Ó DHÚCHAS: Sean-nós leis na céadta blianta na stáisiúin a bheith i ngach baile dhá uair sa mbliain

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá cur síos againn as Cor an Dola ar na stáisiúin sna tithe

Ó DHÚCHAS: Sean-nós leis na céadta blianta na stáisiúin a bheith i ngach baile dhá uair sa mbliain

Is sean-nós atá ag na daoine sa bhFairche seo leis na céadta blianta anuas na stáisiúin a bheith i ngach baile dhá uair sa mbliain, roimh an Aidbhint agus i rith an Charghais. Sé an fáth go mbíonn na stáisiúin ann le fáil amach an ndéanann na daoine faoistin na Cásca, agus le seans a thabhairt do na seandaoine nach bhfuil in ann dul go dtí an séipéal an Chomaoin Naofa a ghlacadh. Bíonn na stáisiúin i ngach teach i ndiaidh a chéile. Cúpla seachtain roimh na stáisiúin deireann an sagart ón altóir an lá a mbeidh sé i ngach baile. Réitíonn na daoine an tigh ansin, cuireann siad aol ar na ballaí, cuireann siad dathú ar na rudaí adhmaid agus gléasann siad an teach go deas. Glanann siad an teach sa gcaoi nár glanadh é leis na blianta roimhe sin. An lá roimh lá na stáisiún tagann na comharsana ag cuidiú leo, ag bácáil agus mar sin. Tugann siad im agus uibheacha go dtí an teach sin.

Ceannaíonn siad go leor builíní agus cáca mór ina mbíonn síolta caraway (cearbhais) le haghaidh an tsagairt. Maidin lae na stáisiún éiríonn na daoine go moch. Réitíonn siad an bord sa chistin le haghaidh an Aifrinn. Cuirtear dhá chathaoir fé chosa an bhoird mar bíonn sé ró-íseal. Fágtar dhá choinnleoir agus coinnle, crois, uisce coisricthe, salann, tuáille, agus scuaibín tuí leis an uisce coisricthe a chroitheadh ar na daoine. Tagann na mná isteach ins an teach go luath, fanann na fir amuigh ins an scioból. Cuirtear síos tine mhór mhóna sa chistin agus ceann eile sa bparlús. Nuair a thagann na sagairt téann bean agus fear an tí amach ag cur fáilte rompu. Tógann bean an tí a hataí uathu agus crochann sí suas iad. Téann ceann de na sagairt siar ins an bparlús ag éisteacht faoistin na ndaoine, fanann an sagart eile sa chistin ag éisteacht faoistine don chuid eile de na daoine. Ansin léann an sagart an tAifreann agus glacann na daoine an Chomaoin Naofa. Nuair atá an tAifreann léite bíonn seanmóir ghearr aige. Ansin íocann na daoine é, ’sé an t-ainm a thugtar air sin ná ‘an dualgas’. Glaonn sé amach na hainmneacha agus íocann fir na dtithe é.

Ansin itheann na sagairt a mbricfeasta sa bparlús. Téann na fir amach sa scioból, fanann na mná cois na tine. Téann bean an tí thart le cupán tae gan fochupán ar bith agus slisne beag aráin nó brioscaí leis an ocras a choinneáil uathu go dtí go mbeidh na sagairt réidh. Nuair a bhíonn na sagairt réidh imíonn siad agus itheann na mná a mbricfeasta sa bparlús. Tugann siad isteach na fir, tugann siad a mbricfeasta dóibh sa chistin. Cuirtear dhá bhord le chéile sa gcaoi go mbeadh go leor daoine in ann suí thart timpeall orthu. Téann na daoine abhaile ansin. Fadó d’fhanadh na daoine lena ndinnéar chomh maith lena mbricfeasta. Tugann siad cuireadh do na daoine óga teacht san oíche agus bíonn siamsa agus spórt acu ar feadh cúpla uair an chloig.

Nóra Ní Chuinneagáin, Bun an Tobair, Cor an Dola,  Co na Gaillimhe a fuair an t-eolas óna hathair Seán Ó Cuinneagáin

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Sean-nós leis na céadta blianta na stáisiúin a bheith i ngach baile dhá uair sa mbliain'