruaig sí thar teorainn
Do náirigh go mór iad ‘s bhasc iad ní baol;
Tá sí ‘nois go láidir, go bríomhar, ‘s go dána,
‘S ag oibriú go hálainn in Éirinn na Naomh.


(VII)

Mo ghrá-sa an Ghaeilge, sí ár dteanga féin í,
‘S labharfad go héag í amach ó mo chroí;
An Béarla ‘nois síos leis – ní theastaíonn ó dhaoine
Acht teanga a dtíre ‘tá aoibhinn ‘s gnaoi.
Teanga na Féinne ‘nois molaim-se féin í,
‘S gráód go héag í fad ‘s mhairfeas mé beo;
An Béarla ní mian liom, níl ann croí ná aoibhneas,
Ach teanga na tíre tá croíúil go deo.


– Micheál Breathnach (1881-1908) a chum an dán agus Nóra Bean Mhic an Iomaire, an múinteoir i Scoil Ghleann Mhic Mhuirinn i gCasla i gConamara, a scríobh síos é idir 1937 agus 1939.
Tá Mícheál Breathnach: Scríbhinní, i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus lascaine breá le fáil i sladmhargadh na Nollag faoi láthair.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Sí Conradh na Gaeilge a dhúisigh go léir iad, Is a tharraingíos le chéile iad le aoibhneas is bród…'