Ó DHÚCHAS: Ón lá san go dtí an lá inniu tugann muintir Chill Orglan onóir don phocán, Rí na nGabhar…

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá cuntas againn as Ciarraí ar Aonach an Phoic

Ó DHÚCHAS: Ón lá san go dtí an lá inniu tugann muintir Chill Orglan onóir don phocán, Rí na nGabhar…

Aonach mór tábhachtach dob ea Aonach an Phoic. Leanadh an t-aonach so i gCill Orglan ar feadh trí lá agus bíonn sé ann fós. Thugadh muintir Chill Orglan a lán onóra don phocán i rith na dtrí lá so mar deireadh na daoine nuair a bhí Cromail ag déanamh scrios ar fud na tíre go dtáinig sé fé dhéin Chill Orglan trasna na sléibhte. Bhí na gabhair go léir ar na cnoic agus nuair a chualadar fothram agus gleo na saighdiúirí ritheadar go léir fé dhéin Chill Orglan.

Nuair a chonaic muintir na sráide iad go léir ag teacht ar a ndícheall, d’éiríodar agus bhí a fhios acu gan mhoill cad a bhí ar siúl. D’ullmhaíodar iad féin. Tháinig na saighdiúirí agus nuair a thángadar bhí na daoine ullamh rompu. Fuair muintir Chill Orglan an lámh uachtair.

Ón lá san go dtí an lá inniu tugann muintir Chill Orglan onóir don phocán, Rí na nGabhar, ar an deichiú lá, an t-aonú lá déag agus an dara lá déag de Lúnasa.

Seo mar a dheinidís é. Thógaidís pocán mór agus chuiridís ceithre pholla ina seasamh in áit ar a dtugtar an chearnóg. Chuiridís cás in airde ar na pollaí sin ina gcuiridís an pocán. Dheinidís dhá urlár, ceann acu íseal agus ceann eile acu ard. Do théadh cailíní óga an bhaile ag rince ar an gcéad urlár ar lá an bhailithe agus lá an scaipthe. Do thagadh cóistí de thincéirí cúpla lá roimh an aonach i dtreo go mbíodh gach rud socraithe acu lá an aonaigh. Leanadh an t-aonach so ar aghaidh ar feadh trí lá.

Théadh na leanaí ann an lá deireanach mar ní bhíodh sé oiriúnach dóibh dul ann lá an aonaigh. Ní bhíodh aon aonach na gcapall eile ann ar feadh na bliana agus níl fós agus ar an gceann sin bhíodh na capaill ag rith síos suas an tsráid.

Is mór an spórt a bhíodh i gCill Orglan i rith na dtrí laethanta san. Bhíodh daoine feasa ann ag insint rudaí de dhaoine i dtaobh rudaí atá le teacht. Is breá bog a dheineadh na daoine sin airgead.

Chuireadh na fir siúil saghas ardán ar thaobh na sráide agus dhíoladh siad milseáin, fáinní, uaireadóirí, bábóga, bréagáin is a leithéid sin.

Tugtar an lá bailithe ar an gcéad lá agus is é seo an lá a chuirtí an pocán sa chás agus bhailíodh na daoine ó gach cúinne den chontae isteach go Cill Orglan an tráthnóna sin. Gheobhadh buachaillí óga an bhaile capaill agus iad gléasta go deas. Chuirtí an pocán sa chás agus do thugaidís cabáiste a dhóthain dó ach níor mhaith leis é sin. B’fhearr leis a bheith saor agus é ag ithe an fhéir i measc na sléibhte. Do chuirtí rudaí ar nós ribíní agus éadaí de gach cineál ina thimpeall chun an cás do mhaisiú.

Tráthnóna ar an chéad lá a bhíodh na capaill á ndíol agus á gceannach. Do thagadh ceannaitheoirí agus díoltóirí ó gach áit sa Mhumhain chun capaill mhóra láidre áille d’fheiscint, do cheannach agus do dhíol. Is maith an rud é sin mar nuair a thagadh na daoine chaithidís a lán airgid ins na siopaí chun bia do cheannach dóibh féin.

An lá scaipthe thógtaí an pocán anuas agus shiúlaidís tríd an mbaile agus an pocán sa charráiste agus buachaill beag ar a mhuin agus gleo an domhain ann ag na daoine óga ag cantan ceoil, ag rince agus ag rince agus ag rith anseo agus ansiúd.

Bríd Ní hAirtnéid a fuair an t-eolas seo ó Sheán D. Ó hAirtnéid (44), An Leathfhearann, Cill Orglan, Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ón lá san go dtí an lá inniu tugann muintir Chill Orglan onóir don phocán, Rí na nGabhar…'