Is é Riobárd Bheldon an príomhfhile a bhí inár gceantar aon uair. Do rugadh agus tógadh Riobárd Bheldon i gleann aoibhinn na Machan trí mhíle ónár scoil i gCúil na hEorna sa bhliain 1837. Tá Gleann na Machan i bParóiste Chill Rosanta ag bhun Shléibhte an Chomaraigh i gcontae Phort Láirge. ‘File an Chomaraigh’ a tugadh mar ainm ar Riobárd Bheldon.
File ó dhúchas ceart dob ea é. Do bhí a shinsir roimhe ina bhfilí. Bhíodh fáilte roimhe ag gach feis agus ar gach aonach ar fud na nDéise. Fuair sé an bonn óir ag an Oireachtas mar gheall ar dhán breá a chuir sé isteach. Tá a chuid dánta agus a chuid amhrán scaipthe ar fud na nDéise.
Fear oibre dob ea Riobárd Bheldon. Bhíodh sé ag obair sa mhuileann i Machan ag gearradh adhmaid. Bhí áit chónaithe aige i gclós an mhuilinn. Ní raibh sé lá dá shaol ar scoil ach chaith sé a bheatha ag tuilleamh a pháigh. Níor chuir sé síos ar pháipéar focal dá chuid dánta riamh. Bhí an fhilíocht aige ina dhúchas.
Seo iad na hamhráin a cheap Riobárd Bheldon: Teanga na nGaedheal, Múscail a Bhamba, A Stuaire an Chúil Bhúclaigh, A Chumann is a Stór, Fáilte go Com Machan, An Bhean Rocaidé, Máire Ní Mheachair, Caoineadh ar an Athair Risteard Paor agus An Bháirseach.
Cheap sé an t-amhrán ‘Caoineadh ar an Athair Risteard Paor’ san mbliain 1900 nuair a fuair an tAthair Risteard Paor bás ag Fora Liath i bParóiste na bhFíd. Cois Abhann na Machan a rugadh agus a tógadh an sagart. Bhí sé ina Shagart paróiste i Sasana agus fuair sé bás fad a bhí sé ar a laethanta saoire ina bhaile dúchais i 1900.
Nuair a bhí Dochtúir Ó Ícheadha agus an Dochtúir de Hendebre ag cur craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun i bParóiste an Chomaraigh sa mbliain 1898 chuir Riobárd fáilte rompu agus cheap sé an dán, ‘Sé do beatha Chugainn thar Caladh’. San bhliain chéanna chuir sé ar triall ar Fheis na Mumhan an dán breá álainn ‘Múscail a Bhanba’, agus rug sé leis an chéad duais. Fuair sé bás cois na Machan, a bhaile dúchais sa bhliain 1900 agus cuireadh i Reilg Chill Rosanta é.
Is é Donncadh Ruadh Mac Conmara an file eile a bhí inár gceantar. Rugadh é sa Chreatalach i gCo. an Chláir. Bhí sé ag múineadh scoile ag Sliabh gCua, leathshlí idir Dún Garbháin agus Cluain Meala. Bhí sé ag múineadh ar feadh tamaill i gCoill Mhic Thomáisín. Chaith sé formhór a shaoil sna Déise i ndúthaigh Phaorach idir Sléibhte an Chomaraigh agus Carraig na Siúire.
Tá cuntas ag na daoine go dtagadh Donncadh ar cuairt go minic i dtigh mhuintír Uí Chathasaigh i Móin Mionáin (timpeall dhá míle ónár scoil) leathshlí idir Cill Mhic Thomáisín agus Carraig na Siúire. An fhad a bhíodh sé ann bhíodh sé ag scríobh seanmóirí agus dánta. Do scríobh sé dánta ins an nGaeilge agus ins an Laidin.
Seo iad na hamhráin a cheap Donncadh Ruadh:- “Eachtra” an dán is faide do scriobh Donnchadh.‘Bánchnoic Éireann Óigh’– do scríobh sé an t-amhrán breá seo nuair a bhí sé san bhFrainc. Bhí a chroí lán den uaigneas. ‘An tAthair Seán Ó Cathasaigh’– Scríobh sé an dán seo fad a bhí sé ag fanacht i dtigh Mhuintir Uí Chathasaigh i Móin Mionáin. ‘Achainí Dhonnchadha Ruaidh’.
Do bhi Donnchadh gan radharc ar feadh cúig bliana sula bhfuair sé bás. Cuireadh i Reilig an Bhaile Nua lámh le Coill Mhic Thomáisín é agus gan fiú leac os cionn a uaighe (idir 1810 agus 1820).
Eibhlín Ní Chuilleanáin, Ros, Co Phort Láirge a fuair an cuntas seo ó Philib Ó Cuilleanáin (45)
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Fuair sé an bonn óir ag an Oireachtas mar gheall ar dhán breá a chuir sé isteach agus tá a chuid dánta scaipthe ar fud na nDéise…'