Ó DHÚCHAS: Níl oiread Béarla i Mín na Croise agus a chuirfeas Prince Charley ina shuí…

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá scéal againn faoi chuairt a thug an Giolla Mear, an Prionsa Stíobhardach Charley go Mín na Croise

Ó DHÚCHAS: Níl oiread Béarla i Mín na Croise agus a chuirfeas Prince Charley ina shuí…

Tá corradh le dhá chéad go leith bliain ó shin nuair a bhí an Prionsa Séarlas nó Prince Charley ar a sheachnódh fríd pharóiste Glinne, chuaigh sé isteach iarraidh amháin sna sléibhte, agus chuaigh sé isteach i dteach a d’iarraidh lóistín. Ins an am sin ní raibh focal Béarla i Mín na Croise agus bhí sé iontach acu aon fhocal Béarla a chluinstean.

Chuaigh an Prionsa seo isteach i dteach agus d’iarr sé lóistín. Agus cá bith mar a bhí siad thuig siad gur lóistín a bhí a dhíth air.

Nuair a rinneadh réidh cineál inteacht suipéir dó, thug bean an tí léi agus rinne sí sráideog dó agus chuir sí síos chun an tseomra í. Bhí lán an tí istigh ag cuartaíocht, mar bhíos i gcónaí fríd na dtithe, agus nuair a fuair sí  an tsráideog cóirithe, tháinig sí aníos as an tseomra agus bhí seisean ina shuí thuas ina an choirnéal agus labhair sí leis: “Bed, bed, a dhuine uasail,” arsa sise, “chóirigh mise sleep duit!”. Ní raibh a fhios aige goidé a bhí sí a rá ach thuig sé as agus chuaigh sé síos.

Nuair a fuair sise thíos é, tháinig sí aníos. “Tá sé ina luí anois,” arsa sise, “agus níl oiread Béarla i Mín na Croise agus a chuirfeas ina shuí é.”

– Seán Ó hEochaidh a bhailigh an scéal ó Phádraic Mac Seághain i nGleann Cholm Cille i 1935

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Níl oiread Béarla i Mín na Croise agus a chuirfeas Prince Charley ina shuí…'